Ní hamháin gur dhiúltaigh an páirtí don triúr acu seo, ach i measc an chúigir a thogh siad bhí triúr a bhfuil clú orthu as a bheith
in achrann leis an Taoiseach: an Seanadóir Mary White a chuaigh glan i gcoinne sheasamh an Taoisigh i leith an triúir Éireannach a bhí i bpríosún sa Cholóim; John Cregan TD a labhair amach i gcoinne an rialtais nuair a fógraíodh go raibh deireadh leis an deontas do dhaoine a bhí ag ceannach tí den chéad uair; agus an Seanadóir Michael Kitt a lochtaigh an Taoiseach go poiblí nuair a chaill sé féin a shuíochán Dála sa toghchán deireanach.