chuige sin
for that purpose
net agus Ireland On-Line a úsáid
chuige sin, agus aon chuairteoir chuig an seoladh ponc com a atreorú i dtreo an tsuímh sin go huathoibríoch.
D'éirigh Sinéad a dhéanamh buidéil
Sinéad got up to make (for the purpose of making) a bottle
D'éirigh Sinéad a dhéanamh buidéil don leanbh nó bhí a fhios aici an dóigh a raibh an béal ag dul aige go raibh ocras ag teacht air.
D'aon turas
on purpose
D'aon turas níor thug mé cuairt ar Thóstal na Gaeilge i nGaillimh go dtí go déanach oíche Dé hAoine, nuair a bhíos cinnte go mbeadh a gcuid ráite ag an bpainéal polaiteoirí a bhí á róstadh ag lucht an tóstail.
d'aon turas
on purpose
D'ordaigh an breitheamh Geoffrey Eames i gCúirt Uachtarach Victoria go gcuirfí cosaint an chomhlachta ar ceal mar go raibh cáipéisí a bhain leis an gcás scriosta
d'aon turas acu agus nach mbeadh triail fhéaráilte ann dá bharr.
rún daingean
firm purpose
Cén fáth sin? Mar tá sé ina
rún daingean ag foireann Chill Chainnigh, mar a admhaíonn Brian Cody, bainisteoir na gCat, gradam ar leith a bhaint amach dóibh féin agus an stair a scríobh tríd an dara Craobh as a chéile a bhreith leo.
chuige sin
for that purpose
Ach glactar leis gurb é an t-oideachas an eochair chun bochtanas na dtíortha neamhfhorbartha a chloí - agus muna bhfuil muid in ann an t-airgead a chur ar fáil
chuige sin ní éireoidh linn na spriocanna forbartha eile atá againn a bhaint amach.
d'aon turas
on purpose
D'fhág Máire na bearnaí sin
d'aon turas agus bhí sé de rún aici pilleadh orthu nuair a bhí na ballaí déanta.
chuige sin
for that purpose
Faightear *penzion* cuí
chuige sin in áit iargúlta i Moravia (cúige inar fearr leo i bhfad an fíon áitiúil seachas *pivo* (beoir), eolas a chuireann ionadh ar dhaoine).
chuige sin
for that purpose
Níl an t-airgead againn
chuige sin, áfach.
Chuige sin
for that purpose
Chuige sin, chuaigh scaifte acu sa tseans agus fuair siad iasachtaí bainc, agus cheannaigh siad píosa talún ar Cooke Street.
chuige seo go príomha
mainly for this purpose
Is
chuige seo go príomha atá Iontaobhas Ultach.
fá choinne é a fhoghlaim.
for the purpose of learning it
Damhsa an phobail a bhí ann nach mbíodh ranganna foirmiúla ar fáil
fá choinne é a fhoghlaim.
le haghaidh spiaireachta,
for the purposes of spying
Ní hamháin go bhfuil úsáid mhíleata á baint astu
le haghaidh spiaireachta, ach tá siad á n-úsáid go forleathan ag an bpobal sibhialtach chun a gcuid carranna a threorú leis an gcóras suite domhanda (GPS).
d'aon turas
on purpose
Ach faraor, tá dochar á dhéanamh don áit i rith an ama; damáiste atá á dhéanamh
d'aon turas.
d'aon ghnó
on purpose
Íoslach Josef Fritzl
Chuir Fritzl géibheann ar a iníon féin, Elizabeth, in íoslach rúnda a thóg sé
d'aon ghnó ar chúl an tí.
d'aon ghnó
on purpose
De thaisme, seachas
d'aon ghnó, tar éis deich nóiméad ag siúl sráideanna liom féin, tháinig mé ar radharc a mhúscail mo chuimhne, agus thuig mé go tobann go raibh mé ar shráid an fheallmharaithe.
d'aon ghnó
on purpose
’ Mar a scríobh Joe Lee sa leabhar céanna ‘Nuair a chuir an Mistéalach cinedhíothú i leith Shasana, séard a mhaigh sé ná gur bhain an rialtas feidhm
d'aon ghnó as smoladh an bharr prátaí chun líon na nÉireannach a laghdú agus an náisiún Éireannach a scriosadh, oiread ab fhéidir leo.
d'aon ghnó
on purpose
An cheist is mó atá ag déanamh scime do sheirbhísí rúnda na Stát Aontaithe faoi láthair ná seo: an bhfuil spiairí na Rúise chomh huafásach sin? Nó ar fhéileacáin mealltacha na hamadáin seo, a cuireadh go Meiriceá
d'aon ghnó chun an dallamullóg a chur ar an rialtas nach bhfuil spiairí proifisiúnta ag oibriú saor ó shúile na n-údarás?
Sergei Curtha den Saol?
=========
I ndeireadh báire, an rud is mó atá ag cur iontais ar dhaoine ná chomh beagmhaitheasach is a bhí a gcuid oibre.
d’fheidhm
purpose
Is beag is fiú iad a bheith ann mura bhfuil
d’fheidhm acu ach brat a ardú anois is arís.
Cuma na Maitheasa
perfect to all extents and purposes
Cuma na Maitheasa, Ceilt na hAinnise
===============
Léiríonn an tuarascáil leis go bhfuil dlúthcheangal ann idir an bhochtaineacht agus an t-uaigneas.
a phríomhchúram
its main purpose
” Tá an moladh sin tuillte go maith ag an Údarás ach ní hé sin
a phríomhchúram.
cosanta
for defence purposes
Tá an khat chomh luachmhar go mbíonn túr beag
cosanta taobh leis an chuid is mó de na garrantaí, garda ina shuí ann lá agus oíche le raidhfil ag coinneáil an fhómhair slán ó lucht bradaíola.
foladh
a sense of purpose
Baineann daoine
foladh agus ciall, sásamh agus taitneamh, as an obair dheonach a dhéanann siad – is é sin an íocaíocht is mó a bhíonn uathu i ndeireadh báire.
i bhfóirstean dá fheidhm
suitable to their purpose
Deiseanna stairiúla iad seo do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun a chinntiú go gcuirfí reachtaíocht teangan
i bhfóirstean dá fheidhm agus go gcuirfí bail cheart, sheasmach faoi na heagrais atá ag iarraidh an teanga a chur chun cinn.
Tá feidhm ghnó leis
it has a business purpose
Tá feidhm ghnó leis.
Ar mhaithe le
for the purpose
Ar mhaithe le pleanáil teanga agus i bhfianaise na Straitéis Fiche Bliain, níor mhiste go mbeadh go gcuirfí ceist sa chéad Daonáireamh eile, le fáil amach an mó teaghlach ar fud an stáit ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar theanga baile.
sprioc ranga
class target, purpose
Go séimh béasach chuir sí coincheapanna mar chlár foghlama, clár teagaisc, plean ranga, agus
sprioc ranga os ár gcomhair.
leis an aidhm
with the purpose
D’fhan cuid acu sa tír tar éis threascairt an rialtais sin
leis an aidhm, go fios dom, an tír a dhéanamh daonlathach agus síochánta.
Ní ceadmhach é a ól ach i gcomhthéacs creidimh amháin
its being drunk is only permitted for religious purposes
Ní ceadmhach é a ól ach i gcomhthéacs creidimh amháin: áirítear mar dhruga é, agus tá cosc air sa chuid is mó de thíortha an domhain.
don chúram seo
for this purpose
Chuir an tOmbudsman dréachtscéim 2009-11 faoi bhráid an Aire Éamon Ó Cuív i Nollaig 2008 inar leagadh síos na seirbhísí a chuirfeadh a Oifig ar fáil do chainteoirí Gaeilge mar aon leis na hacmhainní a chuirfí ar leataobh
don chúram seo.
mar bhunaidhm atá ann
as its basic purpose
ie/?p=4543>
Ach tá Instagram rud beag neamhchoitianta mar ghréasán agus ar ndóigh, ní áis é le pleanáil imeachtaí
mar bhunaidhm atá ann.
mar oireas loingseoireachta
for navigational purposes
Tá fianaise ann go bhfuil daoine ag úsáid na réalta
mar oireas loingseoireachta agus eile leis na cianta.
d’aon turas
on purpose
Scriosadh 35,000 crann óg
d’aon turas go dtí seo in Éirinn agus tá an Roinn Talmhaíochta in Éirinn tar éis cosc a chur ar allmhairiú bonsach óg agus síolta ó cheantair atá buailte ag an ngalar ag súil is nach scaipfidh sé ar fud na tíre seo.
ba é aidhm na cairte
the purpose of the charter
Dar leis an staraí Sean Connolly, a scríobh an leabhar comórtha Belfast 400,
ba é aidhm na cairte a bhunaigh Béal Feirste - agus bailte eile in Éirinn - "ní le bonn a chur faoi ghréasán úr uirbeach ach le dáilcheantair a chruthú a dtiocfadh leat a bheith cinnte fúthu go dtoghfadh siad Teachtaí Protastúnacha don Pharlaimint Éireannach a bhí le theacht.
nó tá deireadh ar fad caillte
or it has lost all (purpose)
Ní féidir foras mar sin géilleadh don Bhéarla
nó tá deireadh ar fad caillte.
an aidhm atá léi
its purpose in being
Agus ar deireadh thiar thall an mbainfeadh an riail seo amach
an aidhm atá léi, mar atá, líon na n-inimirceach atá ag cur fúthu sa Bhreatain go neamhdhleathach a laghdú?
Beartais Imirce a Scarann Teaghlaigh
=================
Tá riail eile i bhfeidhm sa Bhreatain, ó mhí Iúil na bliana seo caite, nach ligeann do shaoránach Briotanach páirtí ó thír lasmuigh den Aontas Eorpach a thabhairt chun cónaí sa Bhreatain, mura bhfuil tuarastal bliantúil £18,600 ar a laghad ag an saoránach sin.
de thaisme nó d’aonturas
accidently or on purpose
Tá a leithéid againn ó thuaidh - the IRA (Grinch Wing) nó Grintseanna na hÉireann, mar le tamall anuas,
de thaisme nó d’aonturas, bhí easaontóirí poblachtánacha ag iarraidh an Nollaig a scriosadh ar phobal Bhéal Feirste.
i gcomhair taighde eolaíoch
for research purposes
Thug alt amháin den státchairde cead do bhaill an Choimisiúin míolta móra a mharú ar bhonn neamhthráchtála, áfach,
i gcomhair taighde eolaíoch.
in aon turas
on purpose
B'éigean dom taisteal chuig an bPolainn
in aon turas le seanuaireadóir John Ward a bhailiú.
ar cuspóir di
which has the purpose
D’oir argóintí Allers cruth gruama cinniúnach na hÉireann dar le de Fréine:
“Tá dhá phríomhábhar spreagtha sa duine, ‘mian na cumhachta’ agus ‘mian an chuideachtanais’ (
ar cuspóir di duine a oiriúnt i gcomhair saoil mar bhall de phobal sóisialta.
Ní hé ábhar an ailt seo
it’s not the purpose of this article
Ní hé ábhar an ailt seo áfach comórtas a dhéanamh idir foirne as réanna éagsúla.
i scríobh na scéalta fógraíochta
in writing for advertising purposes
Molann Roseanne Smith don té Smutleabhrach ar mian léi nó leis a bheith feiceálach ann, a bheith go haischlibeach
i scríobh na scéalta fógraíochta.