Deirtear gur shíolraigh achan loscann atá in Éirinn anois ó ghlóthach fhroig a chaith fear darbh ainm an Dochtúir Gwithers isteach i ndíoga ag Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath thart fán bhliain 1690.
Lourdes, mo thóin! Fatima, mo thóin! Cnoc Mhuire, mo thóin! Dia go deo leis na seanlaethanta nuair nach
gcuireadh múinteoirí na hÉireann spéis ag an am seo den bhliain ach sna crosóga Bhríde agus sa Charghas; sna plúiríní sneachta agus sa ghlóthach fhroig; sa tuiseal ginideach agus sa mhodh coinníollach; agus in aoibhneas síoraí na n-anamacha sa Phurgadóir.
bhruachbhailte sceite an éadóchaissuburbs which spawn hopelessness
Go deimhin, is i Ríocht ceart na nAinmhithe atáimid, agus sí Janine ‘Smurf’ Cody an leon baineann is cumhachtaí agus is contúirtí díobh uile ar sirtheoireacht sa domhan thíos – an domhan as riocht fá bhun bhruachbhailte sceite an éadóchais.
Bíonn an fireannach ag grágaíl chun an bhaineannach a mhealladh i mí Eanáir, sa taobh ó dheas, ach beidh sé roinnt seachtainí nó mí eile sula dtosóidh Romeo agus Juliet in íochtar Thír Chonaill go fóill! Béarfaidh an bhaineannach suas go 4000 ubh.