Tá sé mar pholasaí ag an dánlann ó bunaíodh í i 1978 go mbeadh an ealaín le feiceáil taobh amuigh chomh maith le taobh istigh, mar sin tá saothar le feiceáil thart timpeall na cathrach; ní hamháin go músclaíonn an saothar seo suim daoine san ealaín ach spreagann sé díospóireachtaí chomh maith i measc bhunadh na cathrach.
Bíonn daoine óga a bhfuil leadrán orthu ag spreagadh troideanna le gur féidir leo iad a thaifeadadh ar an nguthán póca agus iad a uaslódáil go leithéidí YouTube.
“Ach tá meitheal ollúna amuigh ansin ag cur achainíocha le chéile, agus ag cothú mírúin agus míshástachta i measc mhuintir na Gaeilge faoi rudaí nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leo.
Tús na bliana anuraidh, níorbh iad an BSL amháin a shaighdigh comhlacht príobháideach amach le géaga a ghearradh siar ar na crainn, ach sheol comhlacht gutháin éicint lucht na dtoireasc slabhra amach agus réab siad na crainn ar cholbha an bhóthair.