Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag postdíol selling through the post
" I ndáiríre, is beag difear atá idir a bheith ag díol ar an idirlíon agus a bheith ag postdíol go díreach trí chatalóg sheanaimseartha.
mangaireacht drugaí drug selling
" Iad siúd nach mbíonn an t-ádh céanna orthu, súitear isteach i dtionscal an ghnéis iad nó i mangaireacht drugaí.
díolachán selling
" Seachas airgead stáit, cad iad na foinsí eile airgid atá agaibh? An fhoinse airgid is tábhachtaí ná díolachán na n-earraí is na seirbhísí atá á dtairiscint againn.
údar leabhar mór-ráchairte best-selling author
" Tuairiscíodh an samhradh seo caite gur ardaigh Dennis Smith, an t-iarfhear dóiteáin i Nua-Eabhrac agus an údar leabhar mór-ráchairte, ceisteanna tromchúiseacha sábháilteachta, ina measc cinn a luaigh an BPCA i ndiaidh dhúnadh an ionaid.
luach díolta selling price
" Ach nuair a ídeoidh an léas talún a bhaineann leis na foirgnimh seo, beidh ar an stát an t-ochtú cuid de luach díolta na bhfoirgneamh a íoc, más mian leo saorsheilbh a ghlacadh orthu.
leabhar móréilimh best-selling book
" Thuig siad go raibh leabhar móréilimh acu agus ní raibh siad sásta an t-airgead sin a chailleadh - agus ba chuma faoin fhirinne.
ina leabhar mórdhíola in his best-selling book
" Tugann sé féin cuntas lom fírinneach ar na himeachtaí sin agus go leor eile ina leabhar mórdhíola I Crossed the Line.
ag díol milseán selling sweets
" “Ach thosaigh mé gnó beag, ag díol milseán ó chomhlacht go comhlacht, comhlachtaí nach raibh siopa in aice leo.
ó dhíol suíomh from the selling of sites
" I gceantair eile ar chósta an iarthair is mó i bhfad an teacht isteach a bhíonn ag feirmeoirí anois ó dhíol suíomh ná ó shaothrú na talún.
an leabhar móréilimh the best-selling book
" Tá mé tar éis *McCarthy's Bar*, an leabhar móréilimh le Pete McCarthy, nach maireann, a léamh agus tá píosa mór ann faoi na deacrachtaí a bhí aige ciorcail chloiche a aimsiú i gCorcaigh.
ag díol seodra selling jewellry
" Bhí stainníní thart ar an chearnóg agus daoine ag díol seodra agus a leithéid.
ag díol earraí le muintir na háite. selling goods to the locals.
" Thaistealaíodh teaghlach s’aici suas síos na gleannta i gcarbhán le linn an tsamhraidh, ag díol earraí le muintir na háite.
an mhangaireacht drugaí the selling of drugs
" Is iad an mhangaireacht drugaí agus an ghadaíocht an gnó atá acu, dála an Strand Gang, a bhfuil 41 ball idir sé bliana déag agus 33 bliain d’aois ann.
go n-éiríonn leo é a dhíol. that they succeed in selling it
" Má sheinntear ceol sa chúlra, cén fáth nach ndíolfaí ceol chomh maith? Agus is cinnte go n-éiríonn leo é a dhíol.
Trí fhógraí a dhíol by selling advertisements
" Agus conas a dhéanfaidh siad airgead? Trí fhógraí a dhíol ag geallúint d’fhógróirí go mbeidh spéis agat iontu.
trí eolas fúthu a dhíol le fógróirí. by selling information about them to advertisers
" Go tobann, thosaigh a lán úsáideoirí nua ag clárú mar bhaill, ach chomh tobann céanna, rinne an comhlacht iarracht airgead a shaothrú astu trí eolas fúthu a dhíol le fógróirí.
ag díol síntiús, selling subscriptions
" Beidh siad ag díol síntiús, ag spreagadh siopaí agus ionad Gaeilge le *Lá Nua *a ghlacadh agus spás a chur ar fáil dó ar an tseilf, ag moladh do leabharlanna agus do scoileanna an nuachtán a bheith ar fáil acu, ag scaipeadh ábhar margaíochta don nuachtán agus ag cur ábhair ar fáil, idir ábhar scríofa agus ghrianghraif.
ag díol bláthanna. selling flowers
" Buaileann sé le carachtar Irglova agus í amuigh i lár chathair Bhaile Átha ag díol bláthanna.
mangaireacht drugaí drug selling
" Cuireadh mangaireacht drugaí i leith na *Sandanistas*, ainneoin gurb iad laochra Reagan, na *Contras*, na ceannaithe drugaí ba mhó ag an am – a bhuíochas sin ar lámh chúnta an CIA ar ndóigh.
as a bheith ag díol síolta from selling seeds
" Faigheann an NWC ioncam tábhachtach as a bheith ag díol síolta agus bleibeanna, chomh maith le táillí iontrála a ghearradh.
ag díol maoin intleachtúil selling intellectual property
" Tugtar “an geilleagar eolasbhunaithe” ar an choincheap seo, agus is éard atá i gceist leis sin ná go mbeidh geilleagar na hÉireann ag cur seirbhísí ardteicniúla ar fáil nó ag díol maoin intleachtúil i réimsí áirithe ar nós na cógaisíochta, an airgeadais agus na teicneolaíochta.
ag díol arm selling weapons
" Chomh maith le hoiliúint mhíleata a bheith i gceist, thosaigh na hIosraelaigh ag díol arm leis an tSeoirsia seacht mbliana ó shin agus ceannaíodh na hairm sin le cúnamh airgid ó na Stáit Aontaithe.
brústocaireacht hard selling
" com/watch?v=CNf2SntA3pk) Le brústocaireacht a dhéanamh ar an AE, d’oscail an CGM oifig sa Bhruiséil i 2004.
ag díol selling
" Beidh buntáiste áirithe ag Foinse sa chath seo sa mhéid is go mbeidh siad ábalta a mhaíomh go bhfuil breis is 152,000 cóip den nuachtán á scaipeadh leis an Irish Independent le hais an chúpla míle cóip a bheas Gaelscéal ag díol.
ag díol selling
" Bhí lamairní plódaithe le báid seoil, siopaí beaga deasa ag díol giuirléidí, bialanna le gach uile shórt bia acu, agus tábhairní beaga ina rabhthas in ann suí amach faoi chrainn ag ól.
scothbhranda fógraíochta excellent selling brand
" is scothbhranda fógraíochta é Beckham ar fud an domhain.
sárdhíola best selling
" Thabharfadh sé sásamh an-mhór dom féin dá n-éireodh linn sprioc eile a bhaint amach: oiread cóipeanna de leabhar Gaeilge a dhíol go n-éireodh leis an saothar sin áit a bhaint amach i measc na leabhar sárdhíola in Éirinn! Níor tharla sé ach uair amháin cheana – i gcás úrscéal Bhreandáin Uí Eithir, Lig Sinn i gCathú, sna seachtóidí – ach tá mé dóchasach go n-éireoidh linn an sprioc sin a bhaint amach san am atá romhainn.
ag díol sú talún selling strawberries
" Is cuimhin liom nuair a bhí na páistí óg go ndeirimis leo gur ag díol sú talún a bhíodar.
ag díol selling
" Má tá tuilleadh eolais uait faoi shiopaí Éireannacha atá ag díol ar líne, tabhair cuairt ar an mbunachar atá cruthaithe ag Damien Mulley ina bhfuil dátaí deireanacha seachadta liostáilte ag na miondíoltóirí chomh maith le roinnt lascainí.
ag díol selling
" Bhí na mná uilig maol, le slabhra troma timpeall a muinéal, agus iad ag díol seodra agus áilleagáin thraidisiúnta.
ag díol bláthanna selling flowers
" Úsáideann Shaw scéal simplí, is cailín macánta í Eliza, a bhíos ag díol bláthanna ar shráideanna Londain.
ag sceilpeadh quick selling
" Is léir nach bhfuil a dhath foghlamtha acu ó shin! Cé nach bhfuil ionam ach amadán is nach mbím ag sceilpeadh ar na margaí ó lá go ló - .
díol leabhair selling a book
" Cuidíonn sé go mór le díol leabhair, dar ndóigh, ruainne beag den chonspóid a bheith ag baint leis agus tá sin amhlaidh i gcás an leabhair *This is Our Year* le Declan Bogue, a d’fhoilsigh Ballpoint Press).
díol sna sráidbhailte selling in the villages
" Earraí iad seo a bhí le díol sna sráidbhailte (nó ‘abhainnbhailte’ focal níos fearr b’fhéidir) amach romhainn.
díol selling
" A bhFuil Romhainn ========= Scéalta tharainn na teipeanna go léir, Cionn tSáile, an Drochshaol, díothadh na teanga, drochíospairt ar leanaí lenár linn féin, agus díol na tíre anuraidh san áireamh, ach sinn an leon a leigheas: Ní hí an ainnis is measa linn a bheith thíos go deo, ach an tarcaisne a leanann é nach leigheastar an leon.
díolacháin selling
" Le díol mar sin a dhéanamh, tá mé ag ceapadh go gcaithfidh tú go leor leor díolacháin a dhéanamh.
ag díol an choinceap seachas selling the concept rather than
" I dTeangacha Eile ====== B’fhéidir gurbh é an áit ba cheart a bheith ag díriú, a bheith ag díol an choinceap seachas an tsraith.
ag díol spásanna fógraíochta selling advertising space
" Thosaigh an Veinéis ag díol spásanna fógraíochta roinnt blianta ó shin ar mhaithe le costaisí móra cothabhála a ghlanadh agus feictear toradh an chinnidh sin inniu sna fógraí móra, ag díol só-earraí atá le feiceáil fud fad Piazza San Marco.
an teacht isteach ó dhíol maoine income from selling assets
" 5m de bhuiséad caipitil mar aon leis an teacht isteach ó dhíol maoine).
chur ar díol ar an tsaormhargadh selling on the open market
" Bhí an-rath ar na cineálacha seo pictiúir agus rinneadh iad de bharr choimisiún ó phátrúin mór le rá chomh maith le pictiúir a chur ar díol ar an tsaormhargadh.
as cearta taiscéalaíochta gáis is ola a dhíol from selling the oil and gas exploration rights
" Maítear go minic gur beag sochar a bhain an stát as cearta taiscéalaíochta gáis is ola a dhíol le comhlachtaí ilnáisiúnta i gcaitheamh na mblianta.
pointe díola uathúil the distinct selling point
" “An í an Ghaelainn atá iontu an ‘pointe díola uathúil’ atá acu?” d’fraighfraigh mé de.
dhíol le gnóthaí cogaíochta selling to war faring businesses
" Is féidir le hÉirinn cúpla cianóg a dhéanamh as fearaistí spiadóireachta agus as codanna de ladrainn a chruthú is a dhíol le gnóthaí cogaíochta agus le hairm an iarthair, airm gurb é a bhfor is a bhfónamh tíortha neamhfhorbartha an domhain a shaoradh (nuair is mian leo teacht ar shinc, ar ór is ar ola go furasta).
margaíocht na cathrach selling the city
" Tháinig daoine ó bhreis is 75 náisiún éagsúla chuig an chathair i rith na bliana seo agus ní raibh bliain inchurtha leis ag na hóstáin riamh ó thaobh gnó de, agus tá dóchas ann go gcuideodh an toradh seo le margaíocht na cathrach san am atá le teacht agus go mbeidh tionchar aige seo ar gheilleagar agus ar fhostaíocht sa chathair.
seachas mar ghléas mór díolta ticéad rather than as a ticket selling mechanism
" Bíodh’s gur éirigh níos fearr leis mar shaothar ealaíne seachas mar ghléas mór díolta ticéad, is cosúil.
ag stocaireacht selling, pushing
" **CMacS: An fiú dul thart ag stocaireacht sna meánscoileanna faoi Dheis Breise na Gaeilge le haghaidh fostaíochta nuair nach mbeidh daoine in ann obair le heagras Gaeilge thar thréimhse trí bliana nó a leithéid?** AÓC: Níl an Foras ag rá a thuilleadh gur conarthaí trí bliana a bheas ag fostaithe agus dá bhrí sin ní éiríonn an cheist.
ag tabhairt faoi dhíol starting into selling
" ) Samhlaigh mura mbeadh ar na ceadta céimí ollscoile ag tabhairt faoi dhíol is tacú teicneolaíochta in ionaid glaonna ar fud na cruinne.
dhíol selling
" Tuigim beagán faoi na deacrachtaí a bhaineann le iris/nuachtán Ghaeilge a dhíol.
ar dhíol mairteola iompórtáilte ón mBrasaíl. on the selling of beef imported from Brazil.
" Tá Coimisiún na hEorpa i ndiaidh cosc sealadach a chur ar dhíol mairteola iompórtáilte ón mBrasaíl.
an reacaireacht láidir go léir all the hard selling
" Is maith le Brian Ó Broin córas coinbhinsiúin na Stát Aontaithe gona bhladhmann, a gháifeacht aignis agus an reacaireacht láidir go léir.