Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dian severe
" Is iad na cúisitheoirí a dhéanann an cinneadh cé ba cheart a chúiseamh, cad iad na coireanna ar cheart iad a chúiseamh astu agus cé chomh dian is ba cheart don phionós a bheith.
níos déine more severe
" Éagórach ======= An rud a chuir olc ar go leor do lucht tacaíochta an stáisiúin ná go raibh an chuma ar an scéal go raibh na ciorruithe a bhí á ndéanamh ar RnaG níos déine ná mar a bhí ar a deirfiúracha in RTÉ, Radio 1 agus 2FM.
tinneas léanmhar análaithe severe respiratory ailment
" Maraíonn maidhmeanna sléibhe agus pléascanna mianadóirí ar an toirt ó am go chéile, agus tá go leor eile a mharaíonn galar na scamhóige duibhe, tinneas léanmhar análaithe a thagann ar dhaoine ó bheith ag sú isteach deannach guail.
an namhaid is géire the most severe enemy
" Ba é, agus is é go fóill, Sammy Wilson an namhaid is géire atá ag Sinn Féin i Halla Chathair Bhéal Feirste.
ródhian too severe
" "Mheas mé go raibh an sceanairt seo ró-ionrach, ródhian, ach ag an Nollaig anuraidh d'fhreastail mé ar Weight Watchers arís, agus chuir mé suas meáchan," a deir sí.
dlíthe diana severe laws
" "Tá teorainn maidir leis na háiteanna a dtig leo dul, tá dlíthe diana ina n-éadan taobh amuigh den Tearmann, táthar i gcónaí á gcuartú agus á gciapadh," arsa Gearóid.
nimhneach severe
" Bhí sé nimhneach go leor fosta ag caint faoi na pátrúin, ag rá go raibh Charles Saatchi agus an Tate Modern ag díriú isteach ar "an lowest common denominator" agus go raibh an chontúirt ann go mbeadh drochthionchar aige sin ar fhorbairt na healaíne.
dian severe, strict
" Caithfidh tú a bheith ag aisteoireacht agus tú ag múinteoireacht agus, dá bhrí sin, tá sé dian - ach tá sé suimiúil, ar a laghad.
níos déine more severe
" Faoi láthair in Éirinn, tá na dlíthe níos déine ar dhaoine a chaitheann tobac i dteach tábhairne nó i mbialann ná mar atá siad orthu siúd atá ag díol na ndrugaí.
dian severe
" Tuigim gur beart iontach dian a bheadh anseo agus gurb iad na hothair féin a bheadh thíos leis.
ródhian too severe
" Dúradh freisin go raibh an pionós ródhian d’fhear óg a raibh seans maith go bhféadfaí é a chur ar bhealach a leasa.
Ródhian too severe
" Ródhian? B’fhéidir, ach tógfaidh sé smachtbhannaí an-dian ag an tús chun leas fadtéarmach an chumainn a dhéanamh.
níos fíochmhaire agus níos géire more fierce and more severe
" Tá an córas caipitleach níos fíochmhaire agus níos géire ná mar a bhí sé riamh.
ghéaraigh ar na dlíthe the laws were made more severe
" Le dul i ngleic leis an bhfadhb seo, ghéaraigh ar na dlíthe a bhaineann le lucht iarrtha tearmainn.
chrua severe
" Cáinaisnéis chrua, ag dul sa treo ceart, ach caithfear saoránaigh a chosaint ar an €80/90 billiún d’airgead nimhe na mBancannaí.
bearta diana severe measures
" Ní bheadh sé ciniciúil mar sin buille faoi thuairim a thabhairt go ndearna an tSín áibhéil ar nasc a bheith idir Gluaiseacht Ioslamach na Turcastáine Thoir agus Al Qaeda le go mbeadh údar acu bearta diana a chur i bhfeidhm i gcoinne scarúnaithe Uígireacha.
dian severe
" “Oh wad some power the giftie gie us To see oursel's as others see us!” - Robert Burns Breithiúnas dian go leor atá tugtha ag an treoirleabhar taistil is mó ráchairt ar domhain faoin a bhfuil ar fáil don turasóir sa tír seo anois le hais mar a bhíodh dornán blianta ó shin.
sceanairte severe cuts
" Deir *Paddy Power* gur rogha mhór na coitiantachta é agus nach mbeidh siad ag díol aon chorrlach ar a bhua dá bharr! Deireadh Fómhair 2008: An tAire Airgeadais, George Lee Fógraíonn George Lee clár sceanairte de cháinaisnéis.
fhíochmhar severe
" Bíonn sé ag réabadh thart ó cheann ceann na páirce, tugann sé ugach d’imreoirí a bhíonn in ísle brí agus tugann sé íde béil fhíochmhar d’imreoirí nach mbíonn ag déanamh a gcuid ar son na foirne, saighdeann sé imreoirí níos réchúisí chun gnímh agus cuireann sé ’chuile mhónóg allais dá bhfuil ann ar son na cúise.
géara severe
" Tá fiacha ollmhóra – príobháideach agus poiblí – ag brú go trom ar an Bhreatain agus tuigtear anois go mbeidh ar an rialtas nua Coimeádach-Liobrálach ciorraithe géara a ghearradh ar an tír.
ciorruithe géara severe cutbacks
" Ní mór dúinn ciorruithe géara a chur i bhfeidhm, breis cánach a ghearradh and tuairisc ráithiúil a sholáthar d’ár n-iasachtóirí go bhfuil an toradh ceart ar ár gcuid iarrachtaí sula n-íocfar an t-airgead linn.
róchrua too severe
" Bhí ceamara teilifise de chuid ITN ann, agus ní raibh na póilíní róchrua ar dtús nuair a thosaigh siad ag bogadh na léirsitheoirí den bhóthar.
ródhian too severe
" “Nílim a rá go raibh aon mhí-iompar i gceist ag RTÉ ar chor ar bith, ach tá sé soiléir gur cheap cuid de na comhlachtaí go raibh na coinníollacha a leag RTÉ síos ródhian dóibh,” ar sé.
coinníollacha diana severe conditions
" Bhí ar rialtas na Gréige cabhair a ghlacadh ón CIA – is é sin, ón IMF - agus ón AE agus tá coinníollacha diana ag baint leis an chabhair úd.
fíoreaspa a severe lack
" Ná Déan Dada Faoi Dhriopás =============== Ach bhí an iomarca fuinnimh agam, agus leis an luas imníoch sin, bhuail taom fíoreaspa ocsaigín mé.
cuing throm na tíorántachta díobh the severe yoke of tyranny
" Pé bealach ar tharla sé, bhí bua Átha Cliath ar Chiarraí i gcluiche ceannais 2011 ina bhua chomh milis is a bhí riamh agus bhí muintir Átha Cliath ar nós dream ar baineadh cuing throm na tíorántachta díobh tar éis blianta fada i gcarchair chrua dhobhriste.
dian, contúirteach severe and dangerous
" Obair sna monarchana a bhí ag tarraingt daoine ar na bailte, ach bhí an obair sin dian, contúirteach, agus bhí na huaireanta fada.
róghéar agus rórighin too hard and severe
" Is féidir linn a bheith róghéar agus rórighin in amanna agus sinn ag díriú go dícheallach ar sprioc éicint, ach ná caillimist an ghnaíúlacht a dtugann daoine gnaíúla i dtíortha eile an domhain gean dó.
Tugadh breithiúnas géar a severe judgment was given
" Tugadh breithiúnas géar orthu agus anois tá aird daoine ar fud an domhain dírithe ar rialtas Vladimir Putin, an gaol atá aige leis an Eaglais Cheartchreidmheach Rúiseach agus ar a laghad cead cainte atá ar fáil sa Rúis i láthair na huaire.
an-dian ar very severe
" Bheadh sé an-dian ar aon duine a bheith ag saothrú gan stad gan fuaradh ó dhubh go dubh ar feadh tamaill, agus ansin a bheith ar sos scun scan.
in áit an-chontúirteach in a severe predicament
" Sílim go bhfuil Ghaeilge in áit an-chontúirteach.
dian go maith severe enough
" Ní raibh aon cheann de na cáinaisnéisí chomh dona ó shin, mar sin féin a deir tú, bhí siad dian go maith.
iarracht an leigheas anróiteach a scaipeadh an attempt to spread the severe cure
" Ní aontóinn le gach athrú a rinneadh sa cháinaisnéis ach sílim go ndearna an rialtas iarracht an leigheas anróiteach a scaipeadh go cothrom, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh na hathruithe pianmhara a cuireadh i bhfeidhm orainn le cúig bliana anuas.
feannaideach agus anfach severe and tempestuous
" ‘An ghaoth aduaidh bíonn sí cruaidh,’ dar leis an dán, ach is cosúil go bhfuil achan ghaoth a shéid inár dtreo le cúpla mí anuas crua agus fuar, feannaideach agus anfach.
an-ghéar ar very severe in regard to
" Tá dlithe na Seapáine an-ghéar ar ghunnaí, rud a chiallaíonn go bhfuil baol ann go gcaithfidh Imura roinnt ama i ngéibheann.
níos déine ar more severe on
" De réir cinntí an Ollaimh, beidh an cháinaisnéis níos déine ar dhaoine ar leas sóisialach ná orthu siúd atá ag saothrú tuarastail aird.
dian severe
" Tá fadhb na ndrugaí ag dul in olcas in Éirinn agus níltear ag gearradh pionóis dian go leor orthu siúd atá sáite sna drugaí, go háirithe na mangairí.
níos cruacheistiúla dá réir more severe with his questions accordingly
" Tá Balor níos Cónra na Gaeilgiúla ná Donncha Ó hÉallaithe agus cé déarfas nach bhfuil sé níos cruacheistiúla dá réir?