Thug mé faoi deara go raibh ribí bána d'fhionnadh cait ar a cóta agus smaoinigh mé ag an am go gcaithfeadh sé go raibh sí buíoch as comhluadar an chait.
scrobarnach ribí sna polláiríscrubby bristles in the nostrils
Bhí línte i ngach áit air, a éadan, línte doimhne ag síorathrú timpeall ar na súile, ar an mbéal agus é ag meangadh, na malaí seasta amach, bán, scrobarnach ribí sna polláirí, i bpoill na gcluas, línte ar na méara freisin, an muineál, gach áit.
Ní hamháin gur fhág an tae ribí beaga ar mo theanga leis an tainnin agus an tseirbhe, bhí an oiread sin pointí teagmhála ag an uisce a fhad is a bhí sé sa phota go raibh an tae fuar.
Tá leacht tiubh sa chochla agus ar a hurlár tá structúr ilchasta, ar a ghlaotar Orgán Corti, leis na mílte mionghuairí, ribí gruaige a 'léann', nó a bhaineann adhmad as an minicíocht chasta, phróiseáilte.
Bhí sé doiligh go leor cur suas leis na léinte gorma, ach anois tá daoine ann le léinte bándearga! Ní chaitheann a leath acu carbhait agus tá an leath eile ag iarraidh aos bearrtha ribí gruaige a chur as gnó.
Téann cultas taisí go fada siar i stair na Eaglaise agus is mór an urraim a bhí ag oilithrigh, go háirithe sa mheánaois, do chnámha, ribí gruaige, ball coirp agus stiallacha éadaigh a tháinig ó naomh nó ó mhairtíreach.