Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Loic daoine orainn People let us down
" Loic daoine orainn cúpla uair - cuireadh turas amháin ar ceal gan míniú ar bith, mar shampla, agus dá bharr sin ní fhaca muid Cayo Largo, oileán beag ar an chósta ó dheas agus ceann de na hionaid saoire is deise i gCúba, deirtear.
gur loic na polaiteoirí orthu that the politicians let them down
" Mothaíonn siad gur loic na polaiteoirí orthu," a dúirt sí.
ná clis anois orm don't let me down now
" "A chois, a chois, ná clis anois orm," a bhéic sé ag fuarchaoineachán.
ag loic ar a gcomhimreoirí letting down their fellow players
" Is dóigh go bhfuil tionchar aige ar imreoirí sa mhéid is go bhfuil siad féin as an gcluiche ar feadh achair áirithe agus, níos tábhachtaí ná sin, go bhfuil siad ag loic ar a gcomhimreoirí.
iad féin a loic orthu féin they let themselves down
" Ach iad féin a loic orthu féin mar bhí an oiread seansanna curtha amú acu sa chéad leath (aon cheann déag) go raibh aiféala mór orthu dá mbarr ag deireadh an chluiche.
ag loic ar letting down
" "Tá sé ag loic ar gach naíonán, páiste agus duine fásta i Sasana," a dúirt sé.
a loic go dona air who let him down badly
" Crá, briseadh croí – bean a loic go dona air – ba chúis lena fhearg agus lena dhuairceas an oíche úd.
a loic go dona air who let him down badly
" Crá, briseadh croí – bean a loic go dona air – ba chúis lena fhearg agus lena dhuairceas an oíche úd.
go ndearnadh feall orthu that they were let down
" Feictear do Pholannaigh gur caitheadh go mífhéaráilte leo, go ndearnadh feall orthu sa 20ú haois agus go bhfuil siad fós ag fulaingt de dheasca an fhill seo.
de dheasca an fhill seo because of this let-down
" Feictear do Pholannaigh gur caitheadh go mífhéaráilte leo, go ndearnadh feall orthu sa 20ú haois agus go bhfuil siad fós ag fulaingt de dheasca an fhill seo.
ní fheallfaidh an Pholainn ar chomhghuaillí dá cuid Poland will not let down an ally of hers
" Rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha, Włodzimierz Cimoszewicz, an scéal a bhréagnú, ag rá “ní fheallfaidh an Pholainn ar chomhghuaillí dá cuid den chéad uair, cé gur minic atá feall imeartha ar an bPolainn ag a comhghuaillithe san am atá caite”.
feall i ndiaidh fill let-down after let-down
" Bhí an rialtas anseo i ndiaidh feall i ndiaidh fill a dhéanamh orthu.
Cé gur loic siad orthu féin although they let themselves down
" Cé gur loic siad orthu féin i Staid Semple, loic an córas orthu freisin.
tá mé ligthe síos I've been let down
loiceann fail, let down
" Is duine iontach cairdiúil mé, mar is eol duit féin, agus mar is eol do gach duine a bhíonn ag scríobh go rialta do Beo!, bail ó Dhia orthu mar scríbhneoirí dílse nach loiceann riamh orm, agus a chuireann isteach a gcuid alt in am agus is ord, agus nach n-úsáideann focail mhóra chasta ionas nach gá dom a sheiceáil i WinGléacht nó i Focal.
ligean síos let down, fail
" An airíonn tú go bhfuil freagracht, ar shlí, ort dá bharr san? - Gan an treibh a ligean síos? DÓS: Aon duine atá ar an teilifís, tá freagracht éigin orthu, iad féin a iompar i gceart.
ligeadh síos were let down
" Ní iontas ar bith go bhfuil fearg ar dhaoine: ligeadh síos muid mar gur cuireadh muinín sna bancanna, sa gcóras rialaithe agus i bhFianna Fáil.
Loic sé orthu agus é i gclár na mionn he let them down in the witness box
" Loic sé orthu agus é i gclár na mionn, áfach.
Lygon an tIarla é féin síos the earl ‘lets' himself down
" Lygon an tIarla é féin síos =========== Léiríonn ceann de na faux pas is míchlúití i stair na hAstráile an dóigh ar bhreathnaíodh muintir na tíre ar a n-oidhreacht daoránagh san am a chuaigh thart.
tar éis loic orthu have let them down
" Braitheann muintir Galicia go bhfuil an rialtas áitiúil agus Rialtas na Spáinne tar éis loic orthu ó tharla tubaiste an Prestige i mí na Samhna, dar le Carmen Rodríguez.
go bhfuil an Rialtas tar éis loic go mór ar chúigear Ros Dumhach that the Government has badly let down the Rossport Five
" Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an Rialtas tar éis loic go mór ar chúigear Ros Dumhach, na fir as Maigh Eo atá sa phríosún ó bhí deireadh mhí an Mheithimh ann de bhrí go ndearna siad iarracht stop a chur le tógáil píblíne gháis trína gcuid talún.