Ag cruinniú poiblí i gContae an Chabháin ar an 24 Lúnasa, dúirt an Teachta Dála agus ceannaire Shinn Féin sa Dáil, Caoimhghin Ó Caoláin, mura mbeadh athrú poirt ag an DUP ar réimse polasaithe, nach mbeadh rogha ar bith ag Sinn Féin ach a gcuid airí a
tharraingt amach as an Tionól agus brú a chur ar na baill sin de chuid Rialtas na Breataine atá freagrach as cúrsaí an Tuaiscirt.