Cheap sí go raibh grástúlacht ag baint lena chuid gníomhartha - ag tógaint an fhriochtáin amach, ag briseadh na n-uibheacha agus ag oscailt an channa pónairí.
Tá Fronta Pan-Aontachtach ag cruinniú nirt agus tá siad ag díriú a n-airde ar an arm is contúirtí in armlón na sceimhlitheoirí: an Ghaeilge!
Tá feachtas leanúnach ar siúl ag an pháipéar aontachtach ó thuaidh, *The News Letter*, in éadan acht Gaeilge don tuaisceart agus tá gach dream gur féidir smaoineamh orthu sásta caitheamh anuas ar na pleananna atá ann cearta Gaeilgeoirí a chosaint trí reachtaíocht inmheánach.
seinnt ag an bhFéile Pan-Cheilteachto play at the Pan-Celtic Festival
Bhí cuireadh faighte aige seinnt ag an bhFéile Pan-Cheilteach i nDún na nGall agus i gClub an Chonartha, agus d’úsáid sé an turas le saoire bheag a ghlacadh i dteannta a mhná áille, Gwen.
Táthar ag súil, mar sin, nach bhfuil sa teannas reatha idir an dá thír ach gal soip, agus go gcothófar caidreamh taidhleoireachta dearfach arís idir an Astráil agus an tír mhór chumhachtach seo sa chomharsain againn.
Ach cuirtear neart comhairle orm i gcónaí agus tugtar treoracha faoin mbealach is fearr leis an táirge a réiteach don oigheann nó don fhriochtán, faoin am is faoin méid teasa is gá a thabhairt dó agus cad iad na glasraí nó cén fíon a fheilfeas leis.
D’iarr sé orthu corcáin is friochtáin agus uirlisí cistine eile a thabhairt leo, béiceach agus oiread torainn a dhéanamh agus a bhféadfaidís d’fhonn scaoileadh lena racht ar an gcaoi sin.
Ar íorónaí an tsaoil é, Ramsay Macdonald agus Páirtí an Lucht Oibre a bhí i gceannas sa Bhreatain, ach Aontachtaithe Uladh a bhí i réimeas ó thuaidh ach sna tríochaidí ní raibh san aontas trasphobail sin ach splanc.
Bhí ardmheas le fada an lá ag na Briotánaigh ar a gcuid ceoil, ón kan ar diskan (canadh agus freagra) cosúil le hagallamh beirte ach i bhfoirm amhráin, gan trácht ar an bhféile idircheilteach i Lorient chuile bhliain, áit a mbíonn an biniou (píobaí Briotánacha) agus an bombarde (feadóg) le cloisteáil i measc uirlisí ceoil na dtíortha ceilteacha eile.
Cuireadh féasta de rogha gach ceoil agus togha gach rince, cainteanna, comórtais, mórshiúl ildaite il-Cheilteach ar fáil do phobal na cathrach agus do na mílte cuairteoir, ‘Ceiltigh’ agus ‘neamh-Cheiltigh’, a bhí i láthair i rith na seachtaine agus neart ceoil is craic is cuideachta i gClub na Féile agus sna tithe ósta ina dhiaidh sin.