Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dá sheasamh for his position
" Tá eagraíocht nua, Irish Rural Dwellers Association, tosaithe ag Jim Connolly as Contae an Chláir le dúshlán a thabhairt don dearcadh cathrach agus tá tacaíocht láidir á fáil aige ar fud na tíre dá sheasamh.
seasamh position
" Nuair a mhínigh Gerry Adams seasamh an IRA - rud iontach ann féin go raibh Adams i mbróga "P.
postanna sinsearacha senior positions
" Cinnte, shéanfadh aontachtaithe go láidir go bhfuil aon cheangal idir cinneadh s'acusan agus na hionsaithe atá ag titim amach ar shráideanna a gcathrach, ach nuair a chuireann tú in iúl nach bhfuil aicme éigin daoine - náisiúnaithe sa chás seo agus Alliance, dream eile nach bhfuil aontachtach go leor - inmhuiníne go leor le postanna sinsearacha a thabhairt dóibh, is cineál eile seicteachais é.
Bhí air éirí as a phost he had to resign his position
post buan permanent position
" Ní raibh post buan ar fáil ag an am agus chaith sé dhá bhliain ag teagasc ar fud na tíre.
sheasaimh dhaingne strong positions
" Gearradh trinsí doimhne cosanta an tráth sin thart ar sheasaimh dhaingne sa ghaineamh, cuireadh buíonta de threallchogaithe a sceimhliú na ndámh léinn is na meán cumarsáide, de réir cuid de na tuairiscí, agus rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí, dar le daoine áirithe.
áit rámhaíochta rowing positions
" “Tá 12 áit rámhaíochta ar an Cholmcille agus duine amháin ag an stiúir.
i go leor ionad in many positions
" D’imir sé i go leor ionad ar an bhfoireann, agus bhuaigh sé boinn uile-Éireann agus contae sna gráid go léir.
dílis don seasamh a bhí glactha ag John Hume loyal to the position adopted by John Hume
" An chuid is mó den phobal, d’fhan siad dílis don seasamh a bhí glactha ag John Hume – fuair Hume i gcónaí tacaíocht mhór.
post mar oifigeach forbartha a fhógairt. to advertise the position of development officer.
" ” DeontasI dtrátha an ama chéanna, fuair Craobh Phádraig Mhic Phiarais deontas ón Roinn Gnóthaí Eachtracha in Éirinn a chuir ar a gcumas post mar oifigeach forbartha a fhógairt.
in áit iontach in a great position
" Tá siad in áit iontach sa mhéid is go dtig leo bheith ag foghlaim “ar an láthair” sa rialtas ó thuaidh, áit a bhfuil “fíorpholaitíocht” agus na fadhbanna a bhaineann léi i gceist.
éirithe as a phost having resigned his position
" ” An locht á chur ar BlairTugann na saighdiúirí “Blair’s War” ar an chogadh agus tá an chuid is mó de na Feisirí sásta leis sin mar, anois agus Blair éirithe as a phost mar Phríomh-Aire, is féidir leo an locht a chuir air.
Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán. nothing has been achieved to put the language in a safe position
" Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán.
oiread postanna cumhachtacha so many powerful positions
" Tá ceisteanna á gcur ag Sasanaigh faoi cad chuige a bhfuil oiread sin glórtha Albanacha le cluinstin ar an raidió agus ar an teilifís agus cad chuige a bhfuil oiread postanna cumhachtacha acu i rialtas na Breataine? Lena chois sin, tá na Sasanaigh in amhras faoi chaiteachas Pharlaimint na hAlban in Holyrood, Dún Éideann.
stádas na mban status, position, of women
" Thar aon ní eile, tá athrú suntasach tagtha faoi stádas na mban sa rialtas nua.
seasamh dlíthiúil legal position
" Ní raibh bunús na pobalbhreithe iontach soiléir ón tús siocair nach raibh sé cinnte cén seasamh dlíthiúil a bhí aige.
córas suite domhanda global positioning system
" Ní hamháin go bhfuil úsáid mhíleata á baint astu le haghaidh spiaireachta, ach tá siad á n-úsáid go forleathan ag an bpobal sibhialtach chun a gcuid carranna a threorú leis an gcóras suite domhanda (GPS).
más spéis leat eolas a fháil maidir le suíomh satailíte ar leith if you are interested in getting information about the position of a particular satellite
" Agus más spéis leat eolas a fháil maidir le suíomh satailíte ar leith nó maidir leis an tsatailít áirithe atá ag déanamh teagmhála le do charr, bain triail as an suíomh n2yo.
post sinsearach senior position
" Tá aithne agam ar fhear a bhfuil post sinsearach aige in eagraíocht Ghaeilge.
córas suite domhanda global positioning system
" De thairbhe go bhfuil córas suite domhanda (GPS) ag beagnach gach tiománaí tacsaí i mBaile Átha Cliath, tá sé i bhfad níos simplí anois tiomáint timpeall na hardchathrach – go háirithe más é an ceann scríbe atá i gceist ná áit i gceantar "nua" atá lán d’árasáin nuathógtha agus de bhóithre atá díreach cosúil lena chéile.
is guagach it's a precarious position
" Fágann sé sin go bhfuil Éire ag deireadh píblíne gháis as tír a bhfuil géarchéim fuinnimh inti féin nach mór, agus gan amhras, is guagach a bheith amhlaidh.
suí breithimh position of judge
" Is mar gheall ar an mbua seo go raibh Sonia Sotomayor, bean de bhunadh Puerto Rico a d'fhás aníos i dtithíocht phoiblí sa Bhronx, Nua-Eabhrac, in ann suí breithimh i gCúirt Uachtair Mheiriceá a bhaint amach.
ionad position, seat
" Shiúil na hiarrthóirí eile amach as Halla na Cathrach, Manchain, nuair a toghadh Griffin faoin chóras ionadaíocht chionmhar d'Hondt ar 8ú Meitheamh.
shuíomh position
" De réir a chéile, áfach, d’aimsigh an cumann óg a shuíomh i saol na hÉireann.
dála na hÉireann position Ireland is in
" Ní hionann go díreach cás na Fionlainne agus dála na hÉireann.
láithreacht position
" ) Níl mórán idir na teachtaireachtaí seo agus stádas a thabhairt aníos cothrom le dáta ar *Twitter*, nó ar *Facebook*, le difríocht tábhachtach amháin: láithreacht an úsáideora.
locbhunaithe position based
" Tá an líonra seo locbhunaithe agus is é bunús an líonra ná nodanna a fhágáil faoi áit, bíodh an áit sin poiblí nó priobháideach.
ball position
" Is féidir le *Foursquare* láithreacht an úsáideora a aithint tríd an gcóras suite domhanda ar an bhfón, ball a bhfuil sé nó sí.
áit níos lárnaí a more central position
" Teanga ar Iarraidh ======== I gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Straitéis 20 Bliain an Oireachtais don Ghaeilge, ní dóigh liom go mbeadh sé míréasúnta a bheith ag súil amach anseo go mbeadh áit níos lárnaí ag an nGaeilge in imeachtaí ar nós Thaispeántas an Eolaí Óig.
suíomhanna aduaine strange positions
" Úsáidtear DNA, víris, fíocháin agus cealla mar bhonnábhar cruthaitheach agus déantar scrúdú ar na rudaí a tharlaíonn nuair a chuirtear i suíomhanna aduaine iad.
pointe na honóra honorary position
" Ní hamháin go bhfuil bratach iasachtach ar ár mbratach, ach tá pointe na honóra ar an mbratach aige chomh maith de réir lucht na brateolaíochta.
áit lárnach central position
" Mar gheall ar a áit lárnach idir tuaisceart agus deisceart, d'fhás an chathair go tapa mar cheanncheathrú trádála agus tionscail, agus d'éirigh go seoigh leis go lár na haoise seo caite, nuair a bhog na mílte Gormach as stáit an deiscirt chuici, agus theith muintir an chine ghil amach.
suíomh position
" I measc na ngnéithe lárnacha léirithe ann tá an t-alt agus inscne ainmfhocail; an tuiseal ginideach, an chopail ‘is’; briathra rialta agus na cinn neamhrialta; foghraíocht agus litriú; míonna agus laethanta; suíomh agus gluaiseacht; na hairde; aidiachtaí; uimhreacha ; forainmneacha pearsanta; forainmneacha réamhfhoclacha; aidiachtaí sealbhacha; réamhfhocail shimplí; réamhfhocail shimplí móide an t-alt.
suite positioned
" Tá dhá mhír suite ar an mbealach amach ón taispeántas a léiríonn go bhfuil scéal na nÉireannach san Astráil beo beathach fós.
ag gnóthú aireachta winning a ministerial position
" D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
aireacht shinsearach senior ministerial position
" In ainneoin go bhfuil sé anois nócha is a seacht bliain d’aois; in ainneoin go bhfuil na blianta fada caite aige mar ghiolla umhal uiríseal do Pháirtí na Léinte Gorma, agus d’iliomad ceannairí ar an pháirtí sin; in ainneoin nach bhfuair sé fiú anois aireacht shinsearach, bíonn fáthadh an gháire i gcónaí air.
áit lárnach a central position
"áit lárnach ins an díospóireacht seo ag an choincheap ar a dtugar ‘leas an phobail’.
sheasamh agus ar chur chun cinn position and advancement
" “Ambaiste,” arsa an Ciarraíoch, “ach níl mé ag glacadh leis!” Tá súil agam nach mbeidh an toradh céanna ar dhá phróiseas comhairliúcháin thábhachtacha atá ar bun faoi láthair, próisis a mbeidh tionchar mór acu ar sheasamh agus ar chur chun cinn na Gaeilge san am atá le teacht.
sásta seasamh na Foraoise a chosaint satisfied to defend the F. position
" “Cé thú atá sásta seasamh na Foraoise a chosaint anseo i bPluais Bhaloir? Cé thú atá sásta le cinneadh na Foraoise gan dul i gcomhairle leis na heagraíochtaí Gaeilge faoin gceist seo? An cuma leatsa nach mbeidh todhchaí i ndán don amhránaíochta ar an sean-nós? An cuma leat todhchaí an Lúibín, nó todhchaí an damhsa ar an sean-nós?” “Sea! Cé thú?” a d’fhiafraigh Éamó Ó Caoimhnis.
suíomh na Gaeilge the position of Irish
" Pléitear príomhghnéithe na sochtheangeolaíochta, agus suíomh na Gaeilge sa chomhthéacs idirnáisiúnta léinn sin.
ionad ar dhromchla an domhain geographical position in the world
" Duine ar bith a ghlacfas le tréith na gnaíúlachta, bronntar aitheantas an Éireannaigh air nó uirthi ar neamhcead do dhath, creideamh agus dá h/ionad ar dhromchla an domhain.
A leochailí atá staid na teanga the language being as it is in a delicate position
" A leochailí atá staid na teanga, an teanga liteartha is sine san Eoraip lasmuigh den Ghréigis atá fós á labhairt - agus í i mbéal báire ag lucht polaitíochta.
ionad faoi leith a designated position
" Léiríonn na cáipéisí staire go raibh ról suntasach ag lucht grinn, abhlóirí agus na “hamadáin” anallód agus ionad faoi leith acu sa chóras Ceilteach a bhí sa tír seo uair amháin.
In Áit na Garaíochta in a position to help others
"In Áit na Garaíochta ======= “Thug mé faoi deara alt a bhí scríofa fúm, agus thuig mé go raibh seo nuachtúil agus go raibh spéis ag daoine ina raibh ar siúl agam.
d’éirigh sé as an aireacht he left the ministerial position
" Cé gur thaitin sé go mór leis a bheith ag bualadh le ceannairí mór le rá agus é ag taisteal fud fad na cruinne, d’éirigh sé as an aireacht tar éis bliain go leith le seasamh i gcoinne Gillard don cheannaireacht.
Tá muid anois sa riocht the position we are now at
" Tá muid anois sa riocht is go n-admhaíonn an Roinn Oideachais nach bhfuil a dhóthain Gaeilge ach ag 1.
fanacht ina phost i ndiaidh an eolais stay in his position considering the information
" Léiríonn sé a mhífheidhmiúil is atá an córas polaitíochta anseo gur féidir le Adams fanacht ina phost i ndiaidh an eolais atá ag teacht amach faoi.
ag teacht salach uirthi féin opposing her own position
" Maíodh ann gur ciníoch í, go raibh sí ag teacht salach uirthi féin agus nach feimineach ceart í a thuig cás na nGormach ar chor ar bith.
ag lorg an ball sin seeking that position
" Bíonn ár súile ag lorg an ball sin ar an leathanach agus tugtar “*sacchades*” ar an ngluaiseacht shíoraí sin.
d’éirigh as an bpost retired from his position
" D’fhógair sé freisin gur ghlac an bhanríon lena mholadh an teideal dáma a bhronnadh ar Ard-Ghobharnóir na hAstráile, Quentin Bryce, a d’éirigh as an bpost an lá céanna, agus an teideal ridire a bhronnadh ar a comharba, an Maorghinearál Peter Cosgrove.
gcóras suite domhanda global positioning system
" Coinníonn sé eolas faoin gcóras suite domhanda, nó faoi GPS an tile, ar ndóigh, ach chomh maith leis sin úsáideann siad pobal úsáideorí Tile chun teacht ar rudaí.
sa riocht truamhéileach in the piteous position
" B’fhéidir nach feasach dhó go bhfuil géarchéim ann agus go bhféadfadh an náisiún a bheith fágtha, i gceann roinnt bheag blianta, sa riocht truamhéileach nach bhféadfaí a rá go fírinneach go bhfuil an Ghaeilge á húsáid go laethúil mar ghnáth-theanga chumarsáide i measc an phobail in aon áit sa tír.
seasamh na bhfoirne as Cúige Laighean the position of the teams from Leinster
" Léiríonn seasamh na bhfoirne as Cúige Laighean sa sraithchomórtas náisiúnta go bhfuil an ceart acu siúd a deir go bhfuil an iománaíocht sa chúige sin ag dul i léig, dar le Colm Mac Séalaigh.
seasamh position, status
" Is geal leo féin an téarma sin anois ach níor geal a saol le tamall fada anuas, nó is lag a seasamh go fóill i measc a gcomharsana.
fírinne ár scéil a aithint understand our position
" Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil gur cheart dúinn crith a bhaint asainn féin, fírinne ár scéil a aithint agus ár n-aghaidh a dhíriú ar na ceisteanna is tábhachtaí i ndáiríre dúinn.