Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
síol na fílíochta the seed of poetry
" File ceoil a bhí ina athair agus is é a chuir síol na fílíochta i Rann na Feirste, atá beo go dtí inniu.
cúpla rann filíochta a few verses of poetry
" Leoga tá sé ráite go raibh eagla ar dhaoine a theacht go Rann na Feirste nó dá mbainfí tuisle dóibh ar dhóigh ar bith go mbeadh cúpla rann filíochta cumtha fá dtaobh díobh sula mbeadh an baile fágtha acu.
faoi ndear dom tabhairt faoin bhfilíocht was the reason I started writing poetry
" Seo mar a chuireann sé síos ar an spreagadh a mhúsclaíonn filíocht ann: Ceiliúradh faoi ndear dom tabhairt faoin bhfilíocht an chéad lá.
dhuanaire filíochta poetry anthology
" "What is the source of our first suffering?" a d'fhiafraigh Seamus Heaney nuair a dhiúltaigh sé a bheith mar chuid de dhuanaire filíochta de chuid na Breataine.
a céad iarrachtaí fileata her first attempts at poetry
" Ar chúis an-phraiticiúil a cuireadh a céad iarrachtaí fileata i gcló! Nuair a tosnaíodh ag foilsiú na hirise *Comhar* sna daichidí, bhíodh a lán den obair ar siúl in íoslach theach Mháire i bPáirc Leeson; ó am go ham, dhéantaí botún agus bhíodh bearna orlaí nó mar sin idir altanna, agus lorgaíodh na heagarthóirí dán uaithi leis an mbearna sin a líonadh! Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair? *An tOileánach*: an lámhscríbhinn iomlán curtha in eagar ag Seán Ó Coileáin.
lámhscríbhinn dá chuid filíochta a manuscript of his poetry
" Tamall tar éis a bháis, chuir a dheirfiúr Ethel lámhscríbhinn dá chuid filíochta chuig eagarthóir irise a d'fhoilsigh cuid mhaith d'fhilíocht nua-aoiseach na linne.
filíocht dheabhóideach devotional poetry
" * Gluais • Glossary bandéithegoddesses adhradh an bhandéthe worship of the goddess is ársamost ancient dár n-oidhreachtof our heritage ómósreverence tírdhreach beannaithehallowed landscape filíocht dheabhóideachdevotional poetry a aithristo recite féintóraíochtsearching for ones self
(filíocht (poetry
" D’aistrigh sé go Dunedin (logainm a eascraíonn ó Dhún Éideann na hAlban) sa bhliain 1869, agus lean sé ar aghaidh leis an scríbhneoireacht (filíocht agus iriseoireacht).
leabhair fhilíochta poetry books
" Bhí leabhair fhilíochta leis ann, *Muskerry*, *Secret Societies*, agus *The Blue Formica Table*.
seachas tríd an bhfilíocht. except through poetry.
" Nó tá saghas dóchais ionat gur féidir rudaí a rá atá faoi cheilt de ghnáth ionat féin agus go minic, i measc daoine eile, rudaí ar deacair iad a scaoileadh seachas tríd an bhfilíocht.
oidhreacht shaibhir filíochta rich legacy of poetry
" Nuair a d’éalaigh an file Sylvia Plath ón saol seo ar bhealach tragóideach sa bhliain 1963, d’fhág sí oidhreacht shaibhir filíochta agus próis ina diaidh, a thug léargas brónach ar a saol truamhéalach cráite.
ficsean agus filíocht fiction and poetry
" Baineann réimse na leabhar Gaeilge le ficsean agus filíocht den chuid is mó.
ag déanamh aithrise ar an bhfilíocht. reciting the poetry
" ”DlúthdhioscaAr an dlúthdhiosca, tá triúr aisteoirí aitheanta ó Chonamara – Peadar Ó Treasaigh, Áine Ní Dhroighneáin agus Darach Ó Tuairisg – le cloisteáil agus iad ag déanamh aithrise ar an bhfilíocht.
ar chúrsaí filíochta. poetry
" ” Caithfidh mé a admháil nach raibh sé i gceist agam ar dtús léirmheas a scríobh ar an saothar seo – níor shíl mé go mbeinn cáilithe lena haghaidh mar gheall ar nach bhfuil an oiread sin cur amach agam ar chúrsaí filíochta.
maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir. with regard to whether or not Ó Searcaigh's poetry should be kept on the Leaving Certificate curriculum
" Is mian le *Beo!* fosta a ghuth a chur leis an gcáineadh atá déanta ar an Aire Oideachais, Mary Hanafin, as ucht an mhéid a dúirt sí sa Dáil maidir le cé acu ar chóir filíocht Uí Shearcaigh a choimeád ar churaclam na hArdteistiméireachta nó nár chóir.
filíocht poetry
" Tá gach eolas a bhaineann leis an roicéad ar fáil ar wikipedia ar ndóigh! Ach tá cuid mhaith den tseanlitríocht ar an líon freisin, ón Aeinéid le Virgil go filíocht Fhearghail Óig Mhic an Bhaird.
filíocht poetry
" An Deatach nach Féidir a Dhearmad A Sort of Homecoming – bhí filíocht dhiamhaireach san amhrán seo - bhí taisteal ann - bhí ceol cliste ann – bhí gach rud nua.
Filíocht (the) poetry
" Duaiseanna ===== Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais an leabhar seo: Sé an Saol an Máistir ========== Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha Le Gearóid Denvir Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair.
filíochta béil oral poetry
" Tá nótaí cuimsitheacha ag dul le gach uile dhán agus tá aiste fhada chritice sa leabhar chomh maith a dhéanann dian-iniúchadh ar fhilíocht Learaí agus a shuíonn na dánta i gcomhthéacs na filíochta béil i gcultúir eile ar fud an domhain, san Afraic, i Meiriceá Theas agus áiteacha nach iad.
fileata poetry
" Féiríní fíoraisteacha agus bronntanais bharrúla! Tuilleadh seoda fileata ó Áine Ní Ghlinn léirithe go gleoite ag Carol Betera.
bua scríobh na filíochta an acumen for poetry
" Agus, munar leor sin, nuair atá na gnáthfhocla laethúla ag sleamhnú uaithi, cláraíonn sí i gcúrsa chun foghlaim conas na focla atá díreach ceart a aimsiú - cúrsa a thabharfadh bua scríobh na filíochta di.
ngort álainn na filíochta the wonderful world of poetry
" Tugann a dínit linbh seo bealach éalaithe di ó na huafáis doshamhlaithe atá ag brú isteach uirthi, agus bronnann eochair uirthi, i ngan fhios di féin ar deireadh, eochair isteach i ngort álainn na filíochta.
ngréasán greanta a cuid filíóchta the carved web of her poetry
" Is iomaí gné a shníonn ina chéile i ngréasán greanta a cuid filíóchta; tá an teanga, an dúchas, an béaloideas, an litríocht, a taithí saoil agus meabhrach; tá an cumas éachtach sin trína n-éiríonn léi an meafar bíogach soilseach a chruthú, ag fí na ngnéithe sin ar a chéile go healaíonta gan d'ornáidíocht ach maise na háille.
Chonac leathlíne filíochta I saw a half line of poetry
" Chonac leathlíne filíochta ar bhalla cúpla lá ó shin.
an féidir filíocht a thabhairt ar can you call it poetry
" Níl a fhios agam an féidir filíocht a thabhairt ar an méid a bhí ann.
filíocht poetry
" Mura mbronnfaimid saibhreas, oiliúint (agus bronnaimid!), freagraí stuama ar mhórcheisteanna ár linne (ní bhronnaimid!) ar dhreamanna eile daoine ar domhan, nach fiú, ar a laghad ar bith, iad a ardú ina meanmain le ceol, le foinn is le filíocht más féidir.
fhilíocht poetry
" Dúirt sí linn go raibh an cósta sin molta go forleathan agus tá clú air mar gheall ar an fhilíocht a scríobh Byron faoi.
aon fhilíocht ná ealaíon á múineadh any poetry or art being taught
" Ar ndóigh, dá leanfaí leis an tuairim gur chun freastal ar an imirce atá córas oideachais na hÉireann, ní bheadh aon fhilíocht ná ealaíon á múineadh i scoileanna na tíre ach an oiread.
tseanfhilíocht seo this old poetry
" ” “Ach ní thuigfeadh mórán daoine an tseanfhilíocht seo?” ar sé agus rian na himní ar a ghlór.
mar gheall ar cheird léitheoir na filíochta about the skill of poetry reading
" Scríobhann sé in áit amháin: ‘Léitheoir is ea an criticeoir liteartha go bunúsach’, rud a chuireann seanáiteamh Brooks i gcuimhne dúinn óna leabhar cáiliúil mar gheall ar cheird léitheoir na filíochta, The Well Wrought Urn, ceird a bhí bunaithe ar chreathlach neamhspleách inmheánach an dáin féin, nó an ‘independent poetic structure’ a nochtfaidh an léitheoir stuama.
le ceird na filíochta at the trade of poetry
" Má tá tríocha bliain caite agam le ceird na filíochta, b'annamh gan seacht ngad eile le scaoileadh agam le mo linn.
Ina saothar ceoil is filíochta in her musical and poetry work
" Ina saothar ceoil is filíochta, bhí ceist an chiníochais mar théama leanúnach aici agus d’aithin DiFranco, ar de shliocht na hIodáile í, áit na nGormach i sochaí agus i scéal Mheiriceá agus cháin sí an ciníochas go géar agus go fíor-rialta.
gcúirt (poetry) meeting
" Agus isteach léi sa gcúirt.
tseanfhilíocht old poetry
" Ag Tarraingt as Taisce an tSaibhris ================ Tá siad ann a chuirfeadh an cheist: “Sean-Ghaeilge agus Meán-Ghaeilge? Cad é an úsáid atá leo sin?” Cad é an freagra a thugann Muireann ar an cheist sin? “Bhuel, i mo chás-sa, thaithnigh an teanga go mór liom, agus tá ceol le sonrú sa tseanfhilíocht nach gcloisim sa bhfilíocht nua (ach seans gur orm féin atá an locht faoi sin!).
amhráin agus filíocht den chéad scoth truly excellent songs and poetry
"amhráin agus filíocht den chéad scoth ar albam nua John Spillane agus Louis de Paor agus is saothar tábhachtach é ó thaobh na Gaeilge chomh maith.
filíochta of poetry
" Imríonn feannadh Geimhridh faobhar na filíochta ar Chiarán Mac Aonghusa an t-am seo bliana.