Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
mhol mise go foirmiúil I formally proposed
" Dhiúltaigh na ceardchumannaithe dóibh mar nach raibh na ráitis chonspóideacha iontu, ach d'ordaigh Ian Farmer, an leas-phríomhoide, don rúnaí gan iad a scríobh síos mar, ina thuairim siúd, ní raibh siad tábhachtach agus ní raibh spás ann do gach rud! Tar éis leathuaire ag argóint mar seo, mhol mise go foirmiúil na ráitis chonspóideacha a chur isteach.
chuir sé chun tosaigh he proposed
" Agus nuair a bhí deireadh dúile bainte dó, is léir gur bhuail tallann inteacht é agus chuir sé chun tosaigh béile Síneach uirthi don Aoine seo.
mhol an tUachtarán George Bush President George Bush proposed
" Ar an 24 Feabhra mhol an tUachtarán George Bush go ngearrfaí an soláthar airgid do na hiarshaighdiúirí agus do thithíocht phoiblí i mbuiséad na bliana 2005.
atá á mholadh agam that I am proposing
" Bua eile a bhaineann leis an gcóras atá á mholadh agam ná go mbeadh dhá mhórchluiche iománaíochta breise ar an bhféilire, rud a dhéanfadh an cóimheas de chluichí iomána agus peile "beo" ar an teilifís níos cothroime.
molta proposed
" Maidir leis na hathruithe eile atá molta do na hollscoileanna, d'éirigh linn tús a chur le córas na módúl gan stró i mbliana.
mhol an Rialtas the Government proposed
" Tá raic ann mar gheall ar gur mhol an Rialtas le gairid go mbogfaí na príosúnaigh go láthair nua in aice le Cill Dhéagláin i gContae na Mí, timpeall deich míle ó lár chathair Bhaile Átha Cliath.
go mbeadh straitéisí eile á moladh that other strategies would be proposed
" Shílfeá, leis an titim atá tagtha i líon na sagart i bparóistí ar fud an domhain agus an laghdú atá sa líon daoine atá ag freastal ar aifrinn agus ag glacadh le comaoineach, go mbeadh straitéisí eile á moladh seachas cosc ar an aontumhacht agus ar homaighnéasaigh.
á mholadh being proposed
" ” Fiafraím de an bhfuil an baol ann gur céim síos a bheadh sa chóras nua atá á mholadh aige don litríocht.
polasaí forbartha a mholadh to propose a development policy
" ) Ar cheart do na heagraíochtaí Gaeilge, trí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, polasaí forbartha a mholadh i gcás theagasc na Gaeilge, an infheistíocht riachtanach a shonrú agus an cur chuige don am atá romhainn a leagan amach? Is fiú suí síos le Fine Gael ansin agus cur in iúl dóibh go mbeidh muid uilig sásta má leantar straitéis dhearfach maidir leis an Ghaeilge agus iad i gcumhacht.
molta proposed
" Níl chuile dhuine sásta leis na hathruithe atá molta.
a mhol an t-uachtarán don Chomhdháil which the president proposed to Congress
" Céastar príosúnaigh de chuid na Stát Aontaithe anois, agus, má rithfear bille a mhol an t-uachtarán don Chomhdháil an tseachtain seo caite, ceadófar céasadh as seo amach agus ní thabharfaidh Meiriceá aitheantas do Choinbhinsiún na Ginéive níos mó.
an t-acht a bhí molta a chur i bhfeidhm. to implement the proposed act.
" Tá an pionós á ghearradh ag aontachtaithe a chaith vóta in éadan an achta ar bhunús seafóideach polaitiúil agus ar bhunús eile bréagach – go gcosnódh sé an dú-rud airgid an t-acht a bhí molta a chur i bhfeidhm.
nuair a mhol sé when he proposed
" ” Mura bhfuil pobal na hAlban sásta leis an staid reatha, bíodh acu! Chuir iar-Aire Rialtais de chuid na gCaomhach, Sir Malcolm Rifkind, an lasóg sa bharrach ar na mallaibh nuair a mhol sé nach mbeadh cead ach ag Feisirí Parlaiminte a dhéanann ionadaíocht ar thoghcheantair Shasanacha reachtaíocht a rith ar aon ní a bhaineann go sonrach le Sasana.
molta proposed
" Theip orthu cur síos simplí a dhéanamh ar na príomhleasuithe a bhí molta ann agus theip orthu cur ina luí ar dhaoine go raibh na leasuithe seo ag teastáil go géar le go gcuirfí ar chumas an AE dul i ngleic le fadhbanna móra na haoise seo.
an tAcadamh molta the proposed Academy
" Ba é an tAcadamh molta an tseoid i gcoróin lucht tacaíochta na "teanga".
céadmholadh first proposed
" Nárbh fhearr i bhfad dóibh feidhmiú go réamhghníomhach agus a n-imní a léiriú dá bpáirtithe sa chomhrialtas nuair a céadmholadh an tástáil mhaoine ar phinsinéirí, in áit a bheith ag olagón nuair a bhí an beart curtha i gcrích? An amhlaidh nár thug na dreamanna seo uilig aon suntas do scéal a bhí ar chéad leathanach an nuachtáin is mó meas sa tír coicís roimhe sin? Ach is cinnte nár cheart go dtiocfadh an alltacht agus an fhearg a bhí ar an phobal maidir leis an mholadh aniar aduaidh ar Thaoiseach a mhaígh tráth go raibh sé ina “good judge of what makes people tick.
mhol Leas-Rúnaí Cosanta the Assistant Defence Secretary proposed
" Ceithre lá i ndiaidh 9/11, bhí lucht an chogaidh nuachoimeádaigh chomh siúráilte go raibh muintir Mheiriceá ullmhaithe gur mhol Leas-Rúnaí Cosanta Paul Wolfowitz gur chóir d’arm SAM ionsaí a dhéanamh ar thír nach raibh baint dá laghad leis na hionsaithe sin.
molta ag proposed
" Go deimhin, tá sé molta ag Fine Gael gur cheart deireadh a chur leis an riachtanas iontrála Gaeilge chuig na Coláistí Oideachais.
mholann proposes
" Ainmnítear baill nua don Chúirt Uachtarach ar an dóigh chéanna i Meiriceá agus in Éirinn: is é an t-uachtarán a mholann iad.
mholadh proposed
" 4% á mholadh go náisiúnta! An sliocht as tuairisc Choiste na gCiorraithe a tugadh ag tosach an ailt seo thuas, tugann sé le fios go bhfuil an t-airgead a chaitear ar scéimeanna sa Ghaeltacht á thógáil amach as cistí airgid dóibh siúd ‘atá ar an ghannchuid’.
mhol advised, proposed
" Bhí gorta sa tír roimh 1845, ceann i 1729, fágaim, an bhliain inar fhoilsigh Jonathan Swift ‘*A Modest Proposal’*, leabhar inar mhol sé cinedhíothú ar Éireannaigh bhochta.
mhol proposed
" Thoiligh Seanad an NUI ar an 23 Meitheamh 1910 glacadh le rún a mhol de hÍde a shocraigh go mbeadh an Ghaeilge ina hábhar riachtanach don mháithreánach ón bhliain 1913 ar aghaidh, ach amháin do mhic léinn nach raibh cónaí orthu in Éirinn le trí bliain roimhe sin.
mhol proposed
" Is minic a chumtar scéalta áiféise nó tugtar ardán do mholtaí craiceáilte leis an bhfolús a líonadh.
Molaimid we propose
" An tseachtain seo caite, bronnadh achainí ar Ard-Mhéara Bhéal Feirste agus é sínithe ag 400 Gael ag iarraidh aitheantais dá dteanga, dá stair agus dá gcultúir sna himeachtaí comórtha:
 “Molaimid, na Ceithre Chéad Saoránach Feirsteach, Gaelach thíos don Ard-Mhéara reatha agus do chomhairleoirí uilig na Cathrach an Chairt seo, Cairt Bhéal Feirste 400, a chur roimh chruinniú den chomhairle iomlán le go bpléifear é agus go dtabharfar suntas do ról agus do shaibhreas na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh mar chuid shuntasach, bhunúsach d’oidhreacht na Cathrach.
bheith ag moladh réitigh do proposing a solution to
" Intinn Dúnta an Fhorais ========== Tá a fhios agam an tráth seo de mo shaol, nach bhfuil maith ar bith a bheith ag moladh réitigh do dhuine le hintinn dúnta.
mholadh do cheathrar to propose for four
" D’fhógair Príomh-Aire na hAstráile, Tony Abbott, ar 26 Márta gur thug Éilís II, Banríon na hAstráile, údarú dó an dá theideal thuas a mholadh do cheathrar Astrálach gach bliain mar chuid dár gcóras gradam.
molta mar proposed as
" Mar sin, is le háthas a glacadh le fógra an Aire Dlí agus Cirt go raibh Úna Ní Dhubhghaill molta mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás Rialála Carthanas na hÉireann atá le bunú i mbliana, cúig bliana ó achtaíodh reachtaíocht ar an gceist seo.
sular thit an tóin as a raibh molta before the whole as proposed fell apart
" Cuireadh am agus fuinneamh na n-eagraíochtaí amú ag plé leis an phrácas ar a dtugtaí 'an tSamhail Nua Maoinithe' sular thit an tóin as a raibh molta.
Mhol proposed
" Mhol an Seanadóir Richard Di Natale an bille agus is ball den Pháirtí Glas é an seanadóir, páirtí atá chun tosaigh i dtaca le beartas sóisialta le blianta fada anuas.