Ach seo atá molta:
2009 Annus horribilis na Gaeilge: Deireadh le Roinn rialtais faoi leith do chúrsaí Gaeltachta agus gearradh 196 ball dá fhoireann; Údarás na Gaeltachta le briseadh ina ghiotaí agus a chúraimí le scaipeadh
soir siar; deireadh le ceann de na tionscail is dúchasaí agus is rathúla sa Ghaeltacht, is é sin, na Coláistí Samhraidh; gan aon ionadaíocht faoi leith ag an Ghaeltacht nó ag an Ghaeilge ag bord an Rialtais; deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge agus leis an Scéim Tithíochta Gaeltachta; deireadh leis an eagraíocht a bhí ag dul i ngleic le riachtanais Ghaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.