Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an chaidrimh relations
" In ainneoin na n-athruithe ar fad atá tar éis tarlú sa tsochaí ó thaobh an chaidrimh idir ciníocha de, an bhfuil rudaí athraithe an oiread sin i ndáiríre? Ba cheart go spreagfadh roinnt eachtraí a tharla le tamall anuas muid le ceist a chur cad é go díreach atá athraithe, cad iad na hathruithe atá i gceist, cad iad na rudaí nár athraigh fós agus cén fáth nár athraigh siad.
chaidreamh relations
" Samhlaigh an dochar a dhéanfadh a leithéidí seo don chaidreamh idir dhá phobal ar bith.
gaolta na n-íospartach the victims' relations
" Nuair a cuireadh tús leis an phróiseas síochána sa chéad chuid de na nóchaidí cuireadh brú ar an IRA deireadh a chur leis an bhriseadh croí a bhí á fhulaingt ag gaolta na n-íospartach.
gaolta relations
" Nuair a stopann oifigigh inimirce é, áfach, ní bhíonn le déanamh aige ach ainm roinnt gaolta a lua a bhfuil postanna sinsearacha acu san arm agus sa pholaitíocht agus scaoiltear isteach sa tír é.
gaolta relations
" Daoine a raibh gaolta acu sa champa a bhí iontu den chuid is mó agus ba léir go raibh suim ag a lán acu, idir Éireannaigh agus Bhreatnaigh, sa tréimhse sin d'ár stair.
Chaidreamh Tionsclaíoch Industrial Relations
" Chinn sí ar chúrsa iarchéime sa mhargaíocht a dhéanamh sa Choláiste Náisiúnta um Chaidreamh Tionsclaíoch i Ranalach ach fiú leis an cháilíocht sin bhí deacrachtaí aici fostaíocht a fháil.
chaidreamh trasphobail cross-community relations
" Bhí seisean ag tagairt do chaidreamh trasphobail, ach in áit bheag mar na Sé Chontae faoi Fhorghabháil, comhairle mhaith atá ann maidir le suíomh ar bith ina bhfuil tú.
chaidreamh poiblí public relations
" Chaith muid lá ansin agus caithfidh mé a rá go ndearna siad jab maith leis an chaidreamh poiblí an lá sin.
ghaolta Éireannacha Irish relations
" Deir McEvoy gur fhoghlaim sé faoi chumacht na scéalta go luath ina shaol óna ghaolta Éireannacha.
luaite le mentioned in relation to
" Is é an stair áitiúil is mó atá luaite le Loch an Iúir nó Cath na Rosann a troideadh idir Dálaigh Thír Chonaill agus Niallaigh Thír Eoghain i 1435.
gaol relation
" Má bhíonn mac, iníon nó gaol ar bith eile de dhuine de na daoine a chaithfidh súil suas ar an spíce ag iarraidh coinne a fháil sa chlinic seo, beidh air fanacht suas le bliain ar a laghad.
ghaolta relations
" Tuairiscíodh sa *Guardian *go raibh ar mhná i bPeiriú a bhí ag díol seacláidí ar an idirlíon brath ar ghaolta leo a bhí ina gcónaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá chun déileáil le seiceanna agus orduithe airgid - réiteach nach raibh sásúil sa bhfadtéarma.
a dhuine muinteartha his relation
" Bhí sé le clos le déanaí ar *Morning Ireland *agus ar chlár raidió Marian Finnucane ar RTÉ ag cosaint a dhuine muinteartha Páidí Ó Sé, traenálaí fhoireann chaide Chiarraí.
caidreamh relations
" Mar sin, bhí Aznar ar son ionsaí a dhéanamh ar an Iaráic, ach fós mhaígh sé nach raibh aon athrú feiceálach ar pholasaí Eorpach na Spáinne, nó ar an gcaidreamh le tíortha Mheiriceá Theas, le Meicsiceo, nó leis na tíortha Arabacha.
gaol relation
" Tá cosúlachtaí idir na traidisiúin seo ach rud eile a rá go bhfuil gaol acu le chéile.
gaolta relations
" Rud tábhachtach amháin nár dhírigh Sheridan air, arsa Conde, ná na gaolta nach dtéann ar imirce, iad siúd a fhanann sa bhaile agus atá den tuairim go n-éiríonn le gach duine i Meiriceá milliún dollar a shaothrú ar an toirt.
na gaolta i bhfad amach the far-out relations
" Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste ar na hiaróga leis na neasghaolta sa teach.
ghaolta relations
" An lá ina dhiaidh sin, thug Rialtas na hÉireann £800,000 do ghaolta íospartartaigh Bhuama na hOmaí le cás príobháideach cúirte a leanstan.
mo ghaolta my relations
" Faighimse mórchuid de mo chuid amhrán ó mo ghaolta - m'athair go háirithe - agus ó mo chomharsanaigh i nGaoth Dobhair.
gaolta relations
" Cairde agus gaolta is mó a bhí i gceist ansin.
i gcuideachta mo ghaolta with my relations
" Ach ba mhaith liom, tar éis fiche bliain eile faoi bhláth ar an saol seo, a bheith i gcuideachta mo ghaolta is mo chairde ar neamh! Fuair tú gradam "The Greatest Living Irishman" in 2002.
mo ghaolta my relations
" Céard a thug go Poblacht na Seice in aon chor mé? Cinnte tá Prág go hálainn mar chathair, lena hailtireacht chlasaiceach mheánaoiseach, beoir bhlasta agus mná áille, ach canathaobh go dteastódh uait fanacht ann seachas ar do laethanta saoire amháin, mar a dhéanann gach éinne eile? Nó an bhfuil tú as do mheabhair ar fad? B'in iad na ceisteanna infhoilsithe a cuireadh orm nuair a chuir mé in iúl do mo chairde agus mo ghaolta go rabhas ag glacadh le post ag múineadh Gaeilge san ollscoil ansin.
dhaoine muinteartha relations
" Istigh sa pharlús bhí tuilleadh cainte ar pholaitíocht an tuaiscirt, ar dhaoine muinteartha linn agus ar an bPeil Ghaelach, dar ndóigh.
gaolta relations
" Déarfainn gur cheart do thosaitheoirí cúrsa nó dhó a dhéanamh, is cuma cén áit nó cén Ghaeltacht, go háirithe mura bhfuil gaolta agat in Éirinn.
oifigeach caidrimh phoiblí public relations officers
" I measc 67 oifigeach caidrimh phoiblí a bhí ag obair acu san Iaráic cúpla mí ó shin, ní raibh ach triúr a raibh Araibis acu.
ár ngaolta a chrá to annoy our relations
" Leis na háiseanna seo ar fad, is cinnte go mbeimid in ann ár ngaolta a chrá le grianghraif leadránacha ónár gcuid laethanta saoire go ceann tamaill eile! Is léiritheoir é Diarmaid Mac Mathúna sa rannóg chorparáideach in Agtel ((www.
bainistiú caidrimh chustaiméara the management of customer relations
" Ní hamháin go mbreathnaíonn daoine ar an idirlíon mar inneall cuardaigh nó mar uirlis taighde sa lá atá inniu ann, ach úsáidtear é chun réimse leathan gníomhachtaí a chur i gcrích: bainistiú caidrimh chustaiméara, seachadadh, déanamh orduithe, agus ag tabhairt tacaíochta do chianúsáideoirí an chomhlachta.
caidreamh relations
"caidreamh maith aige leis an fheidhmeannas ach próifíl íseal aige sna meáin chumarsáide.
caidreamh relations
" Marc: C Dún na nGall ======= *Dáithí Alcorn (FF)* Polaiteoir cliste a bhfuil caidreamh maith aige le feidhmeanaigh an Údaráis, leis an Aire Stáit Pat the Cope Ó Gallchóir agus leis an Aire Mary Coughlan.
ó thaobh caidrimh phoiblí de as regards public relations
" Tá níos mó damáiste ó thaobh caidrimh phoiblí de déanta ag dúnmharú McCartney ná mar a rinne bolscaireacht na Sasanach agus na n-aontachtaithe le tríocha bliain anuas.
ghaolta relations
" Ní raibh aon ghaolta agam sa chathair ach, ar aon nós, ní raibh go leor airgid agam chun íoc as an traein fiú amháin.
caidreamh comhdhála agus cúrsaí pearsanra congressional relations and personnel
" Ina dhiaidh sin, cheap Kennedy O’Brien mar chúntóir an Uachtaráin in dhá réimse: caidreamh comhdhála agus cúrsaí pearsanra.
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Cén ról atá agat féin sa Chomhdháil Cheilteach (An CC) agus cén fhad atá tú sa phost? Is mise an tOifigeach Caidrimh Phoiblí agus tá mé sa phost timpeall seacht nó ocht de bhlianta.
ó thaobh caidrimh phoiblí de as regards public relations
" De réir mar atá an feachtas ag leathnú, tá sé tuigthe ag McDonald’s, Coles agus Woolworth’s go bhféadfadh tubaiste a bheith ar a lámha acu ó thaobh caidrimh phoiblí de agus tá fógraí acu sna páipéir ag cur in iúl an taobh eile den scéal.
conradh flaithiúil caidrimh phoiblí a generous public relations contract
" Bhí neart ceisteanna le freagairt ag an Aire Iompair, Martin Cullen, faoin dóigh ar bronnadh conradh flaithiúil caidrimh phoiblí ar chomrádaí polaitiúil dá chuid, ach ní raibh aon cheo le freagairt aige faoi chaidreamh collaí a bheith aige le Monica Leech, mar a thug cúpla nuachtán le fios go cliathánach.
obair chaidrimh phoiblí public relations work
" Rinne mé céim i nGaillimh agus ansin chaith mé trí bliana ag déanamh obair chaidrimh phoiblí le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, agus ag obair go páirtaimseartha le RTÉ.
gaolta relations
" Go deimhin, níl dearmad déanta ag Gearmanaigh Wisconsin ar a ngaolta sa Ghearmáin.
cleamhnaithe relations by marriage
" folachcovering nochtnaked slaitín saileachwillow rod á lascadhthrashing her ar chúl na gclaíochabehind the stone walls an iarraidh seothis time Cuardaitheoirí Rudaí AisteachaSearchers for Strange Things saineolaitheexperts ráflaírumours cleamhnaitherelations by marriage fireann nó baineannmale or female a ndrioballtheir tail ganntan olaoil shortage stangadhstart ag útamáilfumbling ag cogarnaílchewing gaibhte a chodladhgone to bed sórt baoitea kind of bait go mbéarfaidís airthat they would catch him drochfhliúa bad flu cragtha ceartbadly hit cliabhrachchest cáirseán aisteachstrange wheeze duáinkidneys ag fual ina threabhsarwetting his trousers fliuchándrenching eascainecurse bá is múchadh airdrowning and smothering on him cóir leighistreatment seanmóirsermon a rachthis outburst a phaca diabhalyou pack of devils ar bhealach bhur n-aimhleasaon the road to ruin go bagrachthreateningly fainicwarning cúrfoam ag gíoscángrating i ngábhin a dangerous situation collachcrude, fleshy person scuaid tearraa splattering of tar isteach ina chlabinto his mouth
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Fríd am, casadh na baill eile den eagraíocht orm, mar atá Pádraig Ó Cuinneagáin (Rúnaí), Fionbarra Ó Baoill (Leas-chathaoirleach), Máire Nic Suibhne (Oifigeach Caidrimh Phoiblí), Iognáid Ó Muircheartaigh (Cisteoir) agus Brid Ní Dhóláin (Oifigeach Forbartha).
Oifigeach Caidrimh Phoiblí Public Relations Officer
" Cén ról atá agat féin sna Gaeil Óga agus cén fhad atá tú sa phost? Tá mé ag feidhmiú mar Oifigeach Caidrimh Phoiblí do Na Gaeil Óga, mar sin bím ag iarraidh ainm na heagraíochta a chur chun cinn sna meáin chumarsáide.
gaolta relations
" Thug Máirtín Ó Muilleoir, iriseoir leis an (Andersonstown)(http://Andersonstown) News (agus Comhairleoir de chuid Shinn Féin ag an am) cuidiú dom le mo chuid taighde i mBéal Feirste i samhradh na bliana 1987 agus chuir mé agallamh ar roinnt gaolta de chuid na bpríosúnach ansin, deartháir Ronnie McCartney ina measc.
caidreamh relations
"caidreamh láidir againn le hÓgras agus leis na hóg-eagraíochtaí eile anois, rud a bhíonn le feiceáil ag Scléip na hÓige le linn Oireachtas na Samhna agus ag na himeachtaí a ritear le maoiniú ón Chiste Comhthraenála.
a gaolta her relations
" I ndiaidh an chogaidh a chuir Maria Altmann agus a gaolta tús leis an fheachtas chun sealúchas a muintire a fháil ar ais agus is léargas é ar a mbuanseasmhacht agus ar a gcreideamh an dóigh ar éirigh leo na pictiúir a fháil ar ais ó Rialtas na hOstaire.
sa ghníomhaireacht ba mhó caidrimh phoiblí in the biggest public relations agency
" ” Ní raibh easpa misnigh ar bith ar Natasha, áfach, agus smaoinigh sí ar dhóigh le taithí luachmhar oibre a fháil a chuideodh léi post a fháil: oibriú saor in aisce sa ghníomhaireacht ba mhó caidrimh phoiblí sa tír, Carr Communications.
uaigheanna a ndaoine muinteartha the graves of their relations
" Ar ndóigh is ar uaigheanna a ndaoine muinteartha is mó a chuireann cuairteoirí coinnle agus bláthanna ach ní annamh a thagann daoine go reilig atá gar dóibh nach bhfuil gaolta leo curtha inti.
gaolta relations
" Ar ndóigh is ar uaigheanna a ndaoine muinteartha is mó a chuireann cuairteoirí coinnle agus bláthanna ach ní annamh a thagann daoine go reilig atá gar dóibh nach bhfuil gaolta leo curtha inti.
le lucht gaoil with relations
" Buailim le lucht gaoil nach bhfeicim ag aon ócáid eile sa bhliain, uncailí agus aintíní mo thuismitheoirí, mar shampla".
a chuid gaolta ó thuaidh his relations in the north
" Ar a laghad bhí a fhios ag Charlie cé mhéad contae a bhí in Éirinn, agus atá go fóill; agus go bhfuil a chuid gaolta ó thuaidh fós ina nÉireannaigh.
a chuid gaolta his relations
" Chaith sé tús a óige ann agus ní raibh a chuid gaolta feicthe aige le 20 bliain.
dá ngaolta, to their relations,
" Lig na tiarnaí an talamh ar cíos dá ngaolta, ansin lig siadsan amach ar cíos do thionóntaí é, agus seans maith go raibh fóthionóntaí ann freisin.
caidreamh, relations,
" Tagann spórt chun tábhachta freisin i gcás shláinte an phobail, an taithí scoile, obair dheonach agus “caipiteal” sóisialta (rannpháirtíocht, caidreamh, comhar na gcomharsan, etc.
neartaítear an caidreamh the relations are stengthened
" Tá cúrsaí ar ardchaighdeán á soláthar ag Sabhal Mòr Ostaig agus ag Ionad Chaluim Chille; bíonn idir léann, spórt agus spraoi i gceist, agus neartaítear an caidreamh lenár gcomharsa Ghaelach ar bhealach fíornádúrtha ar an gcaoi sin.
Caitear an dúrud airgid ar chaidreamh pobail, a lot of money is spent on community relations,
" Caitear an dúrud airgid ar chaidreamh pobail, rud nach mbeadh (agus nach mbeidh?) de dhíth dá mbeadh an dá phobal sásta comhoibriú lena chéile.
caidreamh poiblí public relations
" D’éirigh mé as i ndiaidh na chéad oíche agus thug mé mo CV do Robbie Fox, úinéir an chlub, agus dúirt mé leis gurbh fhéidir liom rud éigin bainteach le cúrsaí margaíochta agus caidreamh poiblí a dhéanamh.
ar na gaolta abhus. about their relations over here.
" “Mothaíonn na daoine atá i Sasana ciontach mar gur fhág siad a dteaghlach anseo in Éirinn agus mothaíonn siad ciontach go ndearna siad dearmad ar na gaolta abhus.
caidreamh tionsclaíoch. industrial relations.
" Caidreamh tionsclaíochÓ thaobh na bpolasaithe de, níl ach mórábhar amháin a bhfuil na vótálaithe ag cuimhneamh go háirithe air, de réir na bpolalbhreitheanna: an caidreamh tionsclaíoch.
cúrsaí caidrimh idirnáisiúnta, international relations
" Beidh a lán athruithe ag teacht chun cinn maidir le cúrsaí caidrimh idirnáisiúnta, áfach.
maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch pertaining to industrial relations
" Mar chomhtharlú, bhí polasaithe maidir leis an gcaidreamh tionsclaíoch ag croílár an fheachtais toghchánaíochta sa bhliain 1929, mar a bhí siad an iarraidh seo.
tá gaolta agam in Éirinn, I have relations in Ireland
" Ní fheadar an é sin an fáth a raibh sé ag iarraidh a bheith páirteach in “Work Experience” agus “Joy in the Hood”? An é go dtuigeann sé cás na n-íochtarán agus go dtuigeann sé go maith má tharlaíonn dóibh casadh áirithe ina saol go mbeidh bealach a leasa i ndán dóibh? “Mar is eol duit, tá gaolta agam in Éirinn, agus dúirt mé le mo thuismitheoirí gur dheas liom teacht anseo chun mo chuid oideachais a chríochnú.
caidreamh collaí sexual relations
" Mar shampla, bhí caidreamh collaí idir fir fós mídhleathach in NSW tríocha bliain ó shin.
faoi chaidreamh déchultúrtha about bicultural relations
" Is iomaí uair a thugtar cluas bhodhar do chaint dhomhain faoi chaidreamh déchultúrtha idir *Māori* agus *Pākehā*, ar mhaithe le ceol draíochta an bhéalghrá, ach is léir ó na himeachtaí seo go bhfuil go leor tochailte eile le déanamh sa tír.
dá ghaolta. to his relations.
" In earrach na bliana 2002 d’iarr sé orm dul go hÉirinn ina theannta mar thaca dó agus é ag tabhairt cártaí Aifrinn a mhic dá ghaolta.
gaolta casta complicated relations
" Sa chéad chaibidil, cuireann sé síos ar a mhuintir – “an dream ar daofa mé” – agus tuigeann sé na gaolta casta agus an stair ar fad a bhaineann leo.
a ngaolta their relations
" Tá an scéal mórán mar a gcéanna in achan tír agus daoine in isle brí faoi todhchaí a dteaghlach agus a ngaolta.
chaidreamh Thuaidh Theas North South relations
" Níor tugadh an 57 ceann eile dom ar chúpla cúis, ach go príomha, de bharr an tionchar a bheadh ag a leithéid ar an chaidreamh Thuaidh Theas! Bhain an 72 doiciméid le dhá eagras státurraithe – Bord na Leabhar Gaeilge agus Colmcille.
gaolta relations
" Tá John ina léachtóir dlí in Ollscoil Learphoill, ach is as Trá Lí ó dhúchas é, áit a bhfuil gaolta leis ag freastal ar an nGaelscoil.
Comhairle Chaidreamh Pobail public relations council
"Comhairle Chaidreamh Pobail agus a macasamhail againn le 40 bliain agus is beag difir atá déanta ag ceann ar bith acu.
dhaoine muinteartha éagsúla various relations
" Agus cupán caife á dhéanamh aige dom labhraíonn sé leis mar a bheadh aithne againn ar a chéile le fada faoina ghnóthaí atá sé le déanaí is faoi dhaoine muinteartha éagsúla.
maidir le in relation to
" Agus an Ghníomhaireacht um Slándáil Náisiúnta ag déanamh cluasaíochta ar spiairí Iosraelacha i SAM, mar a scríobh Jeff Stein in Congressional Quarterly ar an 11 Aibreán, chualathas Jane Harman, Feisire Daonlathach, ag labhairt le gníomhaire Iosraelach, agus í ag gealladh dó go gcuirfeadh sí a ladhar isteach leis an Roinn Dlí agus Cirt ar son beirt oifigeach AIPAC, an brúghrúpa ar son Iosrael, a díotáileadh i 2005 maidir le faisnéis rúnaicmithe a thabhairt don ambasáid Iosraelach i Washington.
i dtaobh na hIaráine in relation to Iran
" Fuair an bheirt, Steve Rosen agus Keith Weissman, na doiciméid i dtaobh na hIaráine ó Larry Franklin, anailísí sinsearach sa Pheinteagán.
Thar a Chéile in relation to each other
" Fiúntas Teanga Thar a Chéile Ach cé go raibh na hÉireannaigh ábalta Gaeilge a labhairt sa gheiteo, b'éigean dóibh Béarla a fhoghlaim le snáithe a choinneáil faoin fhiacail.
ghaolta relations
" Mar a bheifeá ag súil leis, bhí an-bhrón ar ghaolta agus ar chairde an naonúir abhus, ach chuaigh an tubaiste i gcion ar mhuintir na hAstráile i gcoitinne.
ghaolta relations
" Is maith liom am a chaitheamh le mo dheartháir, am a chaitheamh le mo ghaolta.
chaidrimh relation
" SMM: Luaigh tú an tsíceolaíocht linbh, síceolaíocht an chaidrimh agus an tsocheolaíocht.
i dTaca le in relation to
" Bodhaire Uí Laoire i dTaca le Mac Cárthaigh Ach d’imigh sin agus tháinig seo.
chaidrimh chumhachta power relations
" Ach anuas air sin, rinne Lula ionsaí ar na Náisiúin Aontaithe féin: “Is léir gur club iad na Náisiún Aontaithe a dhéanann ionadaíocht ar leasa thíortha a bhí láidir fadó, beag beann ar chaidrimh chumhachta an domhain sa lá atá inniu ann.
chaidreamh tionscail industrial relations
" Bhain Gillard céim amach sa dlí agus chaith sí tréimhse ag obair mar dhlíodóir san earnáil chaidreamh tionscail sular thug sí aghaidh ar chúrsaí polaitíochta.
Gaolta Gairide close relations
" Duaiseanna ====== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar: ‘Sceon na Mara’ le Liam Ó Muirthile Nó: ‘Gaolta Gairide’ le Máirín Nic Eoin (eag.
caidrimh teaghlaigh family relations
" ) ==================== Rogha dánta comhaimseartha ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh, Eagrán úr méadaithe (ó 2001): Le Máirín Nic Eoin ISBN: 978-1-901176-27-8 Foilsithe: 2001 Leathanaigh: 96 Rogha dánta comhaimseartha le filí éagsúla ar théamaí óige agus caidrimh teaghlaigh móide réamhrá léirmhínitheach le Máirín Nic Eoin.
i dtaca leis in relation to
" An Fhírinne Throm ========= D’eisigh an Dochtúir Lyn Roberts, príomhfheidhmeannach an Heart Foundation, ráiteas i dtaca leis an ngéarchéim seo le déanaí inar mhaígh sí go raibh fadhb an rómheáchain chomh dona i measc na glúine óige go raibh an chontúirt ann nach mairfidís chomh fada lena dtuismitheoirí.
ghaolta relations
" Is fíorchumhaíúil é sin i gcroí an té a fheicfeas an méid sin ag tarlú ina theach féin, ina chomharsain agus i measc a ghaolta.
crua a chur orainn féin mar gheall ar we have to force ourselves in relation to
" Beidh orainn ár gcuid luachanna agus ár gcuid spriocanna a mheas mar phobal, agus beidh orainn bunchlocha ár leasa a aithint, agus nuair a bheidh sé sin déanta againn, beidh orainn obair go dian agus crua a chur orainn féin mar gheall ar na rudaí is ansa linn.
gaolta relations
" Bhí an-bhaint aice le Contae an Chláir agus bhí gaolta againn i gCo.
sa mheá chuige were weighted up in relation to it
" Cad chuige, cé a bheartaigh bronntanas mar é? Rinneadh iontas de fhéile Shasana ag an am, 1975, ach measadh go raibh gnóthaí ola na hAlban sa mheá chuige.
chabhródh le gaolta iad a haithint would assist relations to recognise them
" Cuireadh uimhir ar gach corp agus cláraíodh aon rud suntasach faoi na híobartaigh a chabhródh le gaolta iad a haithint, dá dtiocfaidís dá lorg níos déanaí.
is ar éigean gur cuireadh daoine muinteartha relations were hardly informed
" Ní hamháin sin, ach go mion minic is ar éigean gur cuireadh daoine muinteartha leis na íospairtigh ar an eolas faoi na maruithe go dtí gur chroch na póilíní leo ar iompú na boise lena gceistiú ina dtaobh! Bhí 160 oifigeach ag obair ar an gcás, ag déanamh fiosrúchán ar 11,000 duine.
gcaidreamh collaí a mhaítear sexual relations which are claimed
" Tá sa bhreis ar 40 milliún caora sa Nua-Shéalainn, agus, in ainneoin go bhfuil i bhfad níos mó acu san Astráil, bíonn an greann gáirsiúil is coitianta abhus bunaithe ar an gcaidreamh collaí a mhaítear a bhíonn ag fir na Nua-Shéalainne lena gcaoirigh.
cuairt ar a ngaolta a visit to their relations
" Tugann lucht na gcathracha cuairt ar a ngaolta sna bailte beaga, ar a n-athair agus a máthair chríonna thar aon dream eile.
duine muinteartha a relation
" É sin nó fuair siad suíochán a bhí ag duine muinteartha.
roinnt de mo chuid gaolta some of my relations
" **SMM: Cá huair ar chuir tú spéis sa Ghaeilg?** Ray Mac Mánais: Bhí spéis agam riamh sa Ghaeilg agus bhí sí ag roinnt de mo chuid gaolta, col ceathracha agus col seisreacha.
gaolta eile other relations
" Nuair a bhí tuismitheoirí nó gaolta eile ag cur a gcuid páistí chuig na scoileanna saothair, is dócha gur shíl siad go raibh an ceart a dhéanamh acu.
maidir le cad a spreag in relation to what inspired
" An tSiocair ==== Tá teoiricí éagsúla ann maidir le cad a spreag na dúnmharuithe.
ní fhágtar dall sinn ar we’re not kept in the dark in relation to
" Ach ní fhágtar dall sinn ar na cúraim bhunúsacha níocháin agus leithris a thógann Georges air féin le croí maith mór.
Maidir le costaisí an stáit a íoc in relation to paying the state’s costs
" ”* Maidir le costaisí an stáit a íoc dúirt Oifig an Ard-Aighne go raibh sé soiléir nach ndíolfaí iad ó tharla go raibh tuarastal an Uasail Uí Mhonacháin á n-íoc leis taobh amuigh don stát (bhí sé ag obair mar ailtire i nDoire) agus nach bhféadfaí an teach soghluaiste a ghabháil.
an chuairt bhliantúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach a visit to the distant relations
" Tá lucht an drogaill i ndiaidh an chuairt bhliantúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach, agus tá gach aon duine i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste leis na neasghaolta sa bhaile maidir le hiaróga dhúluachair na bliana.
scoile agus gaolta (incidents at) school and among relations
" Is gné iontach sainiúil í féiniúlacht an duine agus imríonn eachtraí beaga pearsanta teaghlaigh, scoile agus gaolta go léir a dtionchair ar fhéiniúlacht an duine.
go mór mór i ndáil le scéal an Cheallaigh very much so in relation to the Kelly story
" Tá an deighilt ghéar seo le sonrú go mór mór i ndáil le scéal an Cheallaigh, mar a mhínigh Daithí Ó Colchúin, nach maireann, in eagrán 5 den iris seo, Meán Fómhair 2001.
gaol darbh ainm a relation called
" 
 “Bhí Alison ag iarraidh taighde a dhéanamh ar a muintir, gaol darbh ainm Letitia ar baisteadh a haintín aistí, agus Alison féin, bhaist sí Annie Letitia ar a hiníon féin.
gaol ar bith fola no relation
" Ag an ócáid a luaigh mé ag tús an ailt, i dteannta Peter Robinson, bhí Ard-Mhéara Bhéal Feirste, Gavin Robinson, gaol ar bith fola, ach tá an bheirt acu sa DUP.
caidreamh taidhleoireachta diplomatic relations
" Cuireadh tús le caidreamh taidhleoireachta idir Éirinn agus an Astráil bunáite seachtó bliain ó shin agus ba chaidreamh an-chairdiúil é formhór mór an ama sin.