Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
leathshúil singular eye
" Bhí a leathshúil ar oscailt go teann le faitíos roimh an fhís fhíochmhar a nochtadh dó nuair a bhí a shúil druidte: Éire mar a bheidh i gcionn cúig bliana! Éire i samhradh na bliana 2014! Míle bliain i ndiaidh Chath Chluain Tairbh beidh Éire faoi ionsaí arís, más fíor d’fhís Bhaloir.
aontumha singular, celibate
" Grá go hÉag Is cinnte go raibh grá ag Michelangelo do Tommasso ach is grá geanmaí, aontumha a bhí ann.
aonair singular
" Bhí sé i ndiaidh a shúil aonair nimhe a oscailt ag am a bhí leagtha síos fána choinne sin.
sainiúil singular
" html> Lucht Coimeádta na mBronntanas ================= An rud sainiúil faoi (People Love Presents)(http://www.
aonárach singular
" Teanga ar Leith ======= In ainneoin na bhfocal nua-aimseartha ón choigríoch, is teanga aonárach í an tSeapáinis.
go huaigneach a singular
" Sháigh mé crúb sa dara póca agus d’aimsigh bonn 500 florin go huaigneach thíos ann.
an íogaireacht mhórálta shainiúil seo this singular moral sensitivity
" Blas ar an nGontacht ======== Cá bhfuair an fear seo an fhéinmhuinín agus an íogaireacht mhórálta shainiúil seo? Cé go raibh an-chosúlachtaí idir Lincoln féin agus na daoine neamhoilte a phlódaigh prós tuaithe William Carleton in Éirinn roimis Chogadh na gCarad, d’éirigh leis an bhfear ait ó Springfield Illinois ceol ar leith a bhaint as an mBéarla le linn a shaoil.
Ní féidir doineann ar leith no singular type of bad weather
" Ní féidir doineann ar leith a chur síos don athrú aeráide, ach chuir an spéirling Sandy, a bhuail Oir-Thuaisceart na Stát Aontaithe le gairid, daoine ag smaoineamh ar an fhíor-dhrochaimsir, atá, de réir cosúlachta, ag tarlú níos minice ná cheana.
an fheidhm shainiúil sin amháin that singular application
" Dá bhféadfaí a léiriú do bhreithimh an tslí ina gcuireann dlí nó reacht isteach ortsa amháin, is féidir leo an fheidhm shainiúil sin amháin den reacht a thoirmeasc.
in ann cóipeanna aonair a chlóbhualadh able to print singular copies
" Leis an teicneolaíocht chlódóireachta atá anois ann (leithéide Mag Cloud a chuireann Hewlett Packard ar fáil) tá tú in ann cóipeanna aonair a chlóbhualadh ar chaighdeán ard agus ar chostas íseal, rud nach bhféadfaí a dhéanamh dornán blianta ó shin.
a gcumas aonarach their singular ability
" Níos tábhachtaí ná a gcumas aonarach áfach, tá tuiscint agus comhimirt eatarthu nach mbíonn le feiceáil ach go hannamh ar na saolta seo a bhuíochas sin don fhealsúnacht peile atá á cur chun cinn ag an lucht bainistíochta.
cuma aonarach scartha a lone and singular appearance
"cuma aonarach scartha orthu agus, ainneoin go bhfuil blas den bhoithéimeachas ag baint leis an radharc, amharcann an triúr acu rud beag dúdóite.