Tá sé ráite ag Mandate, an ceardchumann ina bhfuil go leor de na hoibrithe seo, go maraíonn an caitheamh fulangach suas 150 ball dá gcuid ball gach bliain.
De réir saineolaithe ailse sa Roy Castle Lung Cancer Foundation i Learpholl, gheobhaidh 17 % de na freastalaithe i dtithe tábhairne na Breataine ailse scamhóg trí chaitheamh fulangach.
"Is fearr crith maith ná droch-chasacht!" a mhaíonn fear na súile nimhe agus é ag caint ar an rud a chuireann an fonn seo air: An Caitheamh!
Ní An Caitheamh anuas ná An Caitheamh aníos atá i gceist agam anseo; ná An Caitheamh amach ná An Caitheamh suas.
"Is contúirtí go mór bheith ag caitheamh siar piontaí agus gloiní uisce beatha ná bheith ag caiteamh todóg ná toitíní ná fiú an phíopa," a mhíníonn Balor an Fealsamh.
De réir staidéir a rinne SFL, faigheann 900 duine bás i Learpholl gach bliain mar gheall ar chaitheamh tobac, agus tugann caitheamh fulangach bás 105 duine eile.
Tá na tábhairneoirí ag maíomh go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcuairteoirí agus á chur seo síos don chosc ar chaitheamh tobac san áit oibre a cuireadh i bhfeidhm i mí an Mhárta i mbliana.
Taighde ar chaitheamh fulangach
=======
Thug Maurice Mulcahy léacht don UK Environmental Health Officers Conference in Bournmouth anuraidh agus chuir sé i láthair an t-eolas a fuair sé ón taighde a rinne sé ar chaitheamh fulangach.
Feachtas
=======
Tá Simon Kelly gníomhach san fheachtas ASH (Action on Smoking and Health) a bhunaigh an Royal College of Physicians i 1971 leis an lucht caite tobac a spreagadh le héirí as an nós agus sláinte daoine eile a chosaint ó chaitheamh fulangach.
Déanann an caitheamh tobac dall thúsmoking makes you blind
D'iarr an Dr Kelly ar Rialtas Shasana an fógra “Déanann an caitheamh tobac dall thú” a chur ar bhoscaí toitíní, ach mhaígh siad nach dtiocfadh leo é sin a dhéanamh gan comhaontú a bheith ann leis na rialtais eile sa Chomhphobal Eorpach.
Ba é an cosc ar chaitheamh tobac in áiteanna poiblí an chéad bhuille, cé nach raibh an tionchar diúltach aige is a bhí á thuar ag na tábhairneoirí ag an am.
In ainneoin go bhfuiltear ag maíomh go gcaillfear na mílte post má chuirtear an cosc ar thobac sna tithe tábhairne agus sna bialanana i bhfeidhm i gceann ceithre mhí, tá sé tábhachtach go dtarlódh sé seo, ar mhaithe le sláinte na phobail.
Tá lucht thionscal an tobac ag cur go láidir i gcoinne moltaí sa nGearmáin cosc a chur ar an tobac i dtithe tábhairne agus i mbialanna, mar a mhíníonn Christoph Wendler.