Bhí rudaí éagsúla i gceist sa naimhdeas seo, ó chaitheamh achasán go maslaí ciníocha, go hionsaithe fíochmhara poiblí ar na sráideanna agus dúnmharú, fiú.
Ar cheann de na meirgí atá crochta ag lucht na hagóide, fógraítear: “Ná Tugaigí Aithis Dá Ainm!” Tá beirt iomám ina seasamh ar thaobh an bhóthair agus iad ag amharc ar na hagóideoirí ag dul thar bráid.