Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sabhaircín primrose
" Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn ag damhsa sa leoithne; tá na huain óga ag damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr ag damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach ag damhsa ar na méilte; tá Bertie an Bodach ag damhsa ó ghéarchéim go héigeandáil; tá Peewee Flynn agus an Half Leper Ó Leath Lobhair ag iarraidh damhsa amach ar dhoras an Bhinse Fhiosraithe, agus - Dia idir muid agus an t-olc - tá Balor na Súile Nimhe ag damhsa thart istigh sa phluais.
sabhaircín primrose
" Tá an sabhaircín agus lus an chromchinn réidh le damhsa sa leoithne; tá na huain óga réidh le damhsa ar na bánta; tá an duilliúr úr istigh sna bachlóga réidh le damhsa ar ghéaga na gcrann; tá an magairlín meidhreach réidh le damhsa ar na méilte; tá Balor Builiúil ag damhsa le bamba agus dírathú; agus tá ceannairí na tíre ag damhsa iomlán an bhealaigh isteach i dTeach na nGealt.
sabhaircín primrose
" Ar mo shiúl thart na laethanta seo, tá snafach an Earraigh ag borradh timpeall orm: an sabhaircín is an lus cromchinn faoi bhláth, an snag breac cruógach i mbun oibre ag bailiú ábhair don nead atá le déanamh sa chrann fuinseoige, na bachlóga ar na crainnte ag buinniú is ag cur amach duilleog, searrach ag láir na comharsan, iomairí fataí réitithe go neata agus méileach na n-uan le cloisteáil mar chúlcheol an tséasúir.