Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
plaic plaque
" Rud íorónta eile faoi Larkin agus an deoch mheisciúil: deich mbliana ó shin, nuair a bhí muintir na háite ag iarraidh plaic a chur suas dó in Combermere Street, áit ar rugadh Larkin, fuair siad amach nach raibh ach foirgneamh amháin fágtha ar an tsráid: teach tábhairne.
ag ar nochtaíodh plaic where a plaque was unveiled
" Ag One Police Plaza, chruinnigh póilíní agus a dteaghlaigh le chéile do sheirbhís ag ar nochtaíodh plaic.
phlaic plaque
" Cuid de chomóradh an Ghorta Mhóir is ea an bróisiúr agus ag stad uimhir 14 ar an tslí, Clarence Dock, deir an phlaic ar an bhalla gur tháinig 1,300,000 Éireannach i dtír ansin idir 1845 agus 1852.
phlaic plaque
" Beidh an phlaic ar bhalla an Strawberry Tavern ar Breckfield Road South, mar níl an teach inar rugadh Béaslaí ann níos mó.
bronntar plaiceanna plaques are presented
" Gach bliain sa scoil s'againne fógraítear réaltaí peile agus iomána na bliana agus bronntar plaiceanna ar na buaiteoirí ar an lá a bhronntar duaiseanna eile na scoile.
Dála na plaice féin like the plaque itself
" Dála na plaice féin ar an leacht, is dráma trítheangach é seo, i nGaeilge, Breatnais agus Béarla, agus tá sé ar camchuairt an mhí seo sa Bhreatain Bheag agus in Éirinn (dátaí le fáil thíos).
boinn agus plaiceanna medals and plaques
" Dhear sé cártaí, taipéisí, boinn agus plaiceanna, agus gréasa Ceilteacha orthu uilig.
plaic plaque
" Is beag sráid sa chathair seo nach bhfuil plaic nó leacht cuimhneacháin éigin i gcuimhne Polannach a fuair bás i rith an Dara Cogadh Domhanda.
plaic chuimhneacháin memorial plaque
" Mar chuid de chomóradh céad bliain an Chonartha, a ceiliúradh sa bhliain 1993, rinne craobh Learphoill den Chonradh plaic chuimhneacháin a nochtadh ar an 10 Deireadh Fómhair, céad bliain – go dtí an lá – ó phós Dubhghlas de hÍde agus Lucy Kurtz ansin.
léacht a plaque
" Thug an fidléir Mick Brown ó Chartlann Cheoil Thir Chonaill, léacht ‘i gcuimhneachán ar James Byrne’ nuair a bhí mé ar thiar i nGleann Cholm Cille i Mí Aibreáin.
leacht stone, plaque
" Mar a dúirt Tony Blair i litir a scríobh sé sular nocht muid leacht cuimneacháin i Learpholl i 1998: ‘*That one million people should have died in what was then part of the richest and most powerful nation in the world is something that still causes pain as we reflect on it today.
leacht cuimhneacháin commemorative plaque
" Cé gur tógadh an Titanic i mBéal Feirste, ba as Learpholl níos mó ná 100 ball den fhoireann - sin an fáth go bhfuil leacht cuimhneacháin do na *“Heroes of the Marine Engine Room”* ag an Pier Head anseo.
chun an leacht a nochtadh to unveil the plaque
" Bhí mé féin ar an mórshiúl a bhí ann i 1977 ó lár Walton go dtí an reilig chun an leacht a nochtadh agus i 2003 scríobh mé faoin dúiche nua tithíochta a bhí ainmnithe i gcuimhne ar Robert Noonan.
leacht plaque
" Garastún Chamaí ======== D'eagraíodh baill den ionad searmanas gach Cáisc ag leacht cuimhneacháin do na Finíní sa reilig ag Ford, i dtuaisceart na cathrach, áit a léití Forógra na Cásca.
leac stone, plaque
" De réir Ann Matthews, nil aon leac chuimhneacháin ag Garastún Chamaí.
leacht cuimhneacháin a commemorative plaque
" **SMM: A’b é an t-am a raibh siad ag iarraidh an leacht cuimhneacháin a chrochadh?** LÓD: Ba shin níos luaithe i ’68, sílim, ach ní raibh mé aige sin.
Leacht Cuimhneacháin commemorative plaque
" Seo mar a scríobh an Dochtúir George Douglas, Stiúrthóir ar Grosse Isle faoin bád seo, 25ú Bealtaine 1847: *"On mustering the passengers for inspection yesterday, it was found that 106 were ill of fever, including nine of the crew, and the large number of 158 had died on the passage, including the first and second officers and seven on the crew, and the master and the steward dying, the few that were able to come on deck were ghastly yellow looking spectres, unshaven and hollow cheeked, and, with exception, the worst looking passengers I have ever seen;"* (‘The Famine Ships’ le Edward Laxton, 1996) Leacht Cuimhneacháin ========== Ag an Leacht Cuimhneacháin a rinne Éamonn Ó Dochartaigh (nach maireann) a bhí an deasghnáth.
leacht a plaque
" An chéad uair, cois Abhainn na Réine sa nGearmáin, ó dheas de chathair Bonn, is ag rothaíocht liom a bhíos le bruach na habhann nuair a chonaic mé leacht.
ar a ainm ar an leac chuimhneacháin at his name on the commemorative plaque
" Bhí Steven Gerrard féin naoí bliana d’aois, ag freastal ar Acadamh Learpholl FC, nuair a chaill sé a chol ceathrar agus i dtiomnú dó ina dhírbheathaisnéis, déanann sé cur síos ar an dóigh go bhféachann sé ar a ainm ar an leac chuimhneacháin ag Anfield gach uair a théann sé ansin le cluiche a imirt: *“A shiver runs down my spine.
an leacht cuimhneachán an Drochshaoil the ‘Famine’ commemorative plaque
" Ba é an chéad rud a rinne sé sa cathair ná fleasc bláthanna a leagan ag an leacht cuimhneachán an Drochshaoil i ngairdín Naomh Luke in éineacht leis an Ard-Mhéara Sharon Uí Shúilleabháin agus leis an Chomhairleoir Wendy Turner.
Leac Chuimhneacháin a commemorative plaque
" ’* Leac Chuimhneacháin ======== Ach tá *James Larkin Way* i dtuaisceart na cathrach; ní raibh rian de Larkin sa tsráid inar rugadh é - Combermere Street, i ndeisceart na cathrach.
Thóg na gaolta leac cuimhneacháin nua the relatives erected a new memorial plaque
" Thóg na gaolta leac cuimhneacháin nua taobh le geata na reilige le cur in iúl go bhfuil muintir Uí Cheallaigh curtha inti.
ar an leacht cuimhneacháin on the commemorative plaque
" Dhein sé iad san, agus dhein sé an scríbhneoireacht atá ar an leacht cuimhneacháin i gCeann Heilbhic.
De réir leacht cuimhneacháin according to a commemorative plaque
"De réir leacht cuimhneacháin ag Clarence Dock, Learpholl, tháinig 1,300,000 Éireannach i dtír ansin 1845-52, ag teitheadh ón Drochshaol in Éirinn, go mór mór ón iarthar - áiteanna mar An Clár, Corcaigh, Gaillimh, Ciarraí, Maigh Eo agus Sligeach.
clár plaisteach a plastic plaque
"clár plaisteach, leis an eolas cheannann chéanna air is atá ar an leacht chloiche crochta ann! ‘*The introduction of man-made artefacts into the natural environment*’ Sin an rud a dhéanann gach páirc náisiúnta iarracht a sheachaint, ach tarlaíonn sé san LCS seo gan stró! Dá mbeadh áit mar seo i dtír ar bith eile san Eoraip, dhéanfaí iarracht é a chaomhnú, chan é a scrios.
an leacht chloiche crochta the erected stone plaque
" Tá clár plaisteach, leis an eolas cheannann chéanna air is atá ar an leacht chloiche crochta ann! ‘*The introduction of man-made artefacts into the natural environment*’ Sin an rud a dhéanann gach páirc náisiúnta iarracht a sheachaint, ach tarlaíonn sé san LCS seo gan stró! Dá mbeadh áit mar seo i dtír ar bith eile san Eoraip, dhéanfaí iarracht é a chaomhnú, chan é a scrios.
i gcrochadh leice ina chuimhne fosta in erecting a plaque in his memory
" Tá fios an scéil faoi Big Jim Larking i Learpholl ag Tony Birtill, mar bhí sé féin gníomhach i gcaomhnú an eolais faoi agus i gcrochadh leice ina chuimhne fosta.