Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bolgam réalachais dose of realism
" Ach má shíleann siad go bhfuil foirmle draíochta acu, ní fada go bhfaighidh siad bolgam réalachais.
realachas realism
" Léirigh sé fíordhaoine ina shaothar agus ba é an realachas garbh seo a d'úsáid sé ina phictiúir chráifeacha a spreag daorbhreith agus cáineadh air.
réadúlacht realism, pragmatism
" B’fhéidir gur thug sé “*a well-meaning zealot*” air féin sa leabhar *Why Irish: Language and Identity in Ireland Today *(1989), ach ní minic a shamhlaíonn tú réadúlacht le “*well-meaning zealots*”.
idir ficsean agus réalachas between fiction and realism
" “Táim ag iarraidh an poll sin idir ficsean agus réalachas a líonadh – an difríocht sin eatarthu a laghdú.
an réalaíochas, realism,
" Is minic a ceanglaíodh a stíl phéintéireachta le gluaiseachtaí ealaíne éagsúla – an réalaíochas, osréalaíochas nó eispriseanachas, cuir i gcás – ach is é an saothar dá chuid ina stíl shainiúil ionraic féin, a d’fhorbair sé thar na blianta, is mó a gcuirfidh daoine spéis ann sa taispeántas seo.
Réalachas sóisialta na Sualainne Swedish social realism
" Réalachas sóisialta na Sualainne, cheapfá, gan aon agó.
réalaíochta realism
" Tá Anthony Dod Mantle (Slumdog Millionaire, Last King of Scotland) ar an gceamaradóir is oilte agus is áille ar domhan, agus ní féidir ach géilleadh go bhfuil an tsraith seo, in ainneoin a réalaíochta, chomh healaíonta le haon sraith oscailte a fheicfear ó aon fhoinse i mbliana.
an réalachas realism
" Dhírigh Ó Conaire ar an réalachas ina chuid scéalta.
réadúlacht realism
" Níl aon mhuinín agam as an Straitéis Fiche Bliain, mar nach bhfuil aon réadúlacht ag baint leis na spriocanna atá leagaithe síos ann.
An réalachas uirbeach greanach céanna that same gritty urban realism
" An réalachas uirbeach greanach céanna atá mar théama lárnach acu siúd agus an tslí a dtéann gníomh foréigneach amháin i bhfeidhm ar ghnáthdhaoine ach go háirithe.
dála an Réalachais like Realism
" Formhór bhaill an Acadaimh an uair úd, thugadar neamhaird ar fhorbairtí nua ealaíne a raibh an Fhrainc mar bhunús ag a bhformhór acu, forbairtí dála an Réalachais, an Impriseanachais agus nuálaíocht Cézanne agus an Chiúbachais ina measc.