Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a leagadh síos na rialacha that the rules were set down
" Tá díospóireacht ar siúl le blianta anuas mar gheall ar bhunús na peile Astrálaí, ach níl aon amhras ach gur in Victoria a imríodh an chéad chluiche riamh, agus ba in Melbourne a leagadh síos na rialacha den chéad uair.
Cáinaisnéis aisteach a bhí ann It was a funny set up, or, a funny shake down
" Cáinaisnéis aisteach a bhí ann, cibé bealach a amharcann muid air (nó uirthi is cóir dom a rá, b’fhéidir, siocair go bhfuil cáinaisnéis baininscneach agus go mbeidh eagarthóir úr Beo Ar Éigean! ag ceartú mo chuid scríbhneoireachta!) Ach i ndáiríre bhí an cháinaisnéis dian ar mhuintir na Gaeilge, agus orthu siúd amháin.
leag set (down)
" Níl sé sásta aird ar bith a thabhairt ar chritéir a leag na saineolaithe síos, cé gur caitheadh airgead go leor le teacht ar an saineolas.
leagtar síos is set down
" Is iad sin an clár a dhréachtaigh an Coiste Náisiúnta Frithbheartaíochta (Conseil National de la Résistance - coiste inar cuimsíodh na ceardchumainn agus na páirtithe polaitiúla sa Fhrainc a chuir i gcoinne na Naitsithe) i Márta 1944 agus ina leagtar síos bunphrionsabail an stáit nua, agus Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine de chuid na Náisiún Aontaithe ar glacadh leis i 1948.
de réir na bhfoirmlí atá leagtha síos according to the formats set down
" Ciallaíonn sé sin go raibh deacrachtaí níos mó ag scoláirí an stíl ársa seo a rangú ó thaobh an cheoil de, agus go háirithe de réir na bhfoirmlí atá leagtha síos sa cheol Eorpach i gcoitinne.
leagtha síos mar bhunchoinníoll set down as a basic condition
" Ar an gcéad dul síos, beidh ar an nuachtán leagan clóite a chur ar fáil ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, fiú amháin muna bhfuil sin leagtha síos mar bhunchoinníoll ag an bhForas.
leagtha síos set down, spelled out
" Smaoinigh ar seo: ní éiríonn le státchóras na hÉireann ach beagán de na doiciméidí dlithiúla ón tír seo a aistriú go Gaeilge, cé gurb í an Ghaeilge ‘an phríomhtheanga oifigiúil’ de réir Alt 8 den Bhunreacht agus cé go bhfuil sé leagtha síos in Alt 25.