Tá an cur is cúiteamh ar bonn le blianta faoi ghaelscoilis agus is féidir, cuirim i gcás, mífhuaimniú ‘t’ agus ‘d’ na gcéadta cainteoirí ‘leath-Ghaeilg’ i gCúige Mumhan a rianú siar chuig aon mhúinteoir amháin i meánscoil áirithe sa chúige chéanna.
Cíorann Ciarán Mac Aonghusa siocair na mí-úsáide laistigh den Eaglais Chaitliceach, gné na haontumhachta, gné is féidir a rianú i bhfad siar ach, gné nár thosaigh le tús na Críostaíochta mar sin féin.