Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Sainspéise specific interest
" Faoin gcóras atá á mholadh anseo, bheadh ar gach vótóir clarú le toghlach Sainspéise i gcomhair thoghchán an tSeanaid.
sainréimsí eolais specific areas of knowledge
" Bunaíonn sé fochoistí chun déileáil le liostaí téarmaíochta i sainréimsí eolais.
shainiúla specific
" Tá obair mhór déanta ar dhearadh ábhair d'fhoghlaimeoirí fásta agus tá ceithre chúrsa shainiúla ag an Aonad faoin am seo.
shaineiseamláir specific example
" Tá sé i gceist againn Cultúrlann a bhunú i lár chathair Dhoire a bheas mar Lárionad Teanga, Ealaíon, Cultúr agus Gnó agus a bheas mar shaineiseamláir do ghníomhaithe Gaeilge fud fad an oileáin.
sainriachtanais specific needs
" Aonad taighde a bheith bunaithe a bheas dírithe ar na sainriachtanais atá ag pobal labhartha na Gaeilge.
ag dul sa tóir ar eolas faoi leith looking for specific information
" Ní bhíonn muid ag brabhsáil ar an idirlíon a thuilleadh ach ag dul sa tóir ar eolas faoi leith – agus tá an cur chuige sin ag scaipeadh go dtí ár ríomhairí féin agus gach saghas gléas leictreonach.
ag dul sa tóir ar eolas faoi leith looking for specific information
" Ní bhíonn muid ag brabhsáil ar an idirlíon a thuilleadh ach ag dul sa tóir ar eolas faoi leith – agus tá an cur chuige sin ag scaipeadh go dtí ár ríomhairí féin agus gach saghas gléas leictreonach.
ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí acting on behalf of specific groups
" Ar mhaith an rud é páirtithe faoi leith a bheith ann i Meiriceá ag gníomhú thar ceann sainghrúpaí? Arbh fhearr páirtithe a bheith ann don chine gorm, d'fheirmeoirí, do na boicht, do lucht an tuaiscirt agus lucht an deiscirt? B'fhéidir nárbh fhearr, agus gur féidir leat ionadaíocht a aimsiú sa dá pháirtí atá ann cheana féin.
Ba é an tréimhse ab fhaide a bhí sé ar láthair chogaíochta faoi leith the longest period that he was in a specific conflict zone
" Ba é an tréimhse ab fhaide a bhí sé ar láthair chogaíochta faoi leith ná na blianta a chaith sé i mBéal Feirste, 1971 go 1978, agus tuairisciú á déanamh aige ar na Trioblóidí mar iriseoir de chuid RTÉ i dtosach, agus ní ba dhéanaí mar fhostaí de chuid an *Observer* agus NBC.
foráil ar leith specific provision
"foráil ar leith leagtha síos maidir leis an téarma oifige – bíonn fad an téarma “*at her majesty’s pleasure*”, mar a deirtear sa Bhéarla – ach de ghnáth tréimhse cúig bliana a bhíonn i gceist.
faoi imthosca ar leith, in specific circumstances
" Tugann na cumhachtaí seo rogha dó, faoi imthosca ar leith, gan glacadh le comhairle an rialtais.
foireann ar leith, a specific team
" " Maítear ansin go neamhbhalbh: "*Racial harassment is a hate crime*" agus tá sé ráite ar an suíomh go bhfuil foireann ar leith, ar a dtugtar Sigma, curtha ar bun le fuathchoireanna a fhiosrú agus go bhfuil oifigeach speisialta i ngach ceantar le dul i ngleic leo.
chruinn specific
" * An Cur i gCoinne ====== Cháin an tAire Inimirce cúil, Scott Morrison, Rudd de bharr nach raibh aon dúnghaois chruinn aige i dtaca le daonra na tíre.
sainchreidimh specific religions
" Tá Críostaithe na Siria, lena n-áirítear na sainchreidimh Chríostaí is sine ar domhan, i gcruachás ceart, iad gafa idir fhórsaí an fhreasúra agus arm na Siria.
Tagann cumhacht focail ar leith power of specific words
" Tagann cumhacht focail ar leith as achoimriú ealaíonta.
níl tréimhse fionraíochta shonrach luaite there’s no specific suspension mentioned
" Is cosúil nach bhfuil an cineál gnímh atá curtha i leith imreoir Átha Cliath luaite go sonrach sna rialacha (ba dheacair gach cineál drochghníomh a shonrú is dóigh) agus dá bhrí sin níl tréimhse fionraíochta shonrach luaite.
cé chomh sainiúil how specific
" An ann do Hiberno-English a thuilleadh, áfach, agus más amhlaidh atá, cé chomh sainiúil is atá sé go háirithe faoi anáil thonn tuile an chultúir dhomhanda? Agus an fíor go fóill focail Joyce? "*The language in which we are speaking is his before it is mine.
cheantar geografach sainiúil a specific geographic area
" Imríonn an fheiceálacht teanga tionchar ar an mbaint a bhíos ag beartas teanga ar an bpobal, agus ar an gcaoi a gcuirtear an beartas sin in iúl i measc na sluaite daoine taobh istigh de cheantar geografach sainiúil.
fás teicneolaíocht ar leith a specific growth of technology
" Is minic nach féidir fás teicneolaíocht ar leith a shamhlú ag a tús.