Pota Focal Intergaelic
see | sa | sac | sad | sag | sal
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a bhfaca sé all that he saw
" Ach chuir a bhfaca sé maidir le traenáil foirne idirchontae déistin air - sliotar amháin do sheisiún traenála, gan córas ar bith chun scileanna a fhorbairt i measc na n-imreoirí ach díreach cluiche a chur ar siúl ina measc.
fiacla sáibh the teeth of a saw
" Bhí an Triúr Deirfiúr le feiceáil ón fhuinneog - trí spuaic ghéara atá iontu atá cosúil le fiacla sáibh, ag éirí ón fharraige ar an taobh eile de Chuan Ard na Caithne.
Chonaic Ifor deireadh Ifor saw everything
" Chonaic Ifor deireadh agus bhéarfá mionna go raibh fonn air éirí; ach bhí leisce air ligean lena lasta agus shuigh sé ansin ag amharc ar Thadhg.
trí ghunna gráin gearrtha three sawn-off shotguns
" Nuair a rinne na póilíní ruathar ar a theach i Walton, Learpholl i Meitheamh 2004 fuair siad meaisínghunna amháin, trí ghunna gráin gearrtha, dhá phiostal, dhá raidhfil SA 80 ó Arm Shasana agus na céadta piléar.
bhagair siad ar cibé duine a chonaic an t-uafás they threatened anyone who saw the horror
" De réir na ndeirfiúracha, scrios an IRA cibé fianaise a bhí ar fáil taobh istigh den phub, bhris siad na ceamaraí slándála taobh amuigh ar an tsráid, bhagair siad ar cibé duine a chonaic an t-uafás agus d'imigh leo - gan scairt a chur ar otharcharr féin don fhear a bhí ag imeacht ar shlí na fírinne, athair beirt pháistí, a sháith siad le scian agus a chiceáil siad sa chloigeann.
a chonaic toradh a saothair who saw the fruits of their labour
" Ach seo daoine a chonaic toradh a saothair – saothar fuilteach, uafásach in amanna – ar bhonn láithreach, a deir sé.
Dá bhfeicfeá na forránaigh! If you saw the bold people!
" Dá bhfeicfeá na forránaigh! Bhí cuid mhór acu gléasta i mionsciortaí agus cíochbhearta dathannacha.
sábha, saws,
" Tá an-chuid uirlisí ceirde le feiceáil ann, sábha, céachtaí, agus muileann ina measc.
an uair dheireanach a chonaic mé cluiche peile idir-ollscoile in Éirinn, the last time I saw an inter-varsity football match in Ireland,
" Más buan mo chuimhne, an uair dheireanach a chonaic mé cluiche peile idir-ollscoile in Éirinn, bhí céad duine sa lucht féachana! Cuid de shaol ollscoile is iad na cluichí seo do gach mac léinn.
chonaic mé I saw
" “Bhuel, chonaic mé an dráma é féin in Amharclann an Tricycle - an áit is fearr ar domhan le hé a fheiceáil - agus bhí mé faoi dhraíocht ag an lucht féachana.
Chonaic Myers Myers saw
" Chonaic Myers rudaí i mBéal Feirste a fhanfaidh leis go deo.
dá bhfeicfeá an duine céanna if you saw the same person
" Cad a shílfeá dá bhfeicfeá an duine céanna ag rith ar luas lasrach go stad an bhus? An ndéarfá gur calaois a bheadh ann? Agus cad faoin dochtúir a chuir teistiméireacht ar fáil faoina mhíchumas? An ndéarfá go raibh seisean nó sise comhpháirteach sa chalaois nó mar pháirtí i gcomhcheilg le bob a bhualadh ar an stát? Samhlaigh sa bhreis air sin dá dtarlódh a leithéid céanna i gcás breis is 6,000 duine eile.
chonaic mé go raibh mo thromluí fíoraithe I saw that my nightmare was realised
" Nuair a d’fhill mé ar Shliabh Liag ag an Cháisc, chonaic mé go raibh mo thromluí fíoraithe.
chonac I saw
" Tá céad seat an scannáin (na céadta imirceach ag siúl ón fharraige iseach ar an móinéar) ar an tosach is cumhachtaí a chonac ar aon scannán le fiche bliain anuas.
Chonaiceamar we saw
" SMM: Chonaiceamar thú ag taisteal i Meiriceá ar *Highway 61* agus ar *Route 66* roimhe a Dháithí.
Chonac I saw
" Chonac an nós san ag Mícheál Ó Muircheartaigh.
chonac I saw
" Go simplí, ’sí a Fanny Brawne sise an taispeántas is údarásaí do ‘nua’-aisteoir mná a chonac le fada an lá.
dhearcas I saw
" Agus annsúd go deimhin i bhfís oidhche do dhearcas fear darab ainm Bhictoricus fé mar a bheadh sé ag teacht ó Éirinn, agus litreacha do-áirithe aige; agus do shín sé ceann aca chugam, agus do léigheas tosach na litreach mar a raibh guth na nGaedheal; agus tráth is mé ag aithris tosaigh na litreach, dar liom gur chuala, an nóimeint sin, guth na ndaoine bhí ina gcomhnuidhe i n-aice le coill Fochluid, atá i gcomhgar na farraige thiar, agus sid é mar do ghlaodhadar ós árd, d’aon ghlór béil mar déarfa: “Aitcheam ort, a ógánaigh naomhtha, teacht chughainn is siubhal fós i n-ar measc.
Chonacthas domsa as I saw it
" Thug siad a bhfreagra in olltoghchán na bliana seo (2016) nuair a toghadh níos lú teachtaí Fhianna Fáileacha ná i 2011 go fiú! De bharr nach raibh muid iontaofa, ní raibh muid intofa! Chonacthas domsa nach raibh againn ach dhá rogha: deireadh ar fad a chur le Fianna Fáil nó athbhrandáil ó bhonn a dhéanamh air agus é a athsheoladh mar pháirtí úr.
cé nár leag mé súil riamh ar although I never saw
" Dá bhrí sin, is í canúint mo sheanathar atá a’m anois, cé nár leag mé súil riamh ar an bhfear céanna.
facthas dom as I saw it
" Cé gur duine é seo a bhfuil an-eolas aige ar thimpeallacht na mara, facthas dom go raibh teaghlaigh agus daoine eile go leor amuigh ag déanamh amhlaidh, agus leis an líon sin oisrí a bhí os ár gcomhair, níor ghá le haon oiliúint faoi leith ach a bheith airdeallach ar an taoide.
dar leis as he saw it
" Chuir sé fáilte faoi leith ina aitheasc roimh éagsúlacht an taispeántais a léirigh, dar leis, a ilghnéithí agus a chasta a bhí taithí agus tionchar na nÉireannach san Astráil.
chonaic saw
" Nuair a theilg na Naitsithe na mílte buamaí anuas ar shráideanna Béal Feirste 70 bliain ó shin an mhí seo caite - maraíodh suas le míle duine - cuireadh páistí amach chun na tuaithe le hiad a choinneáil slán, ach baineadh geit as muintir na tuaithe nuair a chonaic siad cad é chomh lag, gannchothaithe is a bhí na páistí, bhí déistin orthu.
dá bhfaca muid which we saw
" Níorbh í Trá Whitehaven an ní ab áille dá bhfaca muid an lá sin, áfach.
chonaic saw
" 
Ar an 26u Márta 2007, chonaic muid Ian Paisley agus Gerry Adams fána lile Cásca, ina suí le chéile, a gcomhghleacaithe sinsir thart orthu agus iad ag fógairt go mbunófaí feidhmeannas ag Stormont ar an 8ú Bealtaine, feidhmeannas ina mbeadh náisiúnaithe agus aontachtaithe ag roinnt cumhachta lena chéile.
Chonaic saw
" Bin Ó Loideáin ======= Chonaic an domhan is a mháthair Beairic ag ionsaí pionta Gnéas – ó gabh mo leithscéal, pionta Guinness, i dteach tábhairne Ollie Hayes i Muine Gall.
chonac I saw
" Ní fhaca fós ‘In A Better World’ a bhuaigh an gradam, ach chonac ‘Biutiful’ a bhí ar an liosta lena gcois siúd.
facthas dom as I saw it
" Níl a fhios agam an bhfuil an fhoighne agam chun na scileanna go léir a fhoghlaim áfach mar ba é buaicphointe an lae, facthas dom, ná an tseacláid te a fháil sa bheár!
dar leo as they saw it
" Ba le haimhleas Chúige Uladh agus na hÉireann a leithéid de Pharlaimint a bhunú, dar leo, mar go gcuirfeadh sé a saoirse chreidimh agus shibhialta de dhroim seoil, go scriosfadh sé a saoránacht agus go gcuirfeadh sé aontas Impireacht na Breataine i mbaol.
Chonac leathlíne filíochta I saw a half line of poetry
" Chonac leathlíne filíochta ar bhalla cúpla lá ó shin.
chonaic siad éagóracha they saw injustices
" Ach is daoine iad na sagairt seo, fearacht Íosa Críost féin, nach raibh sásta a mbéal a choinneáil druidte nuair a chonaic siad éagóracha thart orthu, ná go raibh géarghá le rudaí a athrú.
bhfaca mé tagairt eile I saw another mention
" Ní fada ina dhiaidh sin go bhfaca mé tagairt eile don rí céanna.
bhreathnaigh mé an charraig lom I saw the bare rock
" Nuair a bhreathnaigh mé an charraig lom agus an scáineagán san áit a mbíodh an portach chuir sé ag smaoineamh mé ar scéal Oileán na Cásca, an áit bheag i lár na Teiscinne Ciúine a raibh pobal daoine ann a leag gach aon chrann dá raibh ar an oileán.
bhí dóthain léargais faighte ag oifigigh choiste an chontae the county committee officials saw enough to convince them
" Ach léas dóchais dó gur ceapadh é mar bhainisteoir ar an bhfoireann faoi bhliain is fiche don bhliain 2010 agus cé gur bhuaigh Áth Cliath ar Dhún na nGall sa chluiche ceannais sin, bhí dóthain léargais faighte ag oifigigh choiste an chontae le post an bhainisteora shinsearaigh a thairiscint do Mhag Géibheannaigh nuair a d’éirigh John Joe Ó Dochartaigh as an bpost.
sliabh ní fhacas I never saw a mountain
" Agus ainneoin gach grinnstaidéar dá ndearna mé ar bhun na spéire ó aimsir m’óige anall, sliabh ní fhacas, mullach níor léir ná níorbh fhollas dom.
dordán na dtoireasc slabhra the drone of chain saws
" Ní raibh le cloisteáil fud fad an stáit ach dordán na dtoireasc slabhra ag gearradh crainnte scriosta an stáit agus giúnaíl ardaitheoirí na n-oibrithe leictreachais, teileafóin, agus teilifíse agus iad ag athchrochadh a gcuid línte agus sreanga.
feicthe saw
" Mar ní mise an t-aon duine a raibh an fógra feicthe aige sa *Radio Times*.
dar leo as they saw it
" B’eiseamláir den bharbarthacht agus den easpa sibhialtachta í an fhánaíocht dar leo.
ghoill a bhfaca what (MR) saw hurt
" (sna naisc ar dheis) Is cinnte gur ghoill a bhfaca Mhic Róibín thar lear uirthi, sa tSomáil go háirithe.
B’fhacthas dom as I saw it
" B’fhacthas dom go raibh go leor troid inmheánach ins an bpáirtí go háitiúil, nach raibh siad ag cur mórán suime ins an nGaeilge ná ins an nGaeltacht go háirid agus gur chaint is mó a bhí ins na polasaithe a bhí ann.
a chonaic an eachtra who saw the incident
" Tar éis do Luiz Suárez, imreoir sacair de chuid Learphoill, a chuid fiacla a bhá i gcraiceann a chéile comhraic Branislav Ivanovic (ag imirt le Chelsea) i gcluiche i bPríomh-Roinn Shasana, bhí alltacht agus déistin ar dhaoine a chonaic an eachtra go háirithe nuair a taispeánadh athchraoladh físe ó cheithre cheamara éagsúla arís is arís ar an teilifís.
dar liom as I saw it
" Ní raibh, dar liom, aon stíl ag baint léi – agus cheap mé nach mbeadh seans ar bith aici i gcomórtas le *CROSSOVERS* agus SUV’anna eile ar nós an Nissan Qashqui nó an Ford Puma.
Léigh seisean na leasaithe bunreachtúla againne he saw our constitutional reforms
" Léigh seisean na leasaithe bunreachtúla againne a bhain le “ceart na mbeo gan bhreith” agus níor éirigh leis iad a thuiscint ós rud é gur thug an Bunreacht céanna cosaint dóibh in áit amháin agus cead dá máthracha iad a dhúnmharú lasmuigh den Stát in áit éigin eile.
chonac comharthaí go leor I saw plenty of signs
" Uisce faoi bhrú ard á chur go domhain faoi thalamh leis an ngás atá ann a bhrú aníos, mo léamh místuama féin ar an gceird sin, is chonac comharthaí go leor ag cur ina choinne.
dar leis as he saw it
" Níorbh é an bua sa chluiche dúshláin sin ann féin ba thábhachtaí dar leis, ach an chaoi a raibh na himreoirí ag imirt, an caighdeán imeartha agus eile a bhain leis.
chonaiceamar uimhir bhreise we saw an extra number
" In áit 13 D xx a bheith ar ghluaisteáin (níl sa ‘D’ sin ach sampla, ar ndóigh!), chonaiceamar uimhir bhreise ag tús mhí Iúil – 132 D xx.
Chonaiceamar an t-allas ar leiceann we saw the sweat on the cheek
" Athchruthú na hEachtra ======= Chonaiceamar an t-allas ar leiceann D’Aughton mar aon le hualach na croise ar a dhroim, agus bhraith an lucht féachána go léir an phríomhimní a chur isteach go mór ar Chríostaithe an naoú aois déag: ar chóir creideamh uilíoch a chruthú ar dhúnmharú uafásach duine soineanta, dúnmharú a cuireadh i gcrích le linn cúpla uair, dúnmharú a thosnaigh le huirlisí cosúil le tairní agus sceanra agus a chríochnaigh le tachtadh mall agus cliseadh na scámhóg? B’shin an rud a bhí i gceist ag Julian Morrow, an múinteoir líofa san úrscéal The Secret History nuair a mhínigh sé dá rang: “ *‘The Roman genius, and perhaps the Roman flaw*’, he said, ‘*was an obsession with order….
ná raibh eolas ar rachmas who never saw wealth
" Dar leis ansin, níorbh iad muintir na n-oileán ach: ‘Peártaí an Aois Saothair, an Phróletariat, an Aitheach Tuatha, Peártaí na nDaor agus na bhFuidhear, agus na sean-chleith, Peártaí an Ollphobail dhísheilbhithe…’ (Luann Ó Buachalla ráiteas brónach Pheig Sayers sa seoladh amach aige in Aisling Ghéar, ráiteas a fhíoraíonn imeagla Uí Chadhain: ‘Daoine bochta ab ea sinn ná raibh eolas ar rachmas ná ar éirí in airdre an tsaoil againn.
b'annamh daoine óga a fheiceáil one seldom saw young people
" “Bhí sé aisteach liom, bhí sé deacair dom, bhí mé i mo chailín an-óg aníos as Conamara agus ní raibh aon duine eile le Gaeilge ar an teilifís go rialta seachas na daoine a bhí ar Cúrsaí, ach b'annamh daoine óga a fheiceáil, mar sin ba scéal iontais a bhí ann do mo thuismitheoirí agus do Chonamara - go raibh cailín óg Gaeltachta ag léamh na nuachta ar RTE, an craoltóir náisiúnta.
dar leis as he saw it
" Mar gheall ar dheacrachtaí geilleagair dar leis, beidh an stát ag caitheamh súile thar a gcuid agus santóidh siad na portaigh sléibhe (.
bhfaca mé meirge I saw a banner
" go dtí go bhfaca mé meirge ar a raibh na focail Civil Rights Assocation scríofa.
sula bhfaca mé an dráma before I saw the drama
" Cad chuige ar chuir mé an oiread sin béime san abairt seo?
Mar ba é ceannlíne cead leathanaigh an *Irish News* an lá sula bhfaca mé an dráma ná “*Loyalist killers 'targeted middle-class Catholics.
ba thrí shúile an Bhraisíligh as a Brazilian he saw
" Cé go raibh eolas maith curtha aige ar an tír seo sé bliana ó shin, bhí taithí saoil ní ba leithne aige an iarraidh seo, agus ba thrí shúile an Bhraisíligh seachas trí shúile an Ollanaigh a dhearc sé ar Éirinn an t-am seo.
gur dócha nach bhfaca sé fiú calóg amháin sneachta that he probably never saw a snow flake
" Ach céard dá n-inseofaí an fhírinne dóibh agus go n-inseofaí dóibh gur i dtír the theolaí cois farraige a mhair Daidí na Nollag, nár scair sé suas ar réinfhia riamh agus gur dócha nach bhfaca sé fiú calóg amháin sneachta ina shaol flaithiúil fada?! Sin é a nochtadh domsa le déanaí nuair a thug mé cuairt ar an mbaile beag Demre, nó Myra mar a thugtaí air in am Niocláis, ar chósta iardheisceart na Tuirce.
thuig mé an chiall a bhaineann leo I saw the sense in them
" Is cuimhin liom, sula raibh páistí agam, nach raibh mórán spéise agam i gcarranna fada, ach ón am a tháinig ár gcéad leanbh ar an saol thuig mé an chiall a bhaineann leo.
chonaic mé an líon mór daoine I saw the large crowd of people
" ‘Slán le Seán’ ====== Bhí baint agam leis an máirseáil a eagraíodh i gConamara ar an Domhnach, 23 Feabhra agus líon sé mo chroí le dóchas nuair a chonaic mé an líon mór daoine a tháinig amach ar an lá, le homós agus le buíochas a theaspáint don iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin , a bhí ag éirí as oifig an lá sin, ar bhonn prionsabail.
cé nach bhfaca muid although we only saw
" Laochra go Leor ====== Bhí laochra go leor againn ó na spóirt éagsúla cé nach bhfaca muid ach spléachadh beag orthu anois is arís i nuachtspól sa phictiúlann nó ar an teilifís - Ronnie Delaney (lúthchleasa), Christy O Connor (galf), Ben Hannigan, Pele (sacar), Jim Mc Court (dornálaíocht, Toiceó 1964), Tommy Wade ar Dundrum (san eachléim), Christy Ring, muintir Rackard, Kevin Heffernan, Ollie Walsh, Mick O Connell ó thaobh na gcluichí Gaelacha agus mar sin de.
B’fhacthas di as she saw it
" B’fhacthas di, is cosúil, go raibh géarghá socheolaíoch lena leithéid.
D’aithníos tréith ann I saw a traig in him
" D’aithníos tréith ann ná faca i mórán imreoirí eile, tráthnóna Lá Fhéile na Marbh 2013.
leis na toirisc with the saws
" An Cleas ==== Uair nó dhó sa bhliain, íocfaidh Bord Soláthair na hAibhléise comhlacht príobháideach le teacht thart leis na toirisc.
dar leis as he saw it
" Bhí sé chomh spíonta is nach raibh, dar leis, ach an dá rogha roimhe.
nach bhfaca sé ach clocha móra marbhánta he only saw big dead stones
" Mar léiriú air seo, dúirt sé nuair a chonaic sé dealbhóireacht Ghréagach, agus é ar cuairt ar Iarsmalann na Breataine, nach bhfaca sé ach clocha móra marbhánta, rud a bhí i gcodarsna, dar leis féin, le heisint an fhíordhuine.
Chonaiceas I saw
" Chonaiceas scannán leis an stiúrthóir clúiteach Rómánach Cristian Mungiu ar na mallaibh, scannán bunaithe ar fhíoreachtra a thit amach i séipéal iargúlta sa Mholdáiv, sa Rómáin, sa bhliain 2005, áit a bhfuair bean óg bás agus deasghnáth deamhandíbeartha faoi lánseol, nó sin a deirtear ar aon chuma.
ba léir dom I saw it as obvious
" Ní raibh iontas orm nuair a foilsíodh drochthuairisc sa tír seo mar ba léir dom nach raibh an SPNF / Rialtas ag déanamh móráin leis an LCS a chosaint.
Ní fhaca siad tada we saw nothing
"Ní fhaca siad tada is níor chuala siad tada’ a bhain leis an tSionainn.
nár leag súil ar who never saw
" Ríomhfaidh Bearnaí Ó Doibhlin an scéal dúinne nár leag súil ar ‘cheann de na heachtraí is iontaí ar dhromchla an domhain’.
Chonacthas di she saw
" Chonacthas di corrchosúlacht idir sean-nósanna na hÉireann agus roinnt de chleachtais na Tansáine.
thuas seal thíos seal (saw) the ups and downs
" Bhí Julia Gillard thuas seal thíos seal mar Phríomh-Aire na hAstráile agus bhí Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar an scéal.