Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fliuch go craiceann soaked to the skin
" Bhí muintir na háite ar fad ag iarraidh mé a tharraingt isteach ón mbáisteach, ach bhí mé chomh fliuch sin gur chuma liom! Faoin am a shroich mé an teach, bhí mé fliuch go craiceann, agus ba bheag nach raibh flip flop caillte agam san abhainn a bhí in áit an bhóthair! Chuala mé screadanna agus gáire, agus ansin os mo chomhair bhí na páistí ar fad amuigh sa bháisteach ag léim timpeall agus ag rince! Bíonn orthu uisce a bhailiú gach lá agus, mar sin, bhí siad chun leas a bhaint as an deis seo agus chuir siad buicéid amach chun an t-uisce a bhailiú.
fliuch báite. soaked
" Bhí clúdach leathair ar an déantán agus é fliuch báite.
fliuch báite soaked
" Ba é sprioc an taighde ar tugadh faoi ná meastachán a dhéanamh maidir le cé chomh minic is a bhíonn duine fliuch báite má théann sé chun a oifige gach lá ar rothar.
ar maos sa ghrian soaked in sun
" D’fhág mé an bháisteach agus an easpa gréine i mo dhiaidh in Éirinn agus mé ar maos sa ghrian i ndeisceart na Fraince.
Shúamar we soaked
" Shúamar áilleacht na láithreach isteach, gona sléibhte, crainnte, bláthana fiáine agus dathanna spleodracha an tsamhraidh.
báite go craiceann soaked to the skin
" Ní raibh ach dhá pholl eile le cur sa chárta ach bhí aistear fada romhainn go fóill agus muid báite go craiceann.
na tíortha ar maos le the countries soaked in
" An easpa Críostaíochta agus spioradáltachta atá go forleathan san Iarthar – na tíortha ar maos le pornagrafaíocht, caimiléireacht stáit, mímhacántacht agus leatrom leanúnach á dhéanamh ar mhná agus ar pháistí - is fearr dóibh fanacht mar atá siad san iargúil, fiú más bochtaineacht, aineolas agus sceon atá mar thoradh air.
maothaítear (one) is soaked
" Imshruthlaítear, nó maothaítear, an duine sa cheol ag pointe éigin san fholcadh fuaime.