Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ó umar na haimléise from a miserable plight
" Ar nós mar a rinne Kevin Heffernan le hÁth Cliath sa pheil, d'éirigh le Cyril Farrell foireann iomána na Gaillimhe a thabhairt ó umar na haimléise go dtí an buaicphointe i 1980, nuair a bhuaigh siad ar Luimneach i gCluiche Ceannais na hÉireann.
riocht condition, plight
" Agus ní bheadh muid sa riocht ina bhfuil muid anois, an tionscal iascaireachta ag dul go tóin poill agus diabhal tada gur féidir linn a dhéanamh faoi an fhad is atá muid san Aontas Eorpach.
in umar na haimléise in a miserable plight
" Ag tús ré Sheáin bhí contae na Mí in umar na haimléise ó thaobh fhoireann pheile an chontae de, in ainneoin thraidisiún na peile a bheith an-láidir agus an-fhada sa Chontae Ríoga.
in umar na haimléise in a miserable plight
" An bhfuil cúrsaí iománaíochta in umar na haimléise? B'fhéidir go ndéarfadh léitheoirí gur gealtán iomána mé ach braithim easpa cur chuige i mbliana ó thaobh cur chun cinn an tseanchluiche ársa.
in umar na haimléise in a miserable plight
" An bhfuil cúrsaí spóirt in umar na haimléise? Sin í an cheist atá á cur agam orm féin i bhfianaise na poiblíochta is déanaí faoi mhí-úsáid drugaí sa spórt.
riocht plight
" Tá Aer Lingus i riocht fíorfholláin faoi láthair ach caithfear leanstan leis an fhorbairt nó fágfar in áit na leathphingine é.
in umar na haimléise in a miserable plight
" Tá an fhoireann náisiúnta sacair gan bhainisteoir agus in umar na haimléise tar éis a díbeartha as comórtas Chorn an Domhain.
in umar na haimléise in a miserable plight
" Is fear é a raibh go leor trioblóidí agus fadhbanna aige ina shaol pearsanta, ach de bharr na tallainne a bhí aige níor mhaith le héinne go dtiocfadh droch-chríoch air, rud a bhí i ndán dó agus é in umar na haimléise de bharr drugaí, óil, etc.
as umar na haimléise from the miserable plight
" Bhí sé náireach, ach tháinig Ciarraí chun cinn arís as umar na haimléise.
ag éisteacht le hóráidí faoi chruachás na bPalaistíneach. listening to speeches about the plight of the Palestinians.
" Bhí scata mór daoine ann, ag éisteacht le hóráidí faoi chruachás na bPalaistíneach.
ar chruachás a thíre dúchais to the plight of his native country
" Cé go raibh ráflaí ann go raibh neamhaird tugtha ag Picasso ar chruachás a thíre dúchais agus go raibh sé báúil leis na Faisistigh, chuir sé amach ráiteas i ndiaidh uafás Gernika ina ndúirt sé: Tá mo shaol ar fad mar ealaíontóir caite agam ag spairneadh le lucht chúl-le-forás agus le lucht truaillithe na healaíne.
Umar na haimléise terrible plight
" Umar na haimléiseMaidir le foireann sacair na tíre, níl le rá ach go bhfuil sí in Umar na haimléise le cúpla bliain anuas agus dar liom gur chuma cé a bheas ina bhainisteoir sna blianta gearra atá romhainn - níl an tallann ar fáil faoi láthair ó thaobh na n-imreoirí de le dul chun cinn a dhéanamh.
umar na haimléise bad plight
" Fágadh an teaghlach in umar na haimléise ar feadh seala mar nach raibh sé ag saothrú airgid.
cruachás plight
" Thug sé faoi deara go raibh comhchosúlachtaí ag cruachás na nÉireannach sa Bhreatain le cruachás na nÉireannach sna Sé Chontae: Ba Éireannaigh iad taobh amuigh den 26 chontae; bhí siad faoi chos ar bolg ag Rialtas Londain; agus ba chuma le Rialtas Bhaile Átha Cliath, nó le RTÉ, fúthu uilig.
droch-chás plight
" Is cosúil go bhfanfaidh cáil an ainm Baile an Tí Mhóir le ceantar Dhún na Séad, go dtí go gcruthófar a mhalairt go paiteanta! Talamh Mháire ======== Ní raibh Calvert sásta le droch-chás na gCaitliceach i Sasana, ámh, agus rinne sé iarracht cóilíneachtaí a bhunú i Meiriceá Thuaidh dóibh.
an anacair agus an chascairt the plight and distress
" Ina luí ar a bhéal agus a shrón a chuir an péintéir an radharc ar chanbhás – an anacair agus an chascairt, an brú agus an t-uafás fiáin allta a bhi ag aibhriú os comhair a shúl.
cruachás plight
" Tugtar le fios freisin go ndéanann na húdair seo ionannú idir cruachás an chultúir Ghaelaigh agus an chaoi ar caitheadh le bundúchasaigh na hAstráile go stairiúil.
chruachás plight
" Ar an 21 Feabhra, an lá céanna go raibh Shimon Peres ag magadh faoi chruachás Qaddafi, chuir 70 eagraíochtaí neamhrialtasacha litir chuig Uachtarán Obama, Ard-Ionadaí an AE Catherine Ashton, agus Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe Ban-ki Moon ag éileamh go gcuirfí dúnghaois “Freagracht chun Cosanta” (nó “R2P” i mBéarla) i bhfeidhm maidir le Libia bunaithe ar fhianaise chlostráchta ón gComhairle Idirthréimhseach Náisiunta (CIN) go raibh Qaddafi ag déanamh áir ar a mhuintir féin.
chruachás plight
" ”* Bhainfeadh sé deoir as an gcloich an cuntas a bhí ann ar chruachás phobal Albánach na Cosaive a léamh.
a bhí i gcruachás who were in a plight
" Ba léir go raibh caoinfhulaingt ag Copeland leis na daoine bochta seo a bhí i gcruachás agus tá a leithéid chomh tearc sin i measc pholaiteoirí ó thuaidh gur chorraigh sé mé.
chun cruachás linbh tinn a chur trína chéile to discuss the plight of a sick child
" Cúpla bliain ó shin, thug Hogan cead do dhlíodóirí teacht go dtí a theach cónaithe istoíche chun cruachás linbh tinn a chur trína chéile.
sáinn an adhmadóra ó Nazareth the carpenter from N.’s plight
" Iarracht Luachmhar ========= I mbliana áfach, roghnaigh Corcadorca téama níos pearsanta príobháideach ná cruachás Shylock agus sáinn an adhmadóra ó Nazareth.
in umar na haimléise terrible plight
" Tá cuid de na heachtrannaigh a bhfuil stádas an dídeanaí bainte amach acu sa tír seo in umar na haimléise agus iad ag fanacht ar chinneadh maidir le cé acu an dtabharfar cead dá dteaghlaigh teacht go hÉirinn.