Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
chointinn quarrelling
" " Ach tá fear na súile nimhe i ndiaidh an tsuirí agus an tochmharc, an chointinn agus an chonspóid a fhágáil ina dhiaidh.
síorachrann continuous quarrelling
" Bhíodh síorachrann idir é féin agus Bolcan a bhí ina Rí ar shióga Ghleann Bholcain, áit atá suite ag barr Ghleann an Bhaile Dhuibh.
imreas discord, quarrel
" Shéid Jimmy an fheadóg le deireadh a chur leis an gcluiche cúig nóiméad róluath! Is beag coinne a bhí aige féin, ná ag éinne eile, leis an raic agus leis an imreas a lean an dearmad simplí sin.
in achrann le quarrelling with
" Níos túisce i mbliana bhí bainisteoir iomána Chontae na Mí in achrann le Coiste an Chontae toisc gur socraíodh cluichí craoibhe iomána do na clubanna lá nó dhó roimh cluiche tábhachtach ag foireann na Mí.
iaróga quarrels
" Tá na drogallóirí i ndiaidh an chuairt bhlaintúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach agus táthar i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste ar na hiaróga leis na neasghaolta sa teach.
achrann quarrel
" Cuideoidh sé go mór leis an Chomhairle an t-airgead a dháileadh amach ar bhealach cothrom, agus má bhíonn ceisteanna nó achrann ann faoin stádas atá ag an cheol dúchais, an bealach is fearr chun sin a réiteach ná leis an fhochoiste seo.
achrann quarrel
" " Ní raibh ach eisceacht amháin ann le linn an ama sin, nuair a tharla achrann idir na haontachtaithe agus thit siad amach lena chéile.
achrann argument, quarrel
"achrann ar siúl i measc cuid Caitliceach Éireannach na Stát Aontaithe faoi láthair faoin pholaitíocht, mí-úsáid ghnéasach agus na sacraimintí, agus is beag seans go dtiocfaidh maolú air seo go luath.
achrann quarrel
" Beidh sé píosa sula mbeidh deireadh leis an achrann seo.
in achrann leis quarrelling with
" Ní hamháin gur dhiúltaigh an páirtí don triúr acu seo, ach i measc an chúigir a thogh siad bhí triúr a bhfuil clú orthu as a bheith in achrann leis an Taoiseach: an Seanadóir Mary White a chuaigh glan i gcoinne sheasamh an Taoisigh i leith an triúir Éireannach a bhí i bpríosún sa Cholóim; John Cregan TD a labhair amach i gcoinne an rialtais nuair a fógraíodh go raibh deireadh leis an deontas do dhaoine a bhí ag ceannach tí den chéad uair; agus an Seanadóir Michael Kitt a lochtaigh an Taoiseach go poiblí nuair a chaill sé féin a shuíochán Dála sa toghchán deireanach.
achrainn quarrelling
" Nílim ag rá gur oileáin na naomh atá in Árainn, nó nach mbíonn oiread achrainn agus aighnis ann faoi chúrsaí cé agus farantóireachta agus a bhíonn in áiteanna eile.
achrann quarrel
" Ó shin i leith tá sé ina achrann faoi na pictiúir – an bhfuil siad muiníneach, nó ar déanadh láimhdeachas orthu? Tá stair truamhéalach ag baint leis an tíogar Tasmánach.
achrann quarrelling
" Cinnte beidh achrann ann ach go mall tiocfaidh siad ar réiteach nó ar *modus vivid* de chineál éigin agus beidh sin le leas achan duine.
achrann quarrel
" Lean an t-achrann an oíche dár gcionn sular tháinig feabhas ar an scéal nuair a cuireadh na mílte póilín ar na sráideanna.
achrainn quarrelling
" Tá an pobal atá ag breathnú air ag iarraidh conspóide, ag iarraidh achrainn, ag iarraidh paisin.
achrann quarrelling
" Bhaineas cúpla súmóg as an bpionta Guinness (a tháinig chugam, tar éis scaird thapaidh amháin, i ngloine phlaisteach) sular thosaigh an t-achrann, agus nuair a caitheadh amach beirt in aice liom, thapaíos an seans, agus d'éalaigh amach arís.
le linn an achrainn dheireanaigh during the last quarrel
" Tá leisce ar na cúirteanna dílseoirí ar nós na Shoukris a choinneáil i bpríosún, agus mar a léirigh Rialtas na Breataine le linn an achrainn dheireanaigh taobh istigh den UDA, ní chuirfidh sé ó chodladh na hoíche iad má bhíonn dílseoirí ag marú a chéile ar bhonn “housekeeping.