Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhartha signal
" Faoi láthair, cé gur stáisiún áitiúil é Raidió na Life, tá an comhartha le fáil go láidir chomh fada ó thuaidh le Béal Feirste agus chomh fada siar le Béal Átha na Sluaighe.
chóras comhartaíochta ar na hiarnróid rail signalling system
" Bhí polaiteoirí sinsearacha na tíre os comhair binse fiosraithe maidir leis an gconradh don chóras comhartaíochta ar na hiarnróid.
comhartha signal
" Ligeann an gléas seo comhartha amach má bhíonn sé faoin sneachta tar éis maidhme sneachta, nó timpiste de chineál ar bith, agus mar sin bíonn sé i bhfad níos fusa daoine a aimsiú.
chomharthaí láimhe hand signals
" Sa deireadh, tosnaím ar chomharthaí láimhe agus ar fhuaimeanna aisteacha a dhéanamh - 'tósta', 'tóstú', etc.
comharthaí signals
" Baineadh roinnt de na fóin sin de na hiriseoirí ag tús an chogaidh toisc go raibh eagla ar arm Mheiriceá go bhféadfadh arm na hIaráice na comharthaí a bhí ag teacht uathu a úsáid chun láthair an iriseora a aimsiú agus a ionsaí.
córais a chraolann comharthaí speisialta systems which broadcast special signals
" Is féidir é sin a fheabhsú go dtí 3 mhéadar, ag baint úsáide as córais a chraolann comharthaí speisialta ón talamh a cheartaíonn an t-asléamh.
comharthaí signals
" Is féidir na comharthaí sin a chloisint go minic nuair a chuireann siad isteach ar challairí atá cóngarach don ghuthán.
ón gcomhartha raidió from the radio signal
" Níl gá ag na clibeanna le cadhnraí toisc go bhfaigheann siad a gcuid cumhachta ón gcomhartha raidió a chraolann na léitheoirí atá á gceistiú, rud a thugann buntáiste mór dóibh i gcomparáid le teicneolaíochtaí eile atá bunaithe ar ghutháin shoghluaiste.
comhartha signal
" Cuireadh bileoga abhaile le daltaí scoile ar fud dheisceart Chonamara ionas go mbeadh a fhios ag a dtuismitheoirí conas teacht ar an gcomhartha teilifíse, a bhí ag teacht ó bharr Chnoc Mordáin.
gcomhartha craolta broadcast signal
" Beidh muid ag díriú chomh maith ar an gcomhartha craolta a láidriú mar go bhfuil áiteacha i mBaile Átha Cliath nach bhfuil an comhartha chomh soiléir is ba chóir dó bheith.
comhartha lag weak signal
" Bíonn fadhbanna teicniúla leis an tarchuradóir, rud a chiallaíonn go mbíonncomhartha lag i gceantair áirithe sa chathair.
an comhartha a ghlacadh, to receive the signal,
" Tá a fhios againn le fada go bhfuil an-suim ag na hArabaigh in LFC; bíonn gach cluiche beo ar stáisiúin teilifíse Arabacha agus sin an t-aon dóigh amháin a mbíonn roinnt mhaith de chosmhuintir na háite ábalta na *Reds* a fheiceáil gach seachtain – éiríonn le go leor tithe tábhairne sa chathair an comhartha a ghlacadh, ag úsáid cártaí satailíte “neamhoifigiúla”.
dáileadh chomharthaí craolacháin digiteacha. the distribution of digital broadcasting signals.
" Is ar an Roinn Cumarsáide, Mara, agus Acmhainní Nádúrtha atá an fhreagracht maidir le polasaí na hÉireann a dhréachtú i dtaca le dáileadh chomharthaí craolacháin digiteacha.
comhartha láidir strong sing, signal
" Ach is comhartha láidir é toradh an vóta seo maidir leis an dóigh ina bhfuil ag éirí le páirtí, agus tugann an vóta móiminteam don bhuaiteoir agus é ag tabhairt aghaidhe ar na cácais a bheas ag teacht chun cinn i stáit eile go gairid ina dhiaidh sin.
comhartha a signal
" Má thugann tú comhartha agus a ghabháil isteach sa lána deas le casadh ar dheis, cuireann sin corraí orthu.
ag tabhairt leide sending a signal
" Céasadh Ar ndóigh, i gcomparáid le rudaí eile a bhí ag déanamh scime do mhuintir Mheiriceá, ba rud sách beag é dúnadh na carcrach, ach ba léir go raibh Obama ag tabhairt leide.
comharthú signalling
" Ag fanacht agus ag comharthú le casadh ar dheis a bhí mé, gan aon bhosca tearmaplaisteach a bheith marcáilte ar an bhóthar.
gotháil signaling, gesticulation
" Go díreach, caidé an difríocht idir comhartha agus geáitsíocht nó gotháil? Uaireanta tchífear daoine a bhfuil éisteacht acu ag déanamh geáitsíochta atá an-chosúil le comhartha.
comhartha signal
" Ní raibh muid sásta le cruinniú áfach, bhí muid ag iarraidh siúl síos Kilburn High Road go Westminster le tacaíocht a thaispeáint don fheisire nuathofa agus chuaigh an focal thart chun a bheith réidh le comhartha.
chomhartha signal
" (Cuirfear deireadh leis an chomhartha analógach atá ar obair ag RTÉ, TG4 agus TV3 i mí Dheireadh Fómhair 2012 agus mura gcuireann tú córas satailíte nó digiteach in áit na teilifíse atá agat faoi láthair, ní bheidh aon phictiúr agat!) “An dara rud, ó tharla go bhfuil muid ag bogadh go dtí córas digiteach teilifíse, beidh nasc indéanta idir an teilifís agus leathanbhanda ar fud na tíre, agus an tríú rud, beidh tionchar aige sin ar na nuachtáin agus tá an trí rud sin ceangailte ina chéile,” arsa Collins.
Chomharthódh a leithéid such a thing/change would signal
" Chomharthódh a leithéid go bhfuil cúltaca ag muintir na Gaeltachta, ar leic an dorais acu i nGalltacht na hÉireann.
comharthaí láimhe hand signals
" Más múinteoir TEFL thú, is maith an rud é má tá bua na haisteoireachta agat – bheadh sé ina chúnamh mór duit! Chomh maith leis sin, úsáideann tú íomhánna, comharthaí láimhe agus foinse ar bith eile atá ar fáil chun do theachtaireacht a chur in iúl do na daltaí.