Chomh maith le hachan sórt garraíodóireachta, tá cúrsaí ar fáil ar shníomh, potaireacht, caoladóireacht, cumhacht ghréine agus ghaoithe, ag coinneáil gabhar, agus neart rudaí eile.
B'fhéidir nach saothair iad an pictiúr déanta as cac den Mhaighdean Mhuire le Chris Ofili (1998), cuid braillíní salaithe Tracey Emin (1999), agus cré-earraí pornagrafacha Grayson Perry (2003) a thabharfá mar bhronntanas do do mháthair, ach tá éirithe leo mar sin féin ní hamháin conspóid a chothú ach aird an phobail a tharraingt ar Dhuais Turner agus ar an ealaín nua-aimseartha sa Bhreatain chomh maith.
Bhí margaí na Nollag faoi lán seoil i lár na cathrach, agus chuile rud ar díol ó cháiseanna sléibhe (cuid acu déanta le líon), go potadóireacht áitiúil, ispíní láidre (chomh crua le cnámh, ach i bhfad níos blasta) bocairí agus maisiúcháin Nollag déanta as adhmad.