na drogallóirí
the reluctant ones
Tá
na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste ar na hiaróga leis na neasghaolta sa teach.
ba leasc leis
he was reluctant
Ach
ba leasc leis an mugairle Mhuire a thabhairt uaidh.
ba leasc leis
he was reluctant
Toisc gur chaith sé a shaol go dtí seo ag imirt cluichí agus ag traenáil lá agus oíche, ó cheann ceann na seachtaine,
ba leasc leis saol na hoifige agus na gnáthoibre a chleachtadh go fóill.
ba leasc liom
I would be reluctant
Ach ar an taobh eile de,
ba leasc liom daoine a chur ag aistriú raidhse mhór cáipéisí go Gaeilge nach mbeadh éileamh orthu fiú ag Gaeilgeoirí féin.
bhí an-drogall orm
I felt very reluctant
Nuair a d'iarr an ghníomhaireacht fostaíochta orm dul go hoifig ar Bhóthar na Seancille,
bhí an-drogall orm.
drogallach
reluctant
Thug mé faoi deara go raibh cúpla focal ar a laghad ag cuid mhaith acu, cé go rabhadar
drogallach í a labhairt.
drogallóirí
reluctant ones
Tá na
drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh sos cogaidh sealadach sobhriste a fhógairt sa chath síoraí leis na neasghaolta sa teach.
dul i ngleic le go leor státseirbhíseach drogallach
to tackle plenty of reluctant civil servants
Le sin a chur i gcrích, beidh orthu
dul i ngleic le go leor státseirbhíseach drogallach agus a ndúshlán a thabhairt.
ní leasc leo
they are not reluctant
Tá bainistíocht ábalta agus chróga acu ar an taobhlíne –
ní leasc leo imreoir ar bith a bhaint den pháirc sa chás nach bhfuil sé ag imirt go maith.
go mbeadh drogall ar dhéagóirí teachtaireachtaí maslacha a scríobh
that teenagers would be reluctant to write abuse messages
Tá mé cinnte
go mbeadh drogall ar dhéagóirí teachtaireachtaí maslacha a scríobh ar an idirlíon nó a sheoladh óna nguthán dá mbeadh an baol ann go mbéarfaí orthu.
is leasc leis an uachtarán a leithéid a dhéanamh.
the president is reluctant to do such a thing.
Fiú agus a leathbhádóir Tony Blair ag rá go hoscailte gur mhaith leis cainteanna a thosú leis na tíortha sin,
is leasc leis an uachtarán a leithéid a dhéanamh.
díomhaoin drogallach,
idle reluctant,
“Maith thú féin hé!” a d’fhreagair Diarmuid
díomhaoin drogallach, agus é ag diúgadh an dríodair as buidéal eile *champagne* agus á chaitheamh isteach sa linn snámha.
go mbeidh drogall ar mhuintir na tíre
that the people of the country will be reluctant
Measann daoine áirithe
go mbeidh drogall ar mhuintir na tíre an oiread sin cumhachta a thabhairt do pháirtí amháin.
tá drogall orthu fáil réidh leo.
they are reluctant to get rid of them
Céard leis a bhfuil siad ag fanacht?
De bhrí, b’fhéidir, gur féidir le scríbhneoirí an obair a dhéanann eagarthóirí agus foilsitheoirí a fheiceáil go fisiciúil – san eagarthóireacht agus sa leabhar –
tá drogall orthu fáil réidh leo.
drogallach
reluctant
Nó murab é an *stigma* is cúis le hiad a bheith
drogallach íoc as na drámaí a fheiceáil, caithfidh gurb é is cúis lena gcuid leisce ná go síleann siad gur chóir do chuile rud i nGaeilge a bheith saor in aisce *de thoradh* é a bheith i nGaeilge.
Ba léir nár leasc leis
It is clear he wasn't reluctant
Ba léir nár leasc leis féin cinntí polaitiúla a dhéanamh nuair a d’oir sé dó.
Bhí drogall orm ag an am,
I was reluctant at the time
Cad é mar a tharla sé sin?
“Tá a fhios agat an t-amhrán sin de chuid Bob Dylan, ‘Stuck Inside of Mobile With the Memphis Blues Again’? Bhuel, tá línte san amhrán sin atá an-oiriúnach sa chás seo: ‘And here I sit so patiently, Waiting to find out what price, You have to pay to get out of, Going through all these things twice’!
Bhí drogall orm ag an am, bhí amhras orm faoi dhul síos an bóthar céanna.
go raibh drogall ar na Meiriceánaigh
that the Americans were reluctant
Más fíor do Boutros-Ghali, cén fáth nach raibh na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain ag iarraidh stop a chur leis an gcinedhíothú? Deirtear go minic
go raibh drogall ar na Meiriceánaigh dul isteach i dtír Afracach eile mar gheall ar Chath Mogadishu, eachtra “threampánach”, inar maraíodh ocht saighdiúir déag, a tharla sa tSomáil sa bhliain roimhe sin (http://www.
mar bíonn drogall orthu
because they are reluctant
Cé gur gormaigh iad deich faoin chéad de dhaonra na cathrach, ní bhíonn daoine de chuid an phobail sin le feiceáil i bhformhór na n-áiteanna i Learpholl
mar bíonn drogall orthu a gceantar féin (Liverpool 8/Toxteth) a fhágáil mar gheall ar chiníochas.
Cé gur leasc liom a bheith ag maíomh
although I am reluctant to be boasting
Cé gur leasc liom a bheith ag maíomh, ní miste dom a rá go bhfuil seoid eile d’alt agam daoibh an mhí seo, a léitheoirí dílse: alt ina bhfuil scéal eisiach, scúpscéal, scéal a bhí brúite faoi chois ag Seirbhís Rúnda na hÉireann, ach ar tháinig Balor an Bleachtaire Bóiscéalach air le teann fiosrachta agus fíriúlachta agus friochnaimh.
drogallach
reluctant
In ainneoin go bhfuil sé
drogallach roimh chlú, tabharfaidh Mac Con Iomaire faoi chamchuairt lena albam nua a chur chun cinn i mí Mheán Fómhair.
is drogallaí
most reluctant
Ní múinteoir uilechumhachtach é atá ábalta gach éagóir a chur ina cheart, a bhfuil réiteach gach faidhbe aige agus atá ábalta an scoláire
is drogallaí a spreagadh chun oibre.
Tá leisce orm
I%u2019m reluctant
Tá leisce orm Google a luadh arís san alt seo ach tá an méid sin seirbhísí maithe acu go bhfuil sé deacair iad a sheachaint.
bpócaí drogallacha an mheánaicme
reluctant pockets of the middle classes
Chuir Fianna Fáil inniu a lámha go doimhin i
bpócaí drogallacha an mheánaicme.
ba leasc
were reluctant
Ghlac sé seasamh láidir fosta ar fheallmharú Michael Dwyer sa Bholaiv, nuair
ba leasc le polaiteoirí de chuid Shinn Féin agus Páirtí an Lucht Oibre rialtas raidiceach Evo Morales a cháineadh.
Is leasc le
are reluctant
Is leasc le daoine díriú ar an seicteachas ar eagla go bhfaighidh siad amach go bhfuil an fhadhb rómhór, dosháraithe.
mba leasc
would be reluctant
Is sothuigthe mar sin go
mba leasc leis an tSín neamhspleáchas a thabhairt go fánach nó go fadálach don réigiún.
leasc
reluctant
Níor
leasc le fórsaí slándála na tíre forneart a úsáid chun daoine a chur óna dtithe.
faitíos orthu
they're afraid, reluctant
Ní hamháin sin, ach deir sé go bhfuil a fhios sin ag na réiteoirí, ach go bhfuil
faitíos orthu dada a dhéanamh faoin scéal ar eagla go gcuirfí ina leith nach bhfuil siad ag cuidiú le saorghluaiseacht an chluiche.
mba leasc leo
they were reluctant
Is cinnte go bhfuil cuid mhaith imreoirí atá sna fichidí ag caitheamh an chlogaid chéanna ó bhíodar ina ndéagóirí agus go
mba leasc leo tosú ar chlogad nua a chaitheamh.
drogallach
reluctant
Conas atá cúrsaí sa lá atá inniu ann? LH: Bíonn sé an-deacair i gcónaí a rá cathain a bhíonn an cainteoir deireanach beo fós, nó caillte, toisc go dtagann daoine eile chun cinn i gcónaí a mbíonn an teanga ar a dtoil acu ach a bhíonn
drogallach é sin a rá, ar pé cúis.
leasc
reluctant
Is fada íomhá ag lucht an aineolais den Ghaeilgeoir mar dhuine duairc dúr gan aoibh ar
leasc leis a bheith ag magadh faoi féin nó faoi éinne eile.
dhoicheallach
reluctant
Deir sé gur thug ceannaire an pháirtí an chluas bhodhar dá chuid tuairimí agus gur fáilte
dhoicheallach a chur a chuid comhleacaithe roimhe.
is leasc leo
they're reluctant
Agus
is leasc leo aird a tharraingt orthu féin nó ar an gcruachás ina bhfuil siad ar eagla go gceapfaí fúthu gur orthu féin atá an milleán má tá siad ina n-aonar.
bhí leasc orm
I was reluctant
“Bhuel, i bhfírinne,
bhí leasc orm an jab a ghlacadh,” ar sé.
a bhfuil leisce air
who is reluctant
Caithfidh Fine Gael déileáil leis an gceist faoin gceannaire atá orthu,
a bhfuil leisce air dul ag díospóireacht le Mícheál Martin agus le hÉamonn Gilmore.
bheadh leisce orm
I’d be reluctant
Má tá an Lucht Oibre ag diúltú an deis seo a thapú,
bheadh leisce orm vóta a thabhairt dóibh, mar nach bhfuil mé ag iarraidh Enda Kenny mar Thaoiseach.
Bíonn drogall orm
I’m reluctant
Bíonn drogall orm i gcónaí na cnoic a fhágáil i mo dhiaidh nuair nach bhfuil an ceann is airde dreaptha againn, ach bhí siúl fada againn ar ais go dtí an carrchlós i nGleann Beannchuir, in aice le Baile Ùr an t-Slèibh’ (Newtonmore).
Leisce orm
I'm reluctant
Leisce orm Dóchas a chur i Dinny:
===================
Tá Dinny Mc Ginley sa gcás céanna anois is a bhí Éamonn Ó Cuív i 1997: é roghnaithe ina Aire Sóisearach i gcomhrialtas nua, le freagrachtaí na Gaeilge is na Gaeltachta ar a ghualainn.
Ba leasc liom
I was reluctant
Ba leasc liom Trá Whitehaven a fhágáil i mo dhiaidh nuair ba mhithid dúinn filleadh ar an muireitleán.
Bhí drogall orthu
they were reluctant
142)
Bhí drogall orthu géilleadh.
is leasc leo
they're reluctant
Cé gur mian leis na meáin “Críostaí” a thabhairt ar Anders Breivik,
is leasc leo tabhairt le fios cén creideamh lena mbaineann leithéidí Bat Ye’or, Daniel Pipes, Hans Rustad, Flemming Rose, agus Pamela Geller a ghríosaigh é chun crosáid a fhógairt ar na Moslamaigh – atá dá ghríosú féin chun jihad ag an am céanna ag “Moslamach bunchreidmheach” ar nós Adam Gadahn, ar bhain a sheanathair, Carl Pearlman, leis an idé-eolaíocht céanna le Ye’or, Pipes agus Geller.
Níor leasc le
wasn’t reluctant
)
Níor leasc le Qaddafi na hIosraelaigh a náiriú ach an oiread.
fáilte fhuar dhoicheallach
a cold reluctant welcome
Má shíl Balor gur
fáilte fhuar dhoicheallach a fearadh roimhe, níor chuir sé as dó beag ná mór.
Tá drogall orm
I’m reluctant
Beidh leath acu láithreach…? Agus an leath eile…?
Tá drogall orm é a admháil, a fheara, ach ní thuigim!
**Troika:** Sin an tríú buntáiste a bhaineann le bheith gan cheannas: is cuma libh má thuigeann sibh nó mura dtuigeann sibh; tá sé a ghabháil a tharlú i gcás ar bith, fiú mura dtuigeann muid féin.
gur leasc go mór leis
would be very reluctant
Bíodh is go bhfuil traidisiún láidir imirce sa Ghailís le céad éigin bliain, shílfeá
gur leasc go mór leis an nglúin atá suas anois imeacht ón tír (agus a gceart sin acu) le hais a sinsear.
chomh domhain is gur leasc le rialtas ar bith
so deep that every government was reluctant
Faoi láthair tá na corparáidí airgeadais chomh mór agus na naisc eatarthu
chomh domhain is gur leasc le rialtas ar bith ligean do cheann acu cliseadh.
Tarraingt na gCos
being reluctant
Tarraingt na gCos
========
Gan a mhacasamhail de reachtaíocht is i gcúirteanna na tíre a shocrófar aighnis den chineál seo.
bheadh rófhaiteach lena leithéid a dhéanamh
would be reluctant to do so
**SMM: An duine eisceachtúil thú ó thaobh muiníne? - Sa mhéid go bhfuil tú in ann imeacht ó thír go tír, agus ó theanga go teanga gan mórán stró, mar bheadh daoine go leor eile a
bheadh rófhaiteach lena leithéid a dhéanamh?**
BL: Tá mé á dhéanamh le blianta anois agus tá mé cleachta leis, ach braithim go bhfuil mé ag tuirsiú.
Ní le fonn a thug mé cúl leis an uaigneas
I was reluctant to leave the quiet spot
Údar an Luathéirí
====
Ní le fonn a thug mé cúl leis an uaigneas agus leis an maorgacht mhór a bhí i mo thimpeall an dá lá sin.
mbeadh drogall orthu
they’d be reluctant
Thuigfeá cad tuige go
mbeadh drogall orthu bille a thionscain siad féin a chur faoi bhráid na Cúirte Uachtaraí.
Tá lucht an drogaill i ndiaidh
the reluctant gang have
Tá lucht an drogaill i ndiaidh an chuairt bhliantúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach, agus tá gach aon duine i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste leis na neasghaolta sa bhaile maidir le hiaróga dhúluachair na bliana.
Bíonn leisce ar an údar
the author is reluctant
”*
Bíonn leisce ar an údar an fhaill a ligean thairis gan chlisé nó steiréitíopa nó claontuairim a nochtadh faoi lucht labhartha na teanga.
Ná bíodh aon leisce ort
don’t be reluctant
Ná bíodh aon leisce ort stangaireacht a dhéanamh.
Freagra Mall Doicheallach
a slow reluctant answer
Freagra Mall Doicheallach
=========
Ach is dócha gurb iad na hoilbhéimeanna faoi dhrochúsáid ghnéasach leanaí is mó a chuir míghnaoi ar an tréimhse a chaith Benedict mar phápa.
raibh drogall orm
I was reluctant
Caithfidh mé a rá go
raibh drogall orm dul ag plé le polaitíocht arís, go háirid ó thaobh a bheith ag tógáil clainne agus mar sin de.
raibh drogall ar
was reluctant
Iarrachtaí Díbeartha
========
Ní hionadh go
raibh drogall ar Mharius filleadh abhaile, go háirithe más fíor an scéal atá le hinsint aige.
ball drogallach
a reluctant member
Ba bhall den Chomhlathas Briotanach –
ball drogallach caithfear a rá – í Éire um an dtaca sin, ach bhí sí neodrach le linn an Dara Cogadh Domhanda, nó Ré na hÉigeandála.
Cleamhnas ar Mífhonn
a reluctant matchmaking
Cleamhnas ar Mífhonn
=========
Ar dtús báire, ghlacfá a rá go rachaidh sé an-dian ar Fhianna Fáil agus ar Fhine Gael an seanfhaltanas atá eatarthu a chur ar leataobh.
Bíonn drogall ar na mná seo
these women are reluctant
Bíonn drogall ar na mná seo teagmháil a bheith acu leis na húdaráis ar eagla go gcuirfí abhaile iad.
Ní raibh aon leisce orthu
they weren’t reluctant
Ní raibh aon leisce orthu, mar sin, an cinneadh a dhéanamh a leas féin a chur chun cinn ar dhílseacht agus thug siad bata agus bóthar do Gillard.
le go mbeadh drogall ar a gcomharsain cur ina éadan
so their neighbours will be reluctant to oppose them
Níl le déanamh faoi láthair ag comhlachtaí fuinnimh ach airgead a thabhairt d'áitritheoirí áirithe
le go mbeadh drogall ar a gcomharsain cur ina éadan.
ina mbíonn drogall ar stáit
where states are reluctant
Léiríonn na constaicí seo an deacracht a bhaineann le comhaontú agus comhdhearcadh a bhaint amach ag an leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe i réimse chomh conspóideach leis an imirce
ina mbíonn drogall ar stáit aon phioc dá gcumhacht a thabhairt suas.
mbeadh leasc ar an chomhrialtas
the coalition government would be reluctant
Ach, in alt ar The Detail, dúirt Richard Moore gur mheas sé go
mbeadh leasc ar an chomhrialtas glacadh leis an mholadh.
bíonn drogall ar dhaoine aeracha na cathrach
the city’s gay people are reluctant
De réir mar a thuigtear do Dhónall,
bíonn drogall ar dhaoine aeracha na cathrach a spéis sa nGaeilge agus i saíocht traidisiúnta na hÉireann a léiriú de dheasca tuiscintí coiméadacha a bhíodh nasctha go haineolach leis an nGaeilge, rud nach bhfuil fíor a thuilleadh dar leis.
beidh leisce ar an rialtas
the government shall be reluctant
Ag an am céanna
beidh leisce ar an rialtas an reachtaíocht a úsáid in éadan baill den ASTI, mar go bhféadfadh sin deacrachtaí a chruthú, ní hamháin sa ghearrthéarma ach sa bhfadthéarma chomh maith, má tá coinníollacha oibre níos measa ag baill an ASTI seachas mar atá ag múinteoirí gur baill iad den cheardchumann eile, an TUI nó nach baill iad de cheachtar cheardchumann.
is minic go mbíonn drogall orthu
they're often reluctant
I gcás tíortha bochta
is minic go mbíonn drogall orthu míshásamh a léiriú faoi ghníomhaíochtaí atá ar siúl ag comhlachtaí móra idirnáisiúnta a fhostaíonn saoránaigh na Stát sin.
bhí drogall ar dhaoine
people were reluctant
Drogall na Seaniomaíochta
=========
Leis an tseaniomaíocht idir Learpholl agus Manchain,
bhí drogall ar dhaoine ó Merseyside dul ann, ach cúpla seachtain ó shin chuaigh mé féin ann in éineacht le Liam óg agus Ryan agus bhain siad sult as.
doicheallach roimh chumhacht a roinnt
reluctant to share power
Ni nach ionadh mar sin go mbeadh an páirtí a bhunaigh sé
doicheallach roimh chumhacht a roinnt le untermenschen Caitliceacha.
Is leasc le ceannairí Londain
London’s leaders are reluctant
Is leasc le ceannairí Londain Alba a ligean uathu, agus má fhanann na hAlbanaigh sa Ríocht is cinnte go méadófar na cumhachtaí atá acu.
bhfuil leisce ar
are reluctant
Bíodh is go
bhfuil leisce ar pholaiteoirí na hAstráile dul i ngleic le ceist na heotanáise, cuireadh an bille, *Medical Services (Dying With Dignity)*, síos ar chlár an tSeanaid sa pharlaimint náisiúnta ar na mallaibh.