Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fuaimniú pronunciation
" fuaimniú binn ======= Ní chuirim aon spéis i gcúrsaí spóirt sa mbaile, ach is breá liom sa tír úr seo a bheith i lár na páirce gach "Spórt an tSathairn" le glór darb ainm Seán Bán.
fuaimniú ceart correction pronunciation
" Corruair, bíonn fuaimniú ceart na bhfocal ina chnámh spairne eadrainn, ós rud é go bhfuil blas na Mumhan ar a chuid Gaeilge siúd agus blas Chonamara ar mo chuidse.
a bhfuaimniú their pronunciation
" Ní bhíonn na focail i gcónaí mar an gcéanna - tagann athrú mór orthu agus ar a bhfuaimniú, abair nuair a thagann alt nó réamhfhocal rompu, nuair a bhíonn séimhiú agus urú i gceist.
an fuaimniú the pronunciation
" "Ar ndóigh, níl sí a chor ar bith," arsa Raffealla Ramini liom, "agus tá difear mór idir an litriú agus an fuaimniú.
fuaimniú pronunciation
" *Dún an Doras *an t-ainm atá ar an gceann is fearr ar fad acu; de réir traidisiúin, fuaireadar a n-ainm de bharr fógra a bhí scríofa ar dhoras an leithris i dteach tábhairne! Faraor, ní channann an t-amhránaí i nGaeilge mórán, cé go bhfuil guth binn aoibhinn aici, ach rinne sí "Seoladh na nGamhna" a thaifeadadh le déanaí (thugas cabhair di leis an bhfuaimniú), agus tá súil agam go gcuirfidh sí lena stór amhrán Gaeilge.
fhoghraíocht pronunciation
" Nuair a bheadh an téacs tugtha linn againn, agus an fhoghraíocht soiléir, chanfadh sise an t-amhrán cúpla babhta agus ansin, leanfadh muidne di.
fuaimniú áitiúil local pronunciation
" Chomh maith leis na foinsí scríofa, is cuid iontach tábhachtach den fhianaise fuaimniú áitiúil na n-ainmneacha sa lá atá inniu ann.
fuaimniú pronunciation
" Éireannach, Thomas Fitzgerald, a bhunaigh Innisfail in 1880 ach tá an litriú agus an fuaimniú mícheart (fuaimnítear an focal mar bheadh focal Béarla ann).
ag obair ar fhoghraíocht working on pronunciation
" Cuidíonn an amhránaíocht liom agus mé ag obair ar fhoghraíocht le mo rang, nó fiú chun pointe gramadaí a mhíniú.
an fhoghraíocht the pronunciation
"an fhoghraíocht Ghàidhlig ag muintir na háite go fóill, cé go bhfuil an litriú “Tomintoul” ann sa Bhéarla.
siocair go dtig leat foghraíocht na bhfocal a chluinstin because you can hear the pronunciation of the words
" I gcás na Gaeilge de, is áis iontach foghlama iad na podchraolta seo siocair go dtig leat foghraíocht na bhfocal a chluinstin fad is atá tú á léamh.
ar mian leis a bhfuaimniú a chloisteáil whose pronunciation he wants to hear
" ie go mbeidh ar chumas an léitheora a phointeoir a chur ar na focail ar mian leis a bhfuaimniú a chloisteáil – ar aon suíomh greasáin ar domhan – agus go ndéanfar an tsintéis ar an toirt i nGaeilge bhreá dhúchasach an ríomhchainteora.
foghraíochta pronunciation
" Ach taispeánann sé tábhacht na foghraíochta.
foghraíochta pronunciation
" Feictear dó go mbíonn difríochtaí móra foghraíochta, deilbhíochta, gramadaí, agus comhréire idir an dá chineál Gaeilge.
foghar pronunciation
" Ba iomaí teanga a bhí san ollscoil sin fad a mhair sí, ach bíodh go samhlaítear teanga na Gaeilge anois leis an imeallbhord thiar go háirithe, ba i lár na hÉireann a bhí nead gach canúna, ba ansin a theagmhaigh gach fuaim, gach foghar is gach focal lena chéile.
foghraíocht pronunciation
" I measc na ngnéithe lárnacha léirithe ann tá an t-alt agus inscne ainmfhocail; an tuiseal ginideach, an chopail ‘is’; briathra rialta agus na cinn neamhrialta; foghraíocht agus litriú; míonna agus laethanta; suíomh agus gluaiseacht; na hairde; aidiachtaí; uimhreacha ; forainmneacha pearsanta; forainmneacha réamhfhoclacha; aidiachtaí sealbhacha; réamhfhocail shimplí; réamhfhocail shimplí móide an t-alt.