Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na hainmhithe ollásacha seo these magnificent animals
" Is féidir suí ar an gceann tíre agus na hainmhithe ollásacha seo a fheiceáil amuigh san aigéan, agus cuireann comhlachtaí áitiúla turais bháid ar fáil chun iad a fheiceáil amuigh san uisce.
cóiriú den scoth a magnificent arrangement
" Ní amháin go gcanann sí amhráin de chuid macasamhail Billie Holiday, Bessie Smith agus Jacques Brel, a bhfuil dúil mhór agam iontu chomh maith, ach tá stór amhrán úr aici de chuid cumadóirí na tíre seo, agus lena chois sin uilig, bíonn léiritheoireacht agus cóiriú den scoth déanta ar na hamhráin.
galánta magnificent
" Baile galánta Viana ina bhfuil daonra de 3,500 duine agus tar éis siúl thar Eaglais Santa Maria ón 13ú aois agus an príomhchearnóg Plaza de los Fueras, áit a bhfuil Halla na Cathrach, foirgneamh galánta ar a bhfuil mionléiriúcháin snoite ar a aghaidh, bhain mé an teach lóistín amach.
galánta magnificent
" Níl a dhath galánta anseo (bainim úsáid as ‘galánta’ anseo, ní sa tslí a bhaineann Conallaigh úsáid as, ach ‘ardnósach’.
ar fheabhas magnificent
" Sri Lanka in am amháin, bhí sé ar fheabhas ar fad.
galánta magnificent
" Bhí sé galánta, bhí na hamhráin acu agus bhí dúil acu sa cheol agus sa chraic agus sa chuideachta agus tá cairde déanta agam i dToraigh agus tá cuimhne agam ar an chéad lá i dToraigh go fóill.
ar dóigh magnificent
" Má tá tú ag éisteacht le hAthmhaidin nó leis na cláracha nuachta, bíonn gairmiúlacht ar dóigh ann, insna craoltóirí, insna láithreoirí.
tsárshraith magnificent series
" Athcraoladh an tsárshraith raidió 'Glórtha ón Gorta' le Cathal Póirtéir (1997) an mhí seo caite, mí na Samhna, agus chuir na guthanna agus na scéaltaí a chuala mé ar an chlár, an leabhar *'Irish, Catholic and Scouse, The History of the Liverpool Irish 1800-1939*' le John Belcham (Ollscoil Learphoill, 2007) i gcuimhne dom.
maorga magnificent
" Ba mhór an mhaise ar Halla an Bhaile an crann Nollag maorga agus na soilse niamhracha taobh amuigh, ach ba dheise fós an taobh istigh leis an staighre marmair agus na coinnleoirí craobhacha agus na pictiúir a bhí ar crochadh ar na ballaí.
thar na bearta magnificent
" Neamhaird ar Scoth na nImreoirí === Murab ionann is Veron, tá Zanetti fós ag imirt ag an leibhéal is airde agus níl a shéanadh air ach gur thug sé cinnireacht thar na bearta le linn séasúr fada strócánta Inter agus iad sa tóir ar thrí chorn mhóra a bhreith leo.
Galánta magnificent
" Is é sin, tá an dá ráiteas ag Hanafin ag teacht salach ar a chéile Fiáin agus Galánta ======== Is cúis imni dom go mbeidh an rialtas ag caitheamh dhá milliún €uro ar ‘fhorbairt’ sa bhreis san áit fhiáin, ghalánta seo.
ollásach magnificent
" Idir an dá linn is léir go bhfuil ar mhuintir thuaisceart na hAstráile glacadh leis an tuiscint go bhfuil an t-ainmhí ollásach creathnach seo ina chónaí sna huiscebhealaí go díreach in aice láimhe leo.
B’aoibhinn it was magnificent
" Féach Corn na hEorpa 1978, LFC in aghaidh Club Brugge KV: 40 pingin ar an chlár agus £6 ar an ticéad! B’aoibhinn a bheith beo an t-am sin! Ach anois £40 atá an cead isteach, má atá tú in innimh ticéad a fháil a chor ar bith! Gnó Móide Gnéithe Eile ========== Club áitiúil a bhí ann 40 bliana ó shin, do dhaoine nach raibh saibhir ach a raibh paisean ina gcroí faoin sacar.
maorga magnificent
" Is é an gainéad an t-éan is ansa liom ansin - tá sé an-mhór, an-deartha is maorga agus tá sé go hiontach é a fheiceáil ag tolgadh anuas ó airde an aeir síos díreach ingearach ag 90 céim isteach san fharraige le hiasc a cheapadh faoin fharraige.
ceannlíne iontach magnificent headline
" Ach ba sa News Letter a léigh mé an ceannlíne iontach "'No history re-write,' pledges Robinson".
tithe galánta meánaicmeacha magnificent middle class houses
" Biseach ar Bith ====== Is beag buntáiste a fuair na ceantracha is boichte i limistéir ina bhfuil tithe galánta meánaicmeacha, árasáin arda de chaighdean an-íseal agus dúichí tithíochta beo bocht.
radharcanna galánta magnificent views
" Is breá liom na radharcanna galánta de na Beanna Boirche i bhfad uaim nó de thuaisceart Aontroma sa treo eile, nó de Bheann Mhadagáin, tírdhreach a cruthaíodh “sula dtáinig blianta nó laetha chun an tsaoil as broinn chian cheoch na haimsire,” mar a scríobh Séamus Mac Grianna faoi Ghaeltacht Thír Chonaill in An Druma Mór.
beanna mórthaibhseacha the magnificent peaks
" Tá amharc ón ionad ar thír mór a shíneann ó Rinn Ros Eoghain sa taobh thuaidh go dtí beanna mórthaibhseacha Shliabh a Liag sna taobhanna theas agus thoir theas.
Sléibhte maorga magnificent mountains
" ’S í do chanúint leathan a nochtann gur coimhthíoch saonta thú go dtáinig tú ó thaobh eile na farraige is nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na hÉireann ’S é do cheannaghaidh neamh-Áiseach a nochtann fiú gan focal amháin a rá go bhfuil tú gan dabht i do waiguoren* ’s nach bhfuil eolas ar bith agat ar nósanna na Síne Sléibhte maorga atá i do thimpeall Cuireann na carraigeacha crochta iontas ort Tá tú sáite i nglaise na bpáirceanna is na bhfánaí Is ar do shuaimhneas atá tú ansin Agus tú i measc na ndaoine ag canadh is ag caint is ag ól Sa teach leanna beoga i nGleann Nó ag rince in éineacht le comharsana Sa tsráid bhríomhar i Yangshuo Beidh lúcháir an chomhluadair chroíúil ort Ní i do waiguoren a bheidh tú níos mó Mo rabhadh duit, a chara Uair amháin agus tusa san áit Tiocfaidh draíocht ort i ngan fhios duit is beidh sé do do mhealladh go deo!
dhá chuaille thaibhseacha lasta two magnificent columns lit
" Tá tuama Liam Flannbhuí le feiceáil sa tsaothar seo in ascaill, cláiríní breac-chearnógacha ar an urlár agus dhá chuaille thaibhseacha lasta le solas geal lonrach ar an dá thaobh.
an mbeadh a leath den saothar taibhseach lonrach if half of the magnificent resplendent works
" Thug siad éarlamhacht go fial d’ealaiontóirí ar nós Masaccio, Brunelleschi, Donatello, Fra Angelico, Botticelli chomh maith le Leonardo da Vinci agus Michelangelo agus gan an tacaíocht sin, cá bhfios an mbeadh a leath den saothar taibhseach lonrach a d’fhág na healaíontóirí sin ina ndiaidh le feiceáil inniu againn.
i dteannta sárthaispeántas along with the magnificent performance
" Is bónas breise é lúbra na polaitíochta i dteannta sárthaispeántas an triúir réaltaí.
faoin rogha iontach about the magnificent choice
" ’ Ach de réir a chéile, scaip an scéala faoin rogha iontach sléibhte sa Spáinn: idir na Piréiní agus Na Sléibhte Cantabracha i dtuaisceart na tíre, Sierra del Gata agus de Gredos sa lár, agus sa deisceart na Sierra Morena, Sierra Nevada agus Valencia.
sárthaispéantas a chruthú bunaithe ar na healaíona maisiúla to create a magnificent exhibition based on the fine arts
" Bunaíodh an Biennale i 1895 le deis a thabhairt do thíortha an domhain sárthaispéantas a chruthú bunaithe ar na healaíona maisiúla agus inniu tugann an Biennale ardán do shaothar nua-aimseartha a chuimsíonn achan chineál bhlais agus dearcaidh.
ina shuí i gcafé galánta sitting in a magnificent cafe
" Agus é ina shuí i gcafé galánta i lár na Víne ag léamh os ard ón leabhar is tábhachtaí dar chum Herzl in 1895, Der Judenstaat, nocht Schama a chuid fealsúnachta pearsanta.
i sárshaothar in the magnificent piece of work
" Tuigim anois gur beag rud is fearr is féidir a dhéanamh go luath maidin Domhnaigh ná féachaint ar Henry Fonda is Victor Mature mar Wyatt Earp is Doc Holliday i sárshaothar John Ford My Darling Clementine (1946).
in áit an fhoirgnimh úir ghalánta as distinct from the magnificent new building
" Tugann sí moladh mór don scolaíocht a fuair sí i mbunscoil Phobal Feirste, an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge sna Sé Chontae, is é sin na seanbhotháin in áit an fhoirgnimh úir ghalánta atá anois ann.
lárionad galánta nua a thógáil to build a new magnificent centre
" Deich mbliana ó shin bhí plean uaillmhianach aige lárionad galánta nua a thógáil don choláiste.
uaireadóir póca den chéad scoth a magnificent watch
" Ní heol domsa ar duais an duine a bhí ann, ach is eol dom gur uaireadóir póca den chéad scoth a bhí sa duais sin.
an bhfeabhas iontach seo this magnificent improvement
" Cad is cúis leis an bhfeabhas iontach seo ar stádas ghalfairí na hÉireann le seacht mbliana anuas? Creidim go bhfuil tosca éagsúla i gceist agus ina measc sin tá an t-ardú ar chaighdeán maireachtála an ghnáthdhuine le caoga bliain anuas a chuir ar a chumas galf a imirt ar chostas réasúnta seachas mar a bhíodh – cluiche an uasaicme (dlíodóirí, dochtúirí, ardstátseirbhísigh is araile) a bhí sa ghalf ar feadh i bhfad.