Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fógra mór ar bharr pubaill: a big sign on top of a tent:
" ’ “Ní raibh mé i bhfad san áit seo nuair a chonaic mé fógra mór ar bharr pubaill: '*Seo Puball na Gaeilge – Fáilte Roimh Phuball na Gaeilge chuig Puball na Gaeilge!'* Anonn liom gur casadh dom Meiriceánaigh ag díol foclóirí Béarla – Gaeilge, Meicsicigh ag díol foclóirí Gaeilge – Béarla agus ceolfhoireann bheag as Texas ag seinm cheol na Briotáine agus na hAlban.
ar chomharthaí bóthair on road signs
" Ar ndóigh bhí na húdaráis ag rá nach raibh bac ar bith ar an phobal ‘Dingle’ a úsáid dá mba mhian leo ach nach mbeadh ach an leagan Gaeilge á úsáid ar chomharthaí bóthair na Comhairle Contae, ar léarscáileanna móra de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis agus in achtanna Oireachtais.
ar chomhartha on a sign
" “*Failt erriu dys Mannin”* (Fáilte romhat go Manainn) a bhí scríofa ar chomhartha agus mé ag teacht i dtír.
comharthaí sóirt signs (are on it)
" Agus tá na comharthaí sóirt ar fad ann go bhfuil an dea-shéasúr tagtha.
A shliocht orthu signs on them
" A shliocht orthu, tá rath ar a gcóras siadsan thall ó shin.
a shliocht air signs on it
" Tá an galar ag sileadh isteach chuig an damhsa ar an sean-nós agus a shliocht air, beidh an halla lán go buimbéal arís ag Oireachtas na Gaeilge amach sa bhliain.
ar chomharthaí dátheangacha on bilingual signs
" Go mbeidh cothrom na Féinne faighte againn don Ghaeilge ar chomharthaí dátheangacha.
aon fhógra orthu any sign on them
" Cé go bhfuil a lán bóithríní agus cosáin faoin tuaith, idir na sráidbhailte agus feirmeacha, ní bhíonn aon fhógra orthu de ghnáth, a chur in eol duit go bhfuil siad ann, nó cá dtéann siad.
rian na haimsire ar a craicinn signs of weathering on its surface
" Bhí sí romham arís, mullach bán uirthi mar a bheadh ar sheanóir ar bith agus rian na haimsire ar a craicinn, í ina seasamh go ciúin scéalach san áit ar cuireadh i dtalamh í míle go leith bliain ó shin.
fógraí crochta le taobh an bhealaigh signs on the roadside
" Chonaic mé fógraí crochta le taobh an bhealaigh anseo in aghaidh an domhainscoilteadh nó an *fracking*.
a shliocht air signs on it, hence
" Níl aon easpa bia ar an Astrálach agus a shliocht air, a deir Bearnaí Ó Doibhlin, tá $56 billiún á chaitheamh i réimsí leighis in aghaidh na bliana mar gheall ar an ngrá áirithe sin, grá na hailpe.