Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fhoilsitheoireachta publishing
" Bíonn ceardlanna uirlisí, rince agus teangacha (an Ghaeilge san áireamh, le Pádraigín Ní Dhomhnaill ó Ghaoth Dobhair) i gceist; taispeántais ealaíne, fhoilsitheoireachta agus turasóireachta; scannáin; léachtaí agus comórtais mhóra idir-Cheilteacha don imreoir *pétanque* (bóláil sráide), don phíobaireacht aonair, do na píob-bhannaí agus do na grúpaí traidisiúnta.
spriocdháta foilsithe amháin one publishing deadline
" Seachas luí isteach ar mhórthionscadal le spriocdháta foilsithe amháin, ba cheart cúpla spriocdháta foilsithe eatramhacha a bheith leagtha síos.
foilsitheoireacht publishing
" Ba bhreá liom gach aon rud a bhaineann leis an teanga - pleanáil, polasaithe rialtais, polasaithe eagraíochtaí, plé agus anailís ghinearálta, craoltóireacht, foilsitheoireacht, gach aon rud - ba bhreá liom iad a fheiscint bunaithe ar an réalachas agus ar an bhfírinne.
foilsitheoireachta publishing
" Chomh maith leis sin, déanaimid roinnt foilsitheoireachta (*An Dialann Obair Bhaile *agus *An Dialann Póca*).
foilsitheoireachta publishing
" Is maith liom mo rud féin a dhéanamh - an comhlacht foilsitheoireachta, mar shampla, agus mar sin de.
tionscal na foilsitheoireachta the publishing industry
" Tá feabhas an-mhór tagtha ar na scéimeanna trína gcuirtear maoiniú ar fáil, ach ní cumarsáid aon-treoch a bhíonn ann; bíonn tionscal na foilsitheoireachta ag forbairt i gcónaí agus braithimid go bhfuil dualgas orainne mar fhoilsitheoirí deiseanna a chur ar a súile do na heagrais mhaoinithe.
gnáthfhoilsitheoireacht ordinary publishing
" Cé go gceapann go leor daoine go bhfuil sé an-saor suímh ghréasáin a chur le chéile, deir saineolaithe go bhfuil an costas chomh hard le gnáthfhoilsitheoireacht.
ag foilsiú publishing
" Dá leanfaí ag foilsiú *Magill *ar feadh bliana eile, gach seans go mairfeadh sé.
foilsiú publishing
" Cuireadh tús le foilsiú laethúil an nuachtáin *Lá *i mBéal Feirste; tháinig méadú ar líon lucht féachána TG4; agus tugadh aitheantas do Raidió na Gaeltachta mar stáisiún a dhéanann freastal cuimsitheach ar lucht na Gaeilge in Éirinn agus ar fud an domhain.
chun foilsiú leabhar Gaeilge a chur chun cinn to promote the publishing of Irish language books
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bunaíodh an Bord chun foilsiú leabhar Gaeilge a chur chun cinn sa tslí is go mbeadh ábhar maith léitheoireachta Gaeilge ag an bpobal.
fhoilsiú thuarascáil an Bhreithimh Morris the publishing of Justice Morris' report
" I ndiaidh fhoilsiú thuarascáil an Bhreithimh Morris, d'fhógair an Coimisinéir Noel Conroy go raibh grúpa ar leith bunaithe aige le moltaí an bhreithimh a scrúdú.
comhlacht foilsitheoireachta publishing company
" Sheas a cumas ealaíonta agus cruthaitheach léi le linn di bheith ag obair le Cló Cois Fharraige, comhlacht foilsitheoireachta an Chomharchumainn.
foilsitheoireacht publishing
" Cén obair a dhéantar san eagraíocht ó lá go lá? Tá réimse leathan oibre ar bun: taighde, forbairt áiseanna teagaisc, foilsitheoireacht, soláthar seirbhísí taca, ionad áiseanna a choimeád suas chun dáta, suíomh gréasáin a uaslódáil go seachtainiúil, freastal ar chruinnithe a bhaineann le freagrachtaí na COGG, agus mar sin de.
ag foilsiú a chinnidh publishing its decision
" Beidh an Rialtas ag foilsiú a chinnidh maidir le scéim tógála meitreo ó lár Bhaile Átha Cliath (moltar Faiche Stiabhna) go dtí an tAerfort nó go Sord.
ag foilsiú publishing
" In 1885, thosaigh Louis Prang, as Bostún, ag foilsiú cártaí Nollag, traidisiún nach raibh coitianta i Meiriceá ag an am agus a tháinig ó Shasana.
foilsiú thuarascáil an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin the publishing of the report of the Independent Monitoring Commission
" ” Ar an drochuair, níl rím idir spriocam *Beo!* agus foilsiú thuarascáil an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin (nó an IMC) – tá cúpla uair an chloig sa bhearna, ach *away liom*.
mo chomhlacht foilsitheoireachta féin my own publishing company
" Shocraigh mé ansin ar mo chomhlacht foilsitheoireachta féin a chur ar bun agus rinne mé é sin i 1995, cé nár thosaigh muid i gceart go dtí 1996.
a ullmhú don chló to prepare for publishing
" Agus é éirithe as, seachas bheith ag tabhairt comhairle do mhic léinn iarchéime, is iad na tionscadail is mó atá curtha ag Ó Coileáin roimhe féin ná aistí próis Sheáin Uí Ríordáin a ullmhú don chló agus saothar seanchais John Kelleher a thabhairt chun críche.
ar nós fhoilsiú thuarascálacha cigireachta na scoileanna such as the publishing of the school inspection reports
" Tá céimeanna dalba glactha aici i dtaca le trédhearcacht bíodh is go bhfuil cuid acu conspóideach go leor, ar nós fhoilsiú thuarascálacha cigireachta na scoileanna agus sraitheanna na dtorthaí scrúduithe.
chun tacú le foilsitheoireacht Mhaorach to support Maori publishing
" Caithfear a thuiscint nach raibh foilsitheoirí Maoracha ná aon eagraíocht chun tacú le foilsitheoireacht Mhaorach ann, ná foilsitheoirí a bhí báúil leis na *nuances* polaitiúla sin.
ag foilsiú ár n-irise publishing our magazine
" ” Mar a deir Mairéad Perron, duine de mhúinteoirí idirlín an Chumainn, “thosaigh ár ngaol leis an teicneolaíocht in 1881 nuair a thosaigh Mícheál Ó Lócháin ag foilsiú ár n-irise *An Gaodhal*, agus á dáileadh ar Ghaeil ar fud Mheiriceá.
comhlacht foilsitheoireachta the publishing company
" ) Bhunaigh Nic Pháidín agus Ó Cearnaigh an comhlacht foilsitheoireachta Cois Life agus ní bréag a rá go bhfuil obair mhór déanta ag an chomhlacht chéanna; baineann caighdeán ard le hábhar na leabhar agus lena ndearadh.
faoi chúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta. about publishing and reading matters.
" Tá mórán le rá acu atá siosmaideach faoi chúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta.
an teach foilsitheoireachta is mó the biggest publishing house
" Is iad an Gúm an teach foilsitheoireachta is mó a aithnítear le leabhair do pháistí agus is iad is mó a leagann síos an tslat tomhais don réimse seo léitheoireachta.
foilsiú nuachtáin the publishing of a newspaper
" Os a choinne sin, tá daoine amuigh ansin a shílfidh go bhfuil mé i mo bhall de Shinn Féin ar an ábhar go raibh baint agam le foilsiú nuachtáin ar le duine é a bhíodh ina chomhairleoir de chuid an pháirtí sin.
foilsiú na tuarascála the publishing of the report
" Sa deireadh, níor foilsíodh ach 19 leathanach den tuarascáil! Luadh an tionchar féideartha a bheadh ag foilsiú na tuarascála ar chásanna cúirte – ní ann don leithscéal sin a thuilleadh.
stair na foilsitheoireachta the history of publishing
" ) “Is é ábhar na n-imleabhar uilig ná: stair na foilsitheoireachta agus an cúlra atá leis an fhoilsiú sin; conas mar a chuaigh na leabhair i bhfeidhm ar dhaoine, ar a smaointe agus ar a saol inmheánach; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an margadh; an bhaint a bhí idir na leabhair agus an staid pholaitíochta; conas mar a léigh daoine na leabhair.
Thosaigh sé a fhoilsiú a chuid scríbhneoireachta he started publishing his writings
" Thosaigh sé a fhoilsiú a chuid scríbhneoireachta fosta.
foilsiú an leabhair seo the publishing of this book
"foilsiú an leabhair seo tráthúil mar tá athbheochan iontach ar siúl sna cluichí Gaelacha i Learpholl faoi láthair agus tá an-suim ag na himreoirí óga i stair na heagraíochta sa tír seo.
ag foilsiú a saothar publishing their works
" Nó b’fhéidir go bhfuil scríbhneoirí níos cliste! Óir samhlaigh dá mbeadh scríbhneoirí móra sa tír seo ag foilsiú a saothar go neamhspleách agus á thabhairt díreach don phobal mar atá ceoltóirí agus cumadóirí a dhéanamh.
an fhoilsitheoireacht deisce desk-top publishing
" Nach iontach an rud é an fhoilsitheoireacht deisce?! **Feachtas**Shíl mé go mbeadh stuif mar seo mealltach do dhaoine leochaileacha, agus ba dhíol spéise é, dar liomsa, go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an Office of Fair Trading (OFT) i Sasana den tuairim chéanna – chuir siad tús le feachtas nua dar teideal Scams Awareness Month i mí Feabhra.
spriocdháta foilsithe an ailt publishing deadline of the article
" Ligfeadh sé do dhuine fanacht sa leaba dá mbeadh galar tromchúiseach air, nó fanacht ar saoire dá mbeadh spriocdháta foilsithe an ailt ann agus an scríbhneoir bocht ag iarraidh teacht aniar as cúpla lá scíthe agus é fós ar phócaí folmha agus ar chloigeann tinn.
fhoilsitheoireacht publishing
" Ach mar sin féin, tá an leabhar agus a bhaineann leis - an fhoilsitheoireacht, an mhargaíocht, agus an léitheoireacht féin - ag athrú.
Foilsiú publishing
" Foilsiú an Drochscéala Foilsíonn an Productivity Commission, eagraíocht de chuid an rialtais náisiúnta, tuarascáil gach ré bliain ina mbaintear úsáid as slata tomhais éagsúla – nó social indicators - le stádas mhuintir dhúchais na tíre a mheas.
foilsitheoireachta publishing
" Ach baineann Tadhg is a chomhghleacaithe i bhFuta Fata, an comhlacht foilsitheoireachta atá aige, úsáid as níos mó ná an blag seo chun an phobal seo a chothú: úsáideann siad Facebook freisin.
foilsitheoireachta publishing
" ie/) chun freagra na ceiste seo a aimsiú:** - Cén bhliain inar bunaíodh an comhlacht foilsitheoireachta Coiscéim? Seol do fhreagra chuig <oifig@beo.
fhoilsiú an eolais publishing the information
" Tugtar ‘sárurghaire’ air cionn is go gcuirtear cosc, chan amháin ar fhoilsiú an eolais ach ar aitheantas an té atá i gceist fosta.
foilsiú an eolais seo the publishing of this
" Ghlac breithiúna na Breataine leis go dtí seo nach gá go mbeadh foilsiú an eolais seo ar leas an phobail agus gur chóir fosta cosaint a thabhairt do dhaoine neamhurchóideacha, ar nós leanaí, a bheadh thíos le nochtadh na gcaidreamh.
earnáil na foilsitheoireachta the publishing sector
" Ní cosúil go fóill gurb amhlaidh don leabhar, ach tá earnáil na foilsitheoireachta suaite go maith ag an líon.
bhfoilsitheoireacht publishing
" Is féidir le daoine nach mbaineann go dlúth le Gaeilge tuiscint a fháil ar shaol na Gaeilge – agus ansin a bheith sásta go bhfuil a gcáin ioncaim á caitheamh ar an nGaeilge, ar an teilifís, ar an raidió, ar an bhfoilsitheoireacht, ar na leabhair, ar na gaelscoileanna agus nach miste leo a leithéid tarlú! Caithfidh muintir na Gaeilge dul amach i measc an phobail agus braithim gur cuid den obair sin a dhéanann an Scoil Samhraidh.
bhí á foilsiú acu they were publishing
" Chuir Máire Óg ar shúilibh Myers gur bholscaireacht dhubh Basil Clarke an méid a dúirt sé, agus nár mhaise do Myers ná don *‘Irish Times’* ocsaín na poiblíochta a thabhairt do shíoltheagasc phríomhbhréagadóir Fhaisnéis Mhíleata na Breataine in Éirinn sa bliana 1920, amhal dá mba fhíric na staire a bhí á foilsiú acu, seachas bréag mhór mhaslach shuarach.
Murach deis an fhéinfhoilsithe were it not for the opportunity of self-publishing
" Murach deis an fhéinfhoilsithe a bheith agam, ní bheadh Tchouhov, Sapkota ná scata eile againn sa Ghaeilge.
an té a chuir ar bhóthar the person who put (me) on the road (to publishing)
" Dhá bhliain? Féinfhoilsiú mar sin! Tá an leabhar amuigh anois (cé nach bhfuil gléas a léite ceannaithe agam go fóill!) agus é tiomnaithe do Mhícheál Ó hAodha, an té a chuir ar bhóthar na féinfhoilsitheoireachta leictreonaí an chéad lá mé.
tar éis foilsiú an chéad eagráin after the publishing
" Bunaíodh an chéad *Maker Faire* i 2006 i San Mateo sna Stáit Aontaithe thart fá bliain tar éis foilsiú an chéad eagráin de Make, (Makezine)(http://makezine.
i riocht a fhoilsithe ready for publishing
" ” Tá foclóir Breatnais-Gaeilge i riocht a fhoilsithe anseo in Aberystwyth más ea.
na féinfhoilsitheoireachta self-publishing
" ’Sé an múnla is fearr a d'fheilfeadh, dar liom, ná múnla na féinfhoilsitheoireachta (nó an fhéinordaithe) faoi mar atá in úsáid ag an iris An Gael.
bheadh na smaointí seo infhoilsithe would those thoughts be fit for publishing
" Is minic a smaoiním ar an ngné seo dár saol ar líne i ndáiríre agus is oth liom a rá nach rómhinic a bheadh na smaointí seo infhoilsithe.
maille le bliain foilsithe along with the year of publishing
" Seo agaibh iad maille le bliain foilsithe a gcéad leabhar: Isgarn, 1949; Isfoel, 1958; Evan Jenkins, 1959; B.
daoine ag lochtadh an chomhlachta foilsithe people finding fault with the publishing company
" Cloisim daoine ag lochtadh an chomhlachta foilsithe, Torann na dTonn, agus is cinnte go bhfuil cuid den locht orthu nár shocraigh siad córas ceart dáiliúcháin, le go mbeadh daoine in ann tíocht air sách éasca.
comhlacht foilsitheoireachta publishing company
" An mhí seo: Seán Ó Cearnaigh, Cois Life (comhlacht foilsitheoireachta), Baile Átha Cliath.
fiontar foilsitheoireachta publishing enterprise
" Tá glúin nua scríbhneoirí próis ag cur brí agus beatha sa litríocht ghaelach in Albain, agus tá an scríbhneoireacht Ghàidhlig ag dul ó neart go neart ó bunaíodh an fiontar foilsitheoireachta &#147;Ùr-sgeul&#148;.
gur ‘gaire cabhair an fhéinfhoilsithe ná an doras the assistance of do-it-yourself publishing is
" D’éirigh foilsitheoirí an-éisealach le blianta anuas sa bhiaiste leabhar a chlóbhuailfidís, agus tá Gabriel Rosenstock den tuairim mar gheall ar an athrú iompair sin gur ‘gaire cabhair an fhéinfhoilsithe ná an doras’.