Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
éirithe as retired
atá éirithe as a gcuid oibre who are retired
" Tagann páistí, déagóirí, daoine proifisiúnta agus daoine atá éirithe as a gcuid oibre.
éirithe as an obair retired
" Ach go minic ní bhíonn fhios ag na freastalaithe go bhfuil ailse orthu go dtí go mbíonn siad sean agus éirithe as an obair.
scortha retired
" Tá scata breá daoine sa chumann - tá cuid mhaith acu scortha agus cineálacha éagsúla cúlra acu, ó iarfhear an phoist go hiarollamh ríomhaireachta.
gur éirigh sé as an mhúinteoireacht until he retired from teaching
" Bhí sé ansin gur éirigh sé as an mhúinteoireacht i 1986.
D'éirigh sí as an pholaitíocht she retired from politics
" D'éirigh sí as an pholaitíocht anuraidh agus caitheann sí i bhfad níos mó ama lena pléisiúir féin: a clann, galf agus, ainneoin nach gcreidim í, ag tabhairt tacaíochta do Manchester United! *Is iriseoir leis an *Irish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen.
ar dhuine scortha é who was a retired person
" Bhí fear cairdiúil, ar dhuine scortha é, taobh thiar den chuntar.
ar scor retired
" Bhí an smaoineamh céanna ag seansagart as an gCóbh ó dhúchas, an tAthair Micheál Ó Súilleabháin, atá ar scor anois.
ar scor retired
" Dar fia, tá boladh na fola i sróna na nDaonlathach, go háirithe le déanaí nuair a tháinig seisear ginearál sinsearach, atá ar scor anois, amach sna meáin ag éileamh go mbrisfí an Rúnaí Cosanta, Donald Rumsfeld, as a phost.
oifigigh scortha retired officers
" Ní cheadaítear d'oifigigh arm Mheiriceá, dála an scéil, cáineadh a dhéanamh ar an uachtarán ná ar a chomh-aireacht, agus nuair a bhíonn an t-arm ag iarraidh a mhíshástacht a chur in iúl, déantar é trí oifigigh scortha.
ar scor retired
" Dar fia, tá boladh na fola i sróna na nDaonlathach, go háirithe le déanaí nuair a tháinig seisear ginearál sinsearach, atá ar scor anois, amach sna meáin ag éileamh go mbrisfí an Rúnaí Cosanta, Donald Rumsfeld, as a phost.
oifigigh scortha retired officers
" Ní cheadaítear d'oifigigh arm Mheiriceá, dála an scéil, cáineadh a dhéanamh ar an uachtarán ná ar a chomh-aireacht, agus nuair a bhíonn an t-arm ag iarraidh a mhíshástacht a chur in iúl, déantar é trí oifigigh scortha.
éirithe as an obair retired
" Roinnt eile éirithe as an obair agus dúil acu sa saol éasca leamh leisciúil faoin ngrian.
éirithe as retired
" ” Ní haon ionadh, mar sin, go ndeir an Coileánach go mbeidh sé fós ar fáil do mhic léinn iarchéime, fiú agus é éirithe as.
go ndeachaigh sé ar scor until he retired
" ” Chaith Risteard beagnach tríocha bliain san Institiúid ar fad go dtí go ndeachaigh sé ar scor trí bliana ó shin.
Chuaigh Krauss ar scor óna phost Krauss retired from his job
"Chuaigh Krauss ar scor óna phost mar stiúrthóir Ionad Theangacha Dúchasacha Alasca seacht mbliana ó shin ach tá oifig aige ansin go fóill agus caitheann sé go leor ama san ionad.
a bhí imithe ar scor who had retired
" Ag an am céanna, mar gheall ar dhul in aois dhaonra na hAstráile, thosaigh daoine a bhí imithe ar scor ag cur fúthu ansin, chun an seal deireanach dá saol a chaitheamh cois farraige.
atá éirithe as ó shin. who has since retired
" Seans mór go raibh a fhios ag Irvine fán chomhoibriú rúnda a bhí ar siúl idir an RUC agus an UVF – é sin a d’fhág dáréag ar a laghad marbh dar le Nuala O'Loan, an tOmbudsman Póilíneachta ó thuaidh atá éirithe as ó shin.
ar féarach on the grass, retired
" Measann muid fós gur áit í atá an-oiriúnach mar áit le teaghlach a thógáil – agus tá an tseanlánúin seo ar mhuin na muice agus ár saol ar féarach á chaitheamh againn in Canberra! As Bóthar na bhFál i mBéal Feirste é Bearnaí Ó Doibhlin ach tá cónaí air san Astráil ó bhí 1972 ann.
éirithe as an pholaitíocht having retired from politics
" Ar saoradh tír ar bith ón daorsmacht lena leithéid de ghníomh suarach? *Jaw-jaw* duine ar bith? ***************** Anois agus Ian Paisley éirithe as an pholaitíocht – rud a rinne sé ag deireadh na míosa seo caite – tá sé le dírbheathaisnéis a scríobh.
sular éirigh sé as before he retired
" Fear gnó as Contae Mhaigh Eo é, John Kennedy, a rinne na milliúin i Sasana sular éirigh sé as.
ar scor retired
" Tá na feirmeoirí ag brath freisin ar dhaoine ar scor a chaitheann cuid dá saol ag taisteal – ‘fánaithe na léithe’, mar a thugtar orthu, ach arís, níl an cumas ceart iontu.
éirigh sé retired
" Deir sé liom freisin gur oibrigh sé i monarcha próiseála bainne gur éirigh sé as cúíg bhliain ó shoin agus anois go bhfuil sé ag obair i bpáirc charabháin.
scortha retired
" na Gaillimhe, sárobair fosta 20 bliana ó shin nuair a bhí sí ina rúnaí de fhochoiste na Gaeilge den British Association for Irish Studies agus í ina cónaí i gCoventry, Sasana, ach tá sí scortha le blianta.
saol scoir retired life
" SMM: Guímid gach rath ort don saol scoir sna blianta amach romhat.
ar féarach retired
" Rud tábhachtach i gcás *River Road* ná gur múinteoir é an príomhcharactar sa scéal seachas iriseoir ná bleachtaire atá ar féarach.
ar féarach retired
" An Leas-Cheann Comairle: Dinny McGinley =================== Sa chás go seasfaidh sé babhta amháin eile (agus ó tharla Pádraig Mc Cormack a bheith dulta ar féarach) beidh aitheantas le fáil ag an seanfhondúir agus Gaeilgeoir líofa i ndeireadh thiar thall.
Cúbtha Siar retired, cowering
" Cúbtha Siar ó Theas is ó Sholas ================== Cuid de na daoine a tháinig chuig dinnéar na Nollag faoi chúram Barka, bhí sé chomh fada ó bhí siad i gcomhluadar le daoine eile nach raibh sé de mhisneach acu dul thar an táirseach.
imithe amach ar féarach retired
" Tá bhur bhflaitheas féin caillte agaibh le bliain anois, agus nach maith mar atá sibh imithe i dtaithí air? Nach bhfuil sibh i bhfad níos fearr as faoin Troika? Nach fearr i bhfad an saol atá agaibh anois ná mar a bhí agaibh cheana? Féach anois, beidh leath na seirbhíse poiblí imithe amach ar féarach faoi dheireadh na míosa seo – an leath is sine agus is sinsearaí – agus tá airgead mór de dhíth chun na cnapshuimeanna ar fad a íoc, gan trácht ar na pinsin.
uilig éirithe as all retired
" An seachtar a thoisigh, tá siad uilig éirithe as agus tá siad i mbarr a sláinte, buíochas do Dhia.
tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach having retired as an Irish diplomat
" Tadhall le Naimhde ======= Mhínigh O Brien ina leabhar tar éis dó éirí as oifig mar thaidhleoir Éireannach agus idirnáisiúnta fiú na deacrachtaí a bhaineas leis an ndébhríochas taidhleoireachta: *“the successful wielder of ambiguity has a certain high imperiousness in his attitude to facts and inclines to a magician-like confidence in the overmastering power of language.
i ndiaidh éirí as a phost has retired
" Tá comharba Pheadair, coimeádaí eochracha na bhflaitheas, i ndiaidh éirí as a phost mar fhear ionaid Chríost ar an saol seo, agus cé a thógfadh air é, a léitheoirí dílse? Is trom cearc i bhfad, a deirtear, ach is troime go mór cuid deacrachtaí na hEaglaise Caitlicí ar na saolta seo.
d’éirigh as an bpost retired from his position
" D’fhógair sé freisin gur ghlac an bhanríon lena mholadh an teideal dáma a bhronnadh ar Ard-Ghobharnóir na hAstráile, Quentin Bryce, a d’éirigh as an bpost an lá céanna, agus an teideal ridire a bhronnadh ar a comharba, an Maorghinearál Peter Cosgrove.
ar leathscor semi-retired
" Iar-Uachtarán ar Chomhar na Múinteoirí Gaeilge agus é anois ar leathscor as saol riaracháin Ollscoil Luimnigh, glacann Liam páirt ghníomhach i gCumann Merriman, ina scoileanna samhraidh agus geimhridh.