Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
comhbhách, comh-mheasach, sympathetic, mutually respectful
" Agus coiste an Erectus ag iarraidh a bheith comhbhách, comh-mheasach, chomh hamaideach agus a thiocfadh leo a bheith, chuir siad na fógraí poiblí in Ultais! Anois, a léitheoirí, an dtuigeann sibh cad é an rud é Ultais? Ní thuigeann? Go maith! Nó ní thuigeann duine ar bith eile.
ghníomh urraime a respectful deed
" Tugadh Maman ar na damháin alla seo mar ghníomh urraime dá máthair, Joséphine, bean a bhí foighneach, airgtheach agus fuinniúil.
tagairtí ómóis respectful references
" Chaith sé roinnt blianta ina chónaí in aontíos leis an racghrúpa cáiliúil *The Grateful Dead* freisin; tá tagairtí ómóis dó i roinnt amhrán leo, rud eile a chuirfeadh ar do shúile duit go raibh saol rómánsach, fiáin an *rock-and-roller* aige.
Rinne sé tagairt ómósach he mentioned in respectful terms
" Rinne sé tagairt ómósach do shaothar Munch i gcloigeann an chapaill atá ag screadaíl ina phictiúr agus a chuireann uafás an radhairc in iúl dúinn.
go deas, urramach agus béasach nice, decent and respectful
" An aicme a thapaigh an deis lena dtuairim a chur in iúl, caithfear a rá go raibh siad go deas, urramach agus béasach lena chéile ar feadh i bhfad.