níos trombhríche
more significant
Bímis ag faire go géar ar an réaladh seo mar is fíric
níos trombhríche ná an GNP í.
céatadáin shuntasacha
significant percentages
Tháinig
céatadáin shuntasacha amach i dtoghcháin uachtaránachta 2000 agus 2004.
gearradh siar suntasach
a significant cutting back
Tá
gearradh siar suntasach ar an réimse leabhar Gaeilge atá i siopa leabhar Easons ar Shráid Uí Chonaill, cuir i gcás, agus is truamhéalach an scéal é ina lán siopaí eile, Waterstones agus mar sin de.
bearna shuntasach
significant gap
Ach tá
bearna shuntasach eatarthu anois agus tá an bhearna ag méadú de shíor.
suntasach
significant
Comórtas
suntasach is ea Tennessee, áit a bhfuil cúrsaí cine mar cheann de mhórcheisteanna an fheachtais.
suntasach
significant
Agus tá sé
suntasach gur muidne, an triúr ag deireadh an áil, a d’fhan sa tír, a bhí ábalta fanacht sa tír.
borradh suntasach
significant growth
Tá
borradh suntasach tagtha ar na meáin Ghaeilge, idir mheáin fhíse agus mheáin chlóite, le 30 bliain anuas.
céatadán suntasach
a significant percentage
Tá
céatadán suntasach de thuismitheoirí na tíre tar éis cinneadh a dhéanamh a gcuid páistí a chur chuig gaelscoil.
méadú suntasach
a significant increase
Tá
méadú suntasach ag teacht ar líon na n-ionad taispeántais agus ealaíon ar fud na tíre agus tá fás agus forbairt le feiceáil sna healaíona lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.
suntasach
significant
Tá sé
suntasach mar sin go bhfuil comhartha ceiste leis an teideal.
sciar suntasach
a significant share
Agus sin á dhéanamh acu, ámh, tá na hiarrthóirí ag dul sa seans nach gcaillfidh siad
sciar suntasach de vótóirí dílseacha an pháirtí atá ar son an chogaidh go fóill.
athrú suntasach
significant change
In oifig Tom Sherlock, bainisteoir an bhanna ceoil Altan, a bhíos nuair a dúirt sé liom gur cheap sé go raibh
athrú suntasach i ndiaidh teacht ar gach ní i dtionscal an cheoil.
athruithe suntasacha
significant changes
Tá
athruithe suntasacha tagtha ar an atmaisféar sna staideanna cruicéid ó thosaigh mé ag freastal ar na comórtais thrialacha abhus níos mó ná tríocha bliain ó shin.
tallann shuntasach
significant talent
Is cinnte go bhfuil
tallann shuntasach ag baint leis an fhear ciúin cúthail seo Shaun Greenhalgh, agus b'fhéidir i ndeireadh na dála nár cuireadh tús leis an tionscal ar mhaithe leis an airgead.
ciorruithe suntasacha a dhéanamh
to make significant cutbacks
Chiallódh sé sin go mbeadh orthu
ciorruithe suntasacha a dhéanamh ar chaiteachas poiblí nó breis cánach a ghearradh ar oibrithe.
athrú suntasach
significant change
Thar aon ní eile, tá
athrú suntasach tagtha faoi stádas na mban sa rialtas nua.
is díol suntais é
a big deal, very significant
Dá bhrí sin,
is díol suntais é go bhfuil Penny Wong ina haire sa rialtas náisiúnta.
Athruithe Suntasacha
significant changes
Athruithe SuntasachaCáipéis théagartha is ea Conradh Liospóin, a dhéanfaidh
Athruithe Suntasacha ar chumhachtaí agus ar mhodh oibre chóras polaitiúil an AE.
éacht suntasach
significant achievement
In ainneoin nach raibh go leor cumhachta sna hinnill leis an eitleán a thabhairt chomh fada leis an rúidbhealach, d’éirigh leis na píolótaí teacht slán as an mbaol –
éacht suntasach a bhfuil British Airways an-bhródúil as.
go bhfaigheadh sé coimisiún suntasach
that he would get a significant commission
Bhí sé soiléir
go bhfaigheadh sé coimisiún suntasach dá n-éireodh leis an t-árasán seo a dhíol, ach tionóntán a bhí ann.
Aiste shuntasach
significant essay
Aiste shuntasach is ea í mar go ndéantar plé suimiúil inti, ní hamháin ar an nGaeilge, ach ar an dóigh ar tháinig athrú íde-eolaíoch ar an Stát sna caogaidí nuair a thángthas ar an tuiscint go raibh teipthe ar fhís de Valera – is é sin, go raibh teipthe ar nóisean na hathbheochana agus ar an gcaomhnaitheacht.
méadú suntasach
significant increase
Is oth linn an t-ardú seo, ach ó bhí an t-ardú deireanach praghais ann trí
bliana ó shin, tá
méadú suntasach tagtha ar chostais reáchtála an nuachtáin.
duine sonrach
significant person
Is dóigh liom chomh maith gur cheart go mbeadh comhfhreagraí polaitíochta ag nuachtán náisiúnta agus braithim gur locht mór ar *Lá Nua* gan
duine sonrach mar sin a bheith ag scríobh go laethúil faoi chúrsaí an Oireachtais agus an Fheidhmeannais.
rudaí suntasacha
significant things
Tagann conspóid chun cinn go minic agus
rudaí suntasacha mar seo ar siúl – go háirithe más é an eachtra atá i gceist ná go bhfuil post tábhachtach tugtha do bhean den chéad uair.
dul chun cinn suntasach
significant development
**Reabhlóid**
Tá
dul chun cinn suntasach déanta le dornán blianta anuas ó thaobh theagasc na Gaeilge de agus tá ranganna á gcur ar fáil go forleathan.
cosúlachtaí suntasacha
significant similarities
Deir sé go bhfuil
cosúlachtaí suntasacha idir na hÉireannaigh agus na Maoraigh mar gur imríodh cos ar bolg orthu le cúpla céad bliain anuas agus gur seo an téama lárnach a bhí sa tionscadal.
obair shuntasach
significant work
Aisteach go leor, tá
obair shuntasach ag dul ar aghaidh anseo i Learpholl leis na bláthanna fiáine a chaomhnú ó bhí 1997 ann.
dul chun cinn suntasach
significant improvement
Tá
dul chun cinn suntasach déanta le blianta beaga anuas de bharr na reachtaíochta comhionannais in Éirinn agus an Bille um Pháirtíocht Shibhialta.
cúnamh suntasach
significant help
Saga*, maíonn Boutros-Ghali gur éirigh le rialtas Clinton – le
cúnamh suntasach ón mBreatain – cosc a chur ar na Náisiúin Aontaithe maidir le fórsa éifeachtach síocháiníochta a chur chun na tíre.
suirbhé suntasach
significant survey
(Paragraf 5)
Ghlac níos mó ná 2,800 dalta ó ocht meánscoil éagsúla – idir scoileanna poiblí agus chinn táille – páirt sa
suirbhé suntasach seo.
ba dhíol suntais í an tsraith dheireanach cheolchoirmeacha
the latest series of concerts were very significant
Tagann Scullion le chéile gach cúpla bliain, ach
ba dhíol suntais í an tsraith dheireanach cheolchoirmeacha i gCorcaigh mar gur eagraíodh í le ceiliúradh a dhéanamh ar an mbanna a bheith tríocha bliain ar an bhfód.
is suntasaí
most significant
An rud
is suntasaí faoi leabhar Biddy Jenkinson ná an chaoi a dtéann sí i ngleic le cúrsaí inscne.
is suntasaí
most significant
Is é an rud
is suntasaí faoin fhear uasal seo ná an greann iontach a bhaineann leis, agus tá an greann céanna le feiceáil sa leabhar fosta.
áit shuntasach
significant place
Suite thíos i ndeisceart na hIndia, ar chósta na Mara Arabaí, is
áit shuntasach agus speisialta é Kerala – ó thaobh chultúr na ndaoine agus ó thaobh an tírdhreacha de.
cultúr láidir suntasach
strong significant culture
**
Ach ina ainneoin sin, tá
cultúr láidir suntasach dá gcuid féin ag muintir Kerala agus is éard is mó a léiríonn brí agus fuinneamh an traidisiúin chultúrtha sin ná Kathakali.
éacht suntasach
significant achievement
Ba
éacht suntasach dúinne é sin mar nach ndearnadh craoladh seachtrach ó bhí Rónán Ó Dubhthaigh ina bhainisteoir ar an tseirbhís sna blianta tosaigh.
Bhí an dara ciall ní ba shuntasaí,
the second meaning was more significant
Bhí an dara ciall ní ba shuntasaí, ámh: tús áite don tuath.
sciar suntasach
significant share
Tá *Lá Nua* le moladh as rogha de léitheoireacht shainiúil a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus tá an baol ann go mbeidh
sciar suntasach de Ghaeil an Tuaiscirt balbh gan é.
An rud ba shuntasaí faoin bhean seo
the most significant thing about this woman
An rud ba shuntasaí faoin bhean seo ná gur shuigh sí síos um thráthnóna agus labhair sí leis na hoilithrigh.
Ní beag iad
they're significant
Ní beag iad na hathruithe atá ar siúl san India.
suntasach
significant
Maidir le cúrsaí oideachais, is ceart fáiltiú roimh an mbéim láidir a leagtar ar nasc a chruthú idir múineadh na Gaeilge ar scoil agus a húsáid lasmuigh den scoil; is inmholta an moladh go soláthrófaí páirt-tumadh sa Ghaeilge do gach dalta sa bhunscoil (má oiltear na múinteoirí chuige sin); dul chun cinn
suntasach is ea an moladh go gcuirfí fiche faoin gcéad d’áiteanna ar leataobh sna coláistí oideachais do mhic léinn a fuair a gcuid oideachais trí Ghaeilge; agus beidh tábhacht leis an Ionad Náisiúnta d’Fhorbairt Ghairmiúil Múinteoirí Gaeilge atá beartaithe.
thrombhríocha
significant
Thiocfadh an córas seo le haidhm an CLG mar atá foilsithe go minic ag urlabhraithe na heagraíochta: go mbeadh dhá chluiche craoibhe
thrombhríocha ar a laghad ag gach contae le linn biaiste an tsamhraidh
gníomh suntasach
a significant act
Tá sé ráite ag cuid mhór daoine go mb’fhéidir gurb é seo an seans deiridh a bheas againn
gníomh suntasach a dhéanamh leis an Ghaeltacht a tharrtháil mar phobal ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha in uachtar.
feabhas suntasach
a significant improvement
Tá
feabhas suntasach tagtha ar iomaíochas na tíre toisc go bhfuil an ráta boilscithe an-íseal le dhá bhliain anuas.
ní beag sin mar oidhreacht
that’s a significant heritage
Agus
ní beag sin mar oidhreacht.
tionchar suntasach
a significant influence
Sa tuarascáil sin ag a mbeadh
tionchar suntasach, ní hamháin ar an réigiún ach ar an domhan go léir, mhol na húdair faoi stiúir Richard Perle go bhféadfadh an stát Giúdach a thimpeallacht straitéiseach a mhúnlú, i gcomhar leis an Tuirc agus an Iordáin, *“by weakening, containing, and even rolling back Syria.
Rud nach minic, ná nach beag
something unusual and significant
Rud nach minic, ná nach beag.
na hathruithe suntasacha
significant changes
Déanann sé anailís anois ar
na hathruithe suntasacha atá beartaithe ag Foras na Gaeilge do na meáin chlóite Ghaeilge.