ardú céime
promotion
Thug cuid de na múinteoirí i Sasana faoi deara an treo a raibh an ghaoth ag séideadh blianta ó shin agus léim siad ar an *bandwagon* chun
ardú céime agus tuilleadh airgid agus cumhachta a fháil dóibh féin.
ardú céime
promotion
Thug sé le fios i ndiúscairt a cuireadh faoi bhráid an phobail an mhí seo caite go raibh a fhios aige go raibh gearáin déanta faoin sagart mícháiliúil sin, an tAthair Paul Shanley, ach gur thug sé
ardú céime dó mar sin féin.
cur chun cinn
promotion
Leagtar amach plean oibre faoi thrí cheannteideal ag An Údarás um Ard-Oideachas: (a) múineadh ábhar eile seachas Gaeilge trí mheán na Gaeilge; (b)
cur chun cinn na Gaeilge i measc na mac léinn agus i measc na foirne; (c) athchló a chur ar sheantéacsanna.
ardú céime
promotion
Go bunúsach, séard atá uathu ná struchtúr éigin a thabharfas deis níos fearr dóibh
ardú céime a bhaint amach.
cur chun cinn na hiománaíochta
the promotion of hurling
Is cuma leis má sheasann sé ar bharraicíní, mar a déarfá, agus is minic a cháineann sé oifigigh a chontae dhúchais féin, Loch Garman (chuir sé Coiste an Chontae i gcomparáid le hiasc lofa in alt amháin!) faoin easpa iarrachta, dar leis féin, maidir le
cur chun cinn na hiománaíochta i Loch Garman, cluiche atá i mbaol a bháis, dar leis, sa chontae sin mura gcuirtear plean gníomhaíochta i bhfeidhm go luath.
gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit
that you were ever refused a job/promotion
"Léiríonn sé go *gcreideann* daoine go bhfuil an seicteachas le fáil go forleathan anseo - freagra dearfach a thug 53% de fhreagróirí Caitliceacha ar an cheist, "An dtarlaíonn idirdhealú i gcúrsaí fostaíochta go han-mhinic/go minic i gcás na gCaitliceach?" Ach i dtaca le ceist eile, "An gcreideann tú féin
gur diúltaíodh riamh post/ardú céime duit mar gheall ar do chreideamh?" ní dúirt ach 18% de na freagróirí Caitliceacha gur diúltaíodh.
chur chun cinn na Gaeilge
the promotion of Irish
Cloistear go minic na laethanta seo go bhfuil airgead rialtais gann agus go bhfuil sé deacair maoiniú a fháil do
chur chun cinn na Gaeilge.
ardú céime
promotion
Níorbh fhada gur deineadh bainisteoir léiriúcháin di agus, tamall ina dhiaidh sin, fuair sí
ardú céime agus chuaigh sí i mbun stiúrthóireachta.
chun cinn
promotion
Áiseanna foghlama a bheith cruthaithe againn a chabhróidh le feasacht teanga a chur
chun cinn agus a mhúsclóidh suim an phobail i dteanga agus in oidhreacht na Gaeilge, agus gnó leanúnach a bheith ag teacht as.
chun cinn
promotion
Áiseanna foghlama a bheith cruthaithe againn a chabhróidh le feasacht teanga a chur
chun cinn agus a mhúsclóidh suim an phobail i dteanga agus in oidhreacht na Gaeilge, agus gnó leanúnach a bheith ag teacht as.
hardú céime
promotion
Bhain Gardaí lofa mí-úsáid as daoine leochaileacha (go minic ar bheagán oideachas) ar mhaithe le
hardú céime a bhaint amach.
cur chun cinn
promotion
Is cuma leis na gnáthbhaill má bhíonn gearáin á ndéanamh faoin Ardchomhairle nó faoin “*crowd *sin thuas i bPáirc an Chrócaigh” – bíonn siad féin ag gabháil dó sin ¬- ach na gearáin, an magadh, an síorchaitheamh anuas, bhí sin ag goilliúint ar ghnáthbhaill nach raibh uathu ach a bheith ag plé le
cur chun cinn na gcluichí.
hardú céime
promotion
Bhain Gardaí lofa mí-úsáid as daoine leochaileacha (go minic ar bheagán oideachas) ar mhaithe le
hardú céime a bhaint amach.
cur chun cinn na Gaeilge
the promotion of Irish
Rud eile, is beag ar fad an méid Gaeilge atá le feiceáil ar aon suíomh in aon chontae agus is cúis náire amach is amach é sin do Chumann Lúthchleas Gael, a bhíonn ag maíomh go minic nach eagraíocht spóirt amháin é ach eagraíocht chultúrtha a bhfuil
cur chun cinn na Gaeilge i measc na n-aidhmeanna atá aici.
cur chun cinn na Gaeilge
the promotion of Irish
Níl aon rud agamsa in aghaidh iarthar Bhéal Feirste – sílimse go bhfuil rudaí iontacha déanta ag daoine ansin ar mhaithe le
cur chun cinn na Gaeilge, go háirithe i rith na dTrioblóidí nuair nach raibh siad ag fáil pingin airgid ón rialtas chun é a dhéanamh.
ardú céime
promotion
Ní hamháin nár cuireadh pionós riamh ar aon duine de na Gardaí a bhí páirteach san eachtra scannalach seo, ach tugadh
ardú céime do go leor acu, an bleachtaire Shelly ina measc.
ar chur chun cinn na hiomána
on the promotion of hurling
Tá sé in am acu an dúthracht chéanna a chaitheamh
ar chur chun cinn na hiomána.
ardú céime
promotion
Ní raibh a fhios agam cad é a bhí i ndán dom i McConnell’s agus bhí a fhios agam gur deis iontach é seo le léim isteach i rud agus
ardú céime a fháil go tapa, chomh maith le taithí iontach a fháil nach bhféadfaí a fháil áit ar bith eile.
cur chun cinn na Gaeilge
the promotion of Irish
Dár ndóigh, is é an cheist ná an
cur chun cinn na Gaeilge i ndáiríre a bhí riamh mar aidhm le ceachtar cinneadh!
Tá an ceart ag Enda Kenny maidir le rud amháin: tá gá le díospóireacht maidir le múineadh na Gaeilge inar scoileanna, óir cinnte níl an stát ag fáil luach a chuid airgid i gcás an €500 milliún a chaitear ar mhúineadh na teanga gach bliain.
chur chun cinn na Cáirte Eorpaí
the promotion of the European Charter
Sa mhullach air seo, bíonn muid ag plé le heagraíochtaí eile Gaeilge agus eagraíochtaí stáit faoi
chur chun cinn na Cáirte Eorpaí (do theangacha réigiúnda agus mionlaigh) agus forbairt phobal na Gaeilge i ndeisceart agus oirthear Bhéal Feirste.
cur chun cinn na Gaeilge
the promotion of Irish
Dár ndóigh, is é an cheist ná an
cur chun cinn na Gaeilge i ndáiríre a bhí riamh mar aidhm le ceachtar cinneadh!
Tá an ceart ag Enda Kenny maidir le rud amháin: tá gá le díospóireacht maidir le múineadh na Gaeilge inar scoileanna, óir cinnte níl an stát ag fáil luach a chuid airgid i gcás an €500 milliún a chaitear ar mhúineadh na teanga gach bliain.
ardú céime
promotion
Thug Terry Ashurst, príomhoide Doncaster College,
ardú céime dá bhean, Nina Regan; nuair a chuaigh sí go dtí an coláiste ar dtús, bhí sí ag obair mar rúnaí ag Ashurst ach ceapadh mar cheannasaí na rannóige pearsanrsa í sa deireadh agus tugadh bóthar do John Giddens, rúnaí NATFHE , fear a raibh naoi mbliana déag caite aige ag obair sa choláiste (*Guardian,* 17 Feabhra 1998).
d’ardú céime inmheánach
for internal promotion
nach raibh inniúlacht sa Ghaeilge curtha san áireamh ag leath na rann agus na n-oifigí rialtais ina gcuid comórtas
d’ardú céime inmheánach.
gur diúltaíodh ardú céime
that promotion was refused
Bheadh sé chomh maith acu a rá nár bhain na ciorcláin ach le comórtais a reáchtáladh ar an Luan agus an Mháirt!
Ach bhí impleachtaí pearsanta ann fosta mar go bhféadfadh sé
gur diúltaíodh ardú céime a bhí tuillte acu do státseirbhísigh a raibh Gaeilge acu mar nár cuireadh i bhfeidhm cinntí agus comhaontaithe Rialtais.
do chomórtais arduithe céime
in competitions for promotion
Chuir sí rudaí ina cheart sa Roinn maidir le marcanna breise a bheith bronnta ar iarrthóirí le Gaeilge
do chomórtais arduithe céime.
trí chur chun cinn na gaelscolaíochta
through the promotion of Irish-medium schooling
Ach is díograiseoirí iad an fhoireann agus iad tiomanta d’fhís CnaG athbheochan na Gaeilge a chothú
trí chur chun cinn na gaelscolaíochta.
ar chur chun cinn an spóirt
on the promotion of sport
Tá ciste níos lú ná sin ag an gComhairle Náisiúnta Spóirt freisin le caitheamh
ar chur chun cinn an spóirt agus ar scéimeanna áitiúla.
i gcur chun cinn beartas náisiúnta
in the promotion of a national policy
Níor mhór do na meáin Ghaeilge ról lárnach a ghlacadh
i gcur chun cinn beartas náisiúnta maidir le dáileadh craolacháin.
ó thaobh chruthú postanna agus chothú na n-ealaíon de,
as regards job creation and the promotion of the arts,
Níor airigh siad go bhféadfadh go mbeadh buntáistí ag baint le hacht, dá reachtófaí é,
ó thaobh chruthú postanna agus chothú na n-ealaíon de, agus ó thaobh na mbuntáistí a eascraíonn as oideachas dátheangach a bheith bainte amach ag duine, agus go leor eile fosta.
ar mian leo ardú céime a bhaint amach.
who want to gain promotion
Ach is léir ón ráiteas thuasluaite de chuid an tSeanadóra Heffernan go bhfuil níos mó oibre le déanamh sa tír seo sula bhfaighfear réidh leis an “tsíleáil ghloine” – mar a thugtar, sa Bhéarla, ar na constaicí a bhíonn le sárú ag mná
ar mian leo ardú céime a bhaint amach.
cur chun cinn an chothromais
the promotion of equality
Arís eile in agallamh le *Hot Press*, dúirt Paisley *fils* gur chuir daoine aeracha déistin air agus ba é ab iontaí faoin scéal ná go raibh Ian Óg ina Aire i roinn a raibh
cur chun cinn an chothromais mar chúram amháin dá cuid!
Ach níl mórán cumhachta ag “an vóta bándearg” agus ligeadh do Paisley leanúint leis ag déanamh dochair dá pháirtí.
feachtas bolscaireachta
a promotion campaign
Is éard atá i gceist le Leabhar
Power ná
feachtas bolscaireachta a cuireadh ar bun chun leabhair Ghaeilge a chur chun cinn.
cothú aontas an phobail,
promotion/maintenance of community unity
Tuigim go maith, ó thaobh na sochtheangeolaíochta, cén fáth a bhfuil sé tábhachtach go mbeadh nuachtán laethúil ag pobal mionteanga:
cothú aontas an phobail, scaipeadh na nuathéarmaíochta, cruthú fostaíochta d’ardchaighdeán do dhaoine óga srl (cé nach ngéillim go bhfuil sé riachtanach).
chur chun cinn na teanga
promotion of the language
Tá daoine eile – John Gleeson i Milwaukee agus Sóisear agus Molaí Mac Cionnaith, cuir i gcás – i ndiaidh a bheith bainteach le gach aon ní a tharla ó thaobh
chur chun cinn na teanga de i mbruachbhailte Nua-Eabhrac.
ar chur chun cinn na Gaeilge.
on the promotion of Irish.
Fear físe ab ea é Dónall Ó Móráin, duine de lucht bunaithe na heagraíochta sin, a bhí in ann daoine eile a spreagadh agus a thabhairt leis, mar aon le rudaí a bhaint amach a chuaigh i bhfeidhm go mór ar dhaoine agus a raibh tionchar inbhraite acu
ar chur chun cinn na Gaeilge.
cur chun cinn na Gaeilge
the promotion of Irish
”
Agus is é is mian leis a dhéanamh san am atá romhainn – an mórphlean uaillmhianach seo – ná lárionad Gaeilge a bhunú i lár Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a dtiocfaidh pobal na Gaeilge le chéile – idir dhaoine aonair a bhfuil spéis acu sa teanga agus eagraíochtaí a bhfuil a gcuid spriocanna féin acu, ach arb í a gcomhchuspóir ná
cur chun cinn na Gaeilge agus an traidisiúin Ghaelaigh.
ardú céime
promotion
***Míbhuntáistí:*** Tá an baol ann go bhfuil
ardú céime faighte aige róghasta agus níl taithí dá laghad aige in aireacht gheilleagrach.
chur chun cinn
promotion
Caomhnú seachas athbheochan a leag na Manannaigh rompu mar aidhm, áfach, agus níor tosaíodh ar
chur chun cinn na Manainnise mar theanga bheo go dtí tríochaidí na haoise seo caite.
ardú céime
promotion
” Tar éis dom slán a fhágáil le hEoghan, léim alt a bhí ar eagrán den iris Phoenix i lár na n-ochtóidí ina maítear gur scríobh Harris alt neamhshínithe ag rá go raibh Mac Aonghusa ag iarraidh
ardú céime mar Cheannasaí Raidió na Gaeltachta a fháil dó féin.
ardú céime
promotion
Ar an taobh eile den scéal, is mó go mór an bhuntáiste atá ag fir
ardú céime a bhaint amach.
Gradam a Bhaint Amach
promotion
Mar gheall ar *Foursquare*, tá neart nodanna agam i mo phóca ó mo chairde faoi na háiteanna is fearr fá choinne radhairc, itheadh le páistí, tairiscintí speisialta, pionta, caife agus ar ndóigh na háiteanna nó na seirbhísí gur chóir dom a sheachaint!
Gradam a Bhaint Amach
Luaigh mé go mbíonn gach úsáideoir in ann suaitheantas ar leith a bhuachaint agus ceann díobh is ea ‘Méaracht’.
féinbholscaireachta
self-promotion
Ina dhiaidh sin, beidh rogha éasca le déanamh ag tionscal na turasóireachta anseo; géilleadh do na tuairimí a nochtadh ann nó neamhaird iomlán a dhéanamh díobh agus muinín a chur ina áit sin sa mhéid atá scríofa ina gcuid bróisiúir shnasta
féinbholscaireachta.
ardú céime
promotion
An bhfeiceann tú cad tuige a bhfuil imní orthu?
PÓC: Tá an cheist seo ardaithe ag go leor daoine liom ó fuair mé
ardú céime agus is léir go bhfuil imní ar an-chuid daoine atá ag plé leis an nGaeloideachas.
ardú céime
promotion
Bhí idir sheanchaithe agus sheansálaithe ann; bhí idir cheoltóirí agus cheoláin ann; bhí idir dhamhsóirí agus dhruncaeirí ann; agus istigh ina measc bhí Éamó Ó Caoimhnis ag dul thart le stoc fógartha, ag insint do dhuine ar bith nach raibh an scéal cluinte acu cheana féin, go raibh
ardú céime faighte aige agus go raibh sé anois ina Aire Imirce Sóisialta (nóta ón eagarthóir: Coimirce Sóisialta, a Bhaloir! Coimirce, le do thoil.
ardú céime
promotion
Rinne an Ard-Chúirt cinneadh ag deireadh mí Dheireadh Fómhair seo caite go ndearna an stát faillí ar chearta ball den státsheirbhís nuair nár tugadh aitheantas di as a cumas i nGaeilge agus i mBéarla agus í ar thóir
ardú céime.
ar ceileadh arduithe céime orthu
who were denied promotion
Ceilt an Chirt
=======
Ar ndóigh tragóid phearsanta a bhí sa leithcheal seo do dhaoine aonaracha
ar ceileadh arduithe céime orthu agus an cúiteamh agus an sásamh agus na deiseanna breise a théann le sin.
chothú
promotion
Dar leis an bhfeachtas atá ar bun ag AITHEANTAS (Glór na nGael, Conradh na Gaeilge, Foras Patrúnachta agus Comluadar), sáraíonn an cinneadh seo cearta na dtuismitheoirí, cearta teanga na bpáistí féin, agus téann sé glan in aghaidh bheartais an Rialtais maidir leis an nGaeilge a
chothú.
ardú céime
promotion
An tAire Iompair agus Fuinnimh: Arthur Spring
=========================
Beidh an Teachta nuathofa seo as Ciarraí Thuaidh ar an aon duine úr a gheobhaidh
ardú céime.
diúltaíodh arduithe céime
promotion was refused
Léiríodh go bhféadfadh gur
diúltaíodh arduithe céime a bhí tuillte acu do státseirbhísigh le Gaeilge mar nár cuireadh i bhfeidhm cinntí agus comhaontaithe Rialtais.
ar tugadh ardú céime
promotion was given
Ina leabhar *‘Voices and the Sound of Drums’* cuireann Patrick Shea síos go beacht ar an mbealach
ar tugadh ardú céime do chuile dhuine roimhe ach dóibh siúd a bhí *‘completely incompetent’*, mar go mba Chaitliceach eisean, cé go raibh sé chomh dílis don stát is a bhí aon duine eile.
ardú céime
promotion
Is iondúil go gcuireadh ógánach tréimhse printíseachta isteach i measc na sóisear sula bhfaighfeadh sé
ardú céime go dtí an díorma é féin.
d’arduithe céime agus earcaíochta
for promotion and recruitment
Ba mar dhea-scéal don Ghaeilge a chuir Aire na Gaeltachta an fógra i láthair an phobail i mí Dheireadh Fómhair seo caite go raibh cinneadh déanta deireadh a chur le córas na bpointí bónais as Gaeilge a bhronnadh i gcomórtais
d’arduithe céime agus earcaíochta sa Státseirbhís.
i gcomórtais d’arduithe céime
in promotion competitions
Deireadh le Marcanna Bónais sa Státseirbhís:**
In áit aghaidh a thabhairt ar na ceisteanna seo, chuir an rialtas deireadh le córas na bpointí bónais as Gaeilge a bhronnadh
i gcomórtais d’arduithe céime agus earcaíochta sa Státseirbhís.
ardú céime
promotion
Tá polaiteoirí de chuid an fhreasúra ag cur an-bhrú ar an rialtas maidir le drochiompar i measc bhaill den Gharda Síochána ach is iadsan a thug
ardú céime do chuid de na Gardaí a bhfuiltear in amhras orthu faoi láthair, mar a mhíníonn Dónall Ó Maolfabhail.
ardú céime
promotion
Le breis is tríocha bliain anuas tá cuid de na ranna agus oifigí stáit tar éis neamhaird a thabhairt ar inniúlacht sa Ghaeilge agus
ardú céime á shocrú acu, mar a mhíníonn Breandán Delap.
cur chun cinn na Gaeilge,
promotion of the Irish language
Tá neart dúshlán le sárú acu siúd a bhfuil baint acu le
cur chun cinn na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh di.