Faigheann Bohemia (an cúige is rathúla sa tír agus an cúige a bhfuil Prág ina lár) a ainm ó na Boii, treibh Cheilteach a bhí lonnaithe anseo go dtí an cúigiú haois AD.
Mar bharr ar an donas, fiú dá mbeadh an bua ag plean Ibarretxe i reifreann, tá sé fógartha cheana féin ag Alava, ceann de na trí chúige i dTír na mBascach, nach mbeadh siad sásta bheith páirteach in aon chor i dtír a bheadh neamhspleách ón Spáinn.
Tá ocht nOrduithe Logainmneacha déanta ag an Aire Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoin Acht ar chomhairle an Choimisiúin Logainmneacha go dtí seo; clúdaíonn seacht gcinn ainmneacha Gaeilge na gcúigí agus na gcontaetha, agus na logainmneacha a foilsíodh sa tsraith *Liostaí Logainmneacha* go dtí 1993.
a d'imreodh ar son a gcúigewho would play for their province
Mholfainn go roghnófaí foirne cúige díreach i ndiaidh chluichí ceannais na hÉireann gach bliain, go n-imreodh na cúigí i gcoinne a chéile le haghaidh Chorn an Bhóthair Iarainn agus go roghnófaí na Réaltaí as na himeoirí sin a d'imreodh ar son a gcúige.
Má léann sibh é seo go cúramach gheobhaidh sibh léargas glé glan glinn ar mheon an Oráistigh bhoicht atá faoi aintreise agus faoi leatrom ina chúige féin – cúige a chruthaigh Dia dó – ar na saolta deireanacha seo.
Is beag an seans go dtarlóidh sé arís go mbuafaidh imreoir amháin bonn peile agus bonn iomána ar an lá céanna agus é ag imirt dá chúige i lár na páirce in dhá chluiche díreach i ndiaidh a chéile.
Meastar gur ghlac Howard leis an iarraidh a bheith páirteach sna fórsaí forghabhála ar an gcoinníollach go mbeadh na trúpaí Astrálacha lonnaithe i gcúigí ciúine i ndeisceart na tíre, ceantair nach raibh na ceannaircigh gníomhach iontu.
Rinne arm na hIndinéise ionradh uirthi i mí na Nollag sa bhliain chéanna, agus an bhliain dar gcionn rinneadh nascghabháil uirthi mar chúige eile den Indinéis.
Tá rúnaithe agus lucht riaracháin fostaithe ag gach cúige agus ag gach contae chun an obair sin go léir nach mbeadh an t-am ná na scileanna ag oibrithe deonacha a dhéanamh chun eagraíocht chomh mór agus chomh tábhachtach leis an gCumann Lúthchleas Gael a riaradh ar bhonn láidir, sásúil.
Le beagnach dhá chéad bliain anuas, tá neart nasc stairiúil cruthaithe idir an tír seo agus Victoria, cúige in oirdheisceart na hAstráile, ó chúrsaí imirce go cúrsaí polaitíochta: chaith Charles Gavan Duffy (1816-1903), duine de bhunaitheoirí na gluaiseachta “Éire Óg” seal mar Phríomh-Aire Victoria fiú.
Is cuid de chúige Alba Nua í an Rinn Bhriotánach agus idir na blianta 1775 agus 1860, tháinig breis is 25,000 duine ar eisimirce as Albain le socrú ar an oileán, cuid mhaith acu a tháinig ó gharbhchríocha na hAlban.
Nuair a rinne cúige amháin den Chongó, cúige saibhir Katanga, iarracht imeacht ó Phoblacht an Chongó, chuir na Náisiúin Aontaithe ina gcoinne go hoifigiúil ós rud é gurbh iarracht tobann neamheagraithe an feachtas sin an cúige a dhealú.
ar chúige chomh saibhir lena bhfuil in Éirinnas wealthy province as there is in Ireland
Más í an Mholdáiv an tír is boichte san Eoraip, agus an tuaisceart ar chúige chomh saibhir lena bhfuil in Éirinn, ní heol dom dhá thír eile atá chomh gaolmhar lena chéile ó thaobh teangacha agus polaitíochta de.
Líomhnaíodh gur tharla na hionsaithe seo thar tréimhse 30 bliain in achan chúige sa tír - i seomraí óstáin, pictiúrlanna, árasáin, campaí samhraidh agus in áiteanna go leor eile nach iad.
Idir an dá linn, thug uachtarán Ontario, - an cúige ina bhfuil Toronto - Kathleen Wynne, an chluas bhodhar do Ford le déanaí nuair a thug sí cuireadh do Kelly bualadh léi chun cúrsaí a phlé.
Ar an iomlán, cónaíonn beagnach 8 milliún duine sa chúige is mó seo, agus de réir taighde a rinneadh in Ollscoil McGill, is de sliocht Éireannaigh 40% den chúige seo.
Deirtear go bhfuil cur i gcéill leis sin, áfach, mar gur mhaith leis an rialtas mionlaigh na grúpaí a chaitheann na suaitheantais chreidimh seo a dhíbhirt as an gcúige.
An dream nach n-áiríonn an leathchúige eile mar chuid den tír seo, Éire, is iad is mó nach bhfeiceann cé as a dtáinig an vóta ard do Shinn Féin, d’ainneoin a threise is atá roinnt daoine ina n-éadan sa dá stát.
Deirtear gur tréimshe fhada í seachtain sa pholataíocht, agus is cinnte gur fhoghlaim Pauline Marois, iar-Thaoiseach Québec (an chúige ina bhfuil an líon is mó cainteoirí Fraincise sa tír) an ceacht tábhachtach sin ag an toghchán conspóideach a bhí ann thart ar dhá mhí ó shin.
an chathair is mó sa chúigethe largest city in the province
Cuireann caint ar scarúnachas eagla ar lucht votála Québec go minic - i rith na seachtóidí d’imigh go leor comhlachtaí agus tionscadail ó Mhontréal – an chathair is mó sa chúige - go Toronto le reifreann ar scarúint á thógáil ag muintir Québec agus níl an chathair tagtha ar ais chuici féin ó shin ó thaobh an gheilleagair de.
fiacha troma ar an gcúigeheavy burden of debt on the province
Tá geilleagar Québec ag streacailt léi faoi láthair chomh maith, le fiacha troma ar an gcúige agus dífhostaíocht go forleathan, go háirithe i measc na n-óg.