Nach é sin a deirtear? Ach cé a mhúnlaíonn an tuairimíocht choiteann?
Nach mbeadh díospóireacht phoiblí níos fearr againn dá mbeadh ainmneacha na “n-imreoirí” ar eolas ag cách? Nach mbeadh cur agus cúiteamh i bhfad níos macánta agus níos cuimsithí againn dá bharr? Dá mbeadh gach éinne “
sofheicthe” nach ndéanfadh sé cúrsaí i bhfad níos sibhialta ná mar atá i láthair na huaire? An fearr leis an bhformhór againn a bheith ag ag plé le “fíordhaoine” agus le féiniúlacht sho-aitheanta leanúnach nó an é go bhfuil an mheatacht go forleathan inár measc i gcónaí?
Chomh Sean leis na Cnoic
==============
Ní rud nua é an cur i gcéill agus an chleasaíocht seo i dtaobh cúrsaí ionannais agus ainmneacha ar ndóigh.