“An chéad rud a dúirt mé ná, agus ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, agus bhí
ríméad orm glacadh le honóir iontach mar seo, ‘ach nach seanl*ads* is mó a bhíonn ag plé leis?’” Is é dúirt Liam ar ais ná go mb’fhéidir gur cheart do Thadhg breathnú ar a theastas breithe agus an dáta a sheiceáil!
Cineál ambasadóra don Fhéile is ea Uachtarán an Oireachtais agus beidh Tadhg ag freastal ar na trí phríomhócáid: Oireachtas na Cásca i Leitir Ceanainn, bronnadh na nduaiseanna liteartha i mBaile Átha Cliath, agus Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart.