Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dea-rúin resolutions
" Cé mhéad againn féin a bhfuil coinsias iomlán gan smál againn? Cad iad na dea-rúin atá againn ar fad anois sa bhliain úr? Cad is féidir linn a dhéanamh le cinntiú go mbeidh polaiteoirí le dea-luachanna seachas iad siúd a bhfuil ceisteanna ann faoina gcaighdeáin eiticiúla i gceannas tar éis an chéad toghchán eile? *Tá Emer Ní Bhrádaigh ag obair mar léachtóir le Fiontraíocht le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU).
taifeach resolution
" Anuas ar an taifeach íseal sin, ní bhíonn mórán giotán á n-úsáid chun na dathanna a stóráil agus bíonn an raon dathanna sna híomhánna teoranta dá bharr.
dhea-rúin na bliana úire new year's resolutions
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú .
rúin resolution
" An raibh sé deacair? (Ag gáire) Lig mé orm nach raibh mé ag déanamh rúin ar bith ach ag staonadh ón gcéad cheann eile a ghlacadh agus d'éirigh go maith liom mar sin.
na mílte rún thousands of resolutions
" Seo chugainn an bhliain úr agus caithfidh mé a rá go bhfuilim beagáinín míshocair, mar seo an t-am a dheinim na mílte rún faoin saghas saoil is mian liom a chaitheamh sa dá mhí dhéag atá romham.
réiteach resolution
beidh sé mar dhea-rúin na bliana úire agam it will be a new year's resolution for me
" Mar sin, beidh sé mar dhea-rúin na bliana úire agam tréan-iarracht a dhéanamh gan dul ró-chóngarach do leoraithe agus mé amuigh ag siúl, ar mo rothar nó ag tiomáint.
Ag moladh an rúin supporting the resolution
" Ag moladh an rúin sna Náisiúin Aontaithe a cheadaigh an t-ionsaí, mhaígh SAM gur bhagairt don tsíocháin agus don chobhsaíocht idirnáisiúnta a bhí i staid pholaitiúil na Somáile.
rúndaingne resolution, determination
rún resolution
" I ndiaidh Oibríocht Teilg Luaidhe, inar maraíodh os cionn 300 páiste i Stráice Gaza, vótáil Schakowsky ar son rún Tí ag tacú le ceart Iosrael í féin a chosaint.
rún ar bith any resolution
" Mar mhalairt ar “pháirt-reo” ar thógáil áitreabh nua ar an mBruach Thiar ar feadh 90 lá, tabharfaidh SAM aerárthaigh troidbhuamála ar fiú $3 billiún iad d’Iosrael saor in aisce (anuas ar na billiúin a thugann siad gach bliain), crosadh ar rún ar bith de chuid Comhairle Slándala na Náisiún Aontaithe nach dtaitníonn le hIosrael, eisceacht maidir le tógáil áitreabh in Iarúsailéim Thoir, agus gealltanas scríofa nach n-iarrfaidh Obama “reo” eile ar Iosrael amach anseo.
moltaí resolutions
" Foilsíodh an Dréachtstraitéis i mí na Samhna anuraidh agus chuir baill den phobal agus den Chomhchoiste Oireachtas a bhí ag plé leis, moltaí chun tosaigh len é a leasú.
rún a resolution
" Bíodh sé mar rún againn don bhliain nua!
dhea-rúin good resolutions
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo thús na bliana ach díriú isteach ar dhea-rúin na bliana úire.
céad rún first resolution
" “Tá rún agam éirí as an phost seo le Beo Ar Éigean!” a dúirt Balor an Bligeard os ard le haer cumhra na pluaise, “agus sin céad rún na bliana úire seo!” Ansin scaoil sé broim mhór fhada dhéistineach shamhnasach shásúil, agus chinn sé ar chúpla rud a scríobh faoi na rúin a bhíonn aige féin agus ag daoine eile.
rúin resolutions
" Níorbh ionann iompar Arm na tíre seo sa Liobáin agus iompar airm thíortha eile na Náisiún Aontaithe ann, cé go raibh siad go léir ag feidhmiú sa Liobáin faoi na rúin chéanna le UNIFIL.
chuir rún placed a resolution
" Ba iad Joe Lieberman agus a leathbhádóir John McCain, ar na páirtínigh Iosrael is láidre ar Chnoc an Chaipeatóil, a chuir rún faoi bhráid Seanad SAM maidir le limistéar faoi chosc eitilte a chur i bhfeidhm os cionn na Libia.
rún sláinte a health resolution
" “Ach Roseanne,” cloisim uaibh, “is colún teicneolaíochta seo, ní slí maireachtála! B’fhéidir gurb ionann an dá rud duitse ach bhí mise ag súil leis an alt sin faoi iOS5 nár scríobh tú go fóill!” Ach, a chairde, tá neart suíomhanna is feidhmchláiríní iOS is Android ann a chabhródh leat beartas agus taifead a dhéanamh agus spreagadh is tacaíocht a fháil nuair a bheas tú ag tabhairt faoi rún sláinte.
dea-mhianta na hathbhliana new year’s good resolutions
" B’fhéidir go mb’fhearr i bhfad an t-alt seo a scríobh do Bheo mhí Eanair nuair atá dea-mhianta na hathbhliana snasta úr ar bharr d’intinne.
moltaí a dhréachtadh to draw up resolutions
" ” Mhol sé don Údarás moltaí a dhréachtadh chun an comhoibriú úd a chothú.
rún simplí soiléir a clear simple resolution
" Tá freagracht ar an rialtas foclaíocht rún an reifrinn a cheapadh, ach ba chóir dó dul i gcomhairle thomhaiste chomhoibríoch leis an bhfreasúra le rún simplí soiléir a chur le chéile.
réiteach coimhlinte conflict resolution
" In Ollscoil Saint Marys i lár na cathrach, bunaíodh scéim do mhic léinn ollscoile ar mhaith leo tabhairt faoi réiteach coimhlinte, scéim a ligeann dóibh taisteal go Béal Feirste agus obair a dhéanamh le haos óg Náisiúnach agus Aontachtach gach bliain.
An moladh as cuimse the far-reaching resolution
" **SÓC: An moladh as cuimse a bhí i ndúnghaois Fhine Gael leis an Ghaeilge a dhéanamh roghnach mar ábhar ardteistiméireachta?** MMGE: Ní bhacaim barraíocht le polaitíocht ach téann gach rud trí thréimhsí athraithe, ó thaobh an stair a bhí againne faoi rialtas Shasana, tá muid i gcoinne gach rud a thaganns anuas ón bharr! **SÓC: Mar fhocal scóir a Mhichíl, luaigh tú linn ar ball go raibh tinneas ort tráth.
a bheith ag cur moltaí i bhfeidhm putting resolutions into effect
" De réir tuarascáil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le ballstáit a bheith ag cur moltaí i bhfeidhm ó thaobh cosaint a thabhairt do pháistí sa domhan digiteach, níl treoirlínte tugtha isteach ach ag deich gcinn acu.
díriú isteach ar dhea-rúin na bliana úire stuck into the new year resolutions
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach díriú isteach ar dhea-rúin na bliana úire: iad a chumadh, a scríobh, a mhionnú, a bhriseadh.
Is é an rún is doichte most staunch resolution
" Is é an rún is doichte agus is daingne agus is dobhriste a dhéanfaidh Balor i mbliana, a léitheoirí, ná… bhuel, tá sé cineál diúltach seachas deimhneach mar rún.
orduithe agus rúin éagsúla various orders and resolutions
" Cheap O Brien agus taidhleoirí eile nár scoilt mhídhleathach iarracht Katanga stádas poblachta neamhspleách a chur uirthi féin, agus d’fhéadfadh sé orduithe agus rúin éagsúla ó Choiste Slándála na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac a bhéimniú d’fhonn an mhídhleathacht sin a mhíniú.
sular cuireadh na moltaí sin i bhfeidhm before the resolutions were put into effect
" Bheadh céad bliain eile ann sular cuireadh na moltaí sin i bhfeidhm áfach.
dea-rúin na hathbhliana new year’s resolutions
" Ach tá féile lár an gheimhridh thart, agus tá sé in am díriú isteach ar bhliain úr agus ar gach a mbaineann le tús nua, mar atá dea-rúin na hathbhliana.
Bhí rún ar an gclár there was a resolution on the program
" Bhí rún ar an gclár ag tacú le héileamh an Chonartha maidir le Gaeilge a bheith ina hábhar riachtanach le fáil isteach san Ollscoil nua.
dea-rúin resolutions
" Tá comhairle ag Balor dóibh siúd go léir ar mian leo dea-rúin a scríobh ach nach bhfuil fonn orthu cloí leo.
réiteach resolution
" Tá caidreamh i bhfad níos fearr ag an Timor Thoir leis an Indinéis anois ach níl aon réiteach faighte fós ar an aighneas atá ar siúl le tamall idir í féin agus an Astráil.
dea-rúin resolutions
" Tá comhairle ag Balor dóibh siúd go léir ar mian leo dea-rúin a scríobh ach nach bhfuil fonn orthu cloí leo.
cloí leis na rúin to stick to the resolutions
" Cé gur theip ar Cholm Ó Snodaigh cloí leis na rúin a leag sé síos do 2006, tá cinn nua aige don bhliain atá romhainn…