Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag teastáil required
" Bíonn daoine gafa le raidió agus teilifís, agus tá sé sin go maith, ach tá margadh do leabhair agus d'irisí ana-bheag, ach amháin na leabhair atá ag teastáil don chóras oideachais.
de dhíth required
" An dtuigeann tú, níl an Phàrlamaid ar an saol le fada, agus níl taithí fhada againne, i gcomparáid le Dáil Éireann, nuair a bhíonn focail nua de dhíth.
a bheadh uait that you would require
" Tá linnte snámha ansin, linnte speisialta i gcomhair teiripe, trá phríobháideach in aice na farraige féin agus gach áis eile a bheadh uait chun saoire thaitneamhach chiúin a bheith agat, agus faoiseamh a fháil ón saol mór.
a theastaíonn that is required
" An bhfuil aon rud go bhfuil aiféala ort nár bhain tú amach? (I nguth láidir dearfa) Níl! (Ag gáire anois faoina chinnteacht féin!) An bhfuil aon rud a theastaíonn uait a bhaint amach go fóill? Níl aon rud ar leith.
ag teastáil required
" Níl sé beartaithe ach an séú cuid a chur ar fáil den airgead atá ag teastáil chun an Ryan White CARE Act a mhaoiniú, acht a bhfuil sé mar aidhm aige cuidiú a chur ar fáil d'othair HIV a bhfuil ioncam íseal acu chun cur ar a gcumas cúram sláinte a fháil agus drugaí a chuirfidh fad lena saol.
ag teastáil required
" Bhí ceithre seachtaine ag teastáil i ndáiríre seachas trí seachtaine, ach ní raibh sin againn.
de dhíth required
" Bhí an spéir breá geal, ach ní raibh sé te – bheadh cóta de dhíth taobh amuigh agus geansaí agus tú taobh istigh.
ag teastáil required
" “Fuair mé post sa *trust department *agus ní raibh a fhios agam cad a bhí i gceist le *trust *fiú! Ní raibh deacracht agam post a fháil mar bhí mé réasúnta maith leis na huimhreacha agus sin an rud a bhí ag teastáil san obair sin.
go dteastaíonn slua de thart ar thríocha míle duine that a crowd of about 30,000 people is required
" Tá sé ráite go dteastaíonn slua de thart ar thríocha míle duine chun an costas a bhaineann le reáchtáil cluiche amháin i bPáirc an Chrócaigh a ghlanadh.
a theastaíonn le méadú which is required for expansion
" Má tá saintuiscint agus saineolas luachmhar ag comhlacht tiocfaidh an *critical mass* de réir a chéile a theastaíonn le méadú.
de dhíth required
" Bhuel, bíonn cosaint de dhíth ar dhaoine má théann siad go dtí an t-oileán i mí an Mheithimh.
a theastaíonn le méadú which is required for expansion
" Má tá saintuiscint agus saineolas luachmhar ag comhlacht tiocfaidh an *critical mass* de réir a chéile a theastaíonn le méadú.
de dhíth required
" Bhuel, bíonn cosaint de dhíth ar dhaoine má théann siad go dtí an t-oileán i mí an Mheithimh.
atá de dhíobháil ort that you require
" Más craic agus spraoi fríd mheán na Gaeilge (agus na Gàidhlig) atá de dhíobháil ort an t-earrach seo, b’fhiú duit bheith i láthair ag Gaelfest, an fhéile mhór Ghaelach a bheas ar siúl ag tús mhí an Aibreáin i mbliana i mbaile an Chabháin.
ag teastáil required
" Bhí sise ag múineadh adhmadóireachta ansin ach bhí sí ag iompar clainne agus bhí ionadaí a raibh Gaeilge aige ag teastáil ar feadh cúpla mí.
ag teastáil required
" AÓF: Céard a dhéanann sibh chun sos a thógáil ón gceol, nó an mbíonn sos agaibh riamh? NMacC: Ní bhíonn sé ag teastáil! *Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin.
de dhíth go práinneach urgently required
" Níl aon amhras ach go raibh beart den chineál sin de dhíth go práinneach ar an cheantar le faillí na mblianta a chúiteamh.
go raibh athruithe de dhíth that changes were required
" Bhí sé tuigthe ag an chuid is mó de phobal na cathrach go raibh athruithe de dhíth agus bhí dóigheanna éagsúla ann leis na hathruithe sin a thabhairt i gcrích.
ag teastáil required
" Tá speisialtóireacht agus oiliúint níos doimhne ag teastáil i ngach réimse den oideachas anois agus ní heisceacht ar bith í an Ghaeilge.
ag teastáil required
" Níl mórán ag teastáil chun na mílte a chur chun báis.
de dhíth required, needed
" Tá sé tábhachtach go dtuigfidh baill an bhoird seo go mbeidh ceannasaíocht dhearfach de dhíth i gcónaí agus daoine i mbun athshealbhú na Gaeilge.
atá uaim that I require
" com)) faighim cuid mhaith den eolas atá uaim láithreach bonn.
ag teastáil required
" “Bíonn fuil nua ag teastáil ó thaobh na haisteoireachta de.
ag teastáil required
" Má tá comhairle uait maidir leis an mbealach is fearr le rud ar leith a dhéanamh, is cinnte go bhfuil eolas ar fáil ar an idirlíon mar gheall air – níl ag teastáil ach cuardach tapa ar Google.
an tuairisc atá de dhíobháil air! the report he requires!
" Deir an eagraíocht fosta gur dócha ná a mhalairt go bhfaighidh an té a dhíolann airgead den chineál sin an tuairisc atá de dhíobháil air! Titeann sé ina dhiaidh sin ar phríomhoidí ciorclán na Roinne Oideachais i leith na díolúine a chur i bhfeidhm.
ag teastáil go géar badly required
" Caithfidh go mbíonn siamsaíocht ag teastáil go géar óna leithéid de dhaoine.
Tá maoirseacht de dhíth supervision is required
" Tá maoirseacht de dhíth le go gcoimeádfar súil ghéar ar chúrsaí agus le go rachfar i mbun gnímh chomh luath agus a dhéantar gearáin.
ina mbeidh gá le Gaeilge in which Irish shall be required
" Líon teoranta postanna a bheas i gceist - agus beidh ar gach Roinn liosta a thabhairt de na postanna ina mbeidh gá le Gaeilge.