frásaí iomlána
whole phrases
Mar sin, tá ainmneacha suíomh gréasáin nua ag éirí níos faide agus níos faide - agus tá daoine ag úsáid
frásaí iomlána mar sheoltaí in áit na ngiorrúchán a bhí coitianta go dtí seo.
ag iompó nathanna cainte droim ar ais
turning phrases back to front
Is breá leis bheith
ag iompó nathanna cainte droim ar ais nó bunoscionn nó spraoi a bheith aige leo.
an t-iliomad frásaí
countless phrases
Tá
an t-iliomad frásaí ann sa Bhéarla a úsáidtear le tagairt don chomhriachtain féin nach bhfuil an focal *"sex" *fiú luaite iontu.
nathanna
phrases
"
Bíonn leithéidí an IDA ag baint úsáide as
nathanna ar nós "*going up the food chain*" agus iad ag iarraidh a thabhairt le fios gur cheart do chomhlachtaí níos mó béime a chur ar an taighde agus ar an bhforbairt, agus earraí nó seirbhísí costasacha a sholáthar seachas leanacht leis an múnla traidisiúnta atá faoi bhagairt mar gheall ar iomaíocht ó oirthear na hEorpa agus ón Áis.
cúpla frása
a few phrases
"
Sula ndeachaigh mé go Prág, fuair mé téip Seicise ón Leabharlann Lárnach i mBéal Feirste agus d'fhoghlaim mé
cúpla frása, mar shampla, *dobrý den *(lá maith), *prosím *(le do thoil) agus *dekuji *(go raibh maith agat).
míriú an cheoil
the phrasing of the music
**Míriú:** Is minic go scarann
míriú an cheoil an ceoltóir, an t-amhránaí nó an portaire atá *go maith*, ón duine nach bhfuil.
frásaíocht
phrasing
AÓF: Cad is amhránaí maith ann, duitse?
ÁNíD: Duine a bhfuil glór taitneamhach aige/aici agus
frásaíocht mhaith, a choinníonn an tiúin, a chuireann brí agus mothúchán sa scéal agus a thugann tusa leis nó léi isteach i ndomhan an amhráin.
nathanna cainte
phrases
Gan mhoill, thug mé focail agus
nathanna cainte liom anseo agus ansiúd.
frása a bhain geit as Mallie
a phrase which gave Mallie a start
Agus é ag caitheamh bricfeasta le Paisley, dúirt an t-iriseoir Éamon Mallie gur dhúirt an Fear Mór i gcogar leis: “I want to fix Northern Ireland,”
frása a bhain geit as Mallie mar go léiríonn sé go bhfuil Dr No dáiríre faoin socrú úr.
leabhrán frásaí,
phrase book,
Tá acmhainní curtha ar fáil do ghnólachtaí -
leabhrán frásaí, mar shampla, a bhfuil He Kōrero mō Aotearoa (On the Road with Te Reo) mar theideal air - agus cártaí a bhfuil kia ora (Dia duit) scríofa orthu do dheasca fáilte.
nath
phrase, idiom
” Is
nath é a chaitear amach go tráthrialta nuair a thagann ceist chun cinn mar gheall ar bhaghcat a dhéanamh ar imeachtaí áirithe spóirt.
nath
phrase
Seans maith go ndearna an
nath sin níos mó dochar do cháil Kimmage ná do cháil agus stádas Armstrong.
nathanna cainte
phrases
Thug Richard Walsh, urlabhraí Shinn Féin Poblachtach, a thuigeann smaointeoireacht na n-easaontóirí, (nach iontach na
nathanna cainte ar éirigh muid cleachtaithe leo!) preasócáid le dearcadh a pháirtí a chur faoi bhráid an phobail.
nath
phrase
Is cuimhin leat an
nath a chualamar roinnt blianta ó shin ag Mary Harney, ‘Boston versus Berlin’.
sean-nath
old phrase
” Nó le casadh úr a chur ar an
sean-nath: “*Language rights are rights forever, not just for Christmas*!”
Ní hionann sin is a rá nár cheart a bheith stuama faoin chostas a bhaineann le seirbhísí
dátheangacha a sholáthar a choinneáil faoi smacht.
nath
phrase
Cuirfidh muid an
nath sin ar mheirge an armshlua, an ceann a bheas á iompar trí lár Bhaile Átha Cliath Domhnach Cásca seo chugainn.
sean-nath
old phrase
Ach le casadh úr a chur i
sean-nath de chuid Gerry Adams: ‘*It won’t go away, you know*.
nath
phrase
ie), bhain Greg úsáid as an
nath "vernacular architecture “nó ailtíreacht dúchais/choitinn go minic i rith a léachta shuimiúil: "These are houses which were built by the people, for the people, without the use of architects,” a mhinigh sé dúinn, agus dúirt sé go raibh Tír Chonaill lán de shamplaí maithe de theachín ceann tí, an cineál foirgnimh nach bhfuil ann níos mó sa chuid is mó den tír.
cor cainte
turn of phrase
Ach an bhfuil an pobal aontachtach chomh truamhéileach sin gur tábhachtaí leo an tOrd Oráiste a fheiceáil ag siúl ar Bhóthar Gharbhachaidh ná smacht a bheith ag a chuid ionadaithe ar chúrsaí póilíneachta agus cirt?
Agus an bhagairt atá ag teacht ó easaontóirí Poblachtanacha ag méadú lá i ndiaidh lae, an é an chloch is mó ar a bpaidrín (
cor cainte mífhóirsteanach, is dócha) cosa Oráisteacha i gceantracha Caitliceacha? In amanna, cailleann focal nó nath cainte brí má bhaintear barraíocht feidhme as.
nath cainte
phrase
Ach an bhfuil an pobal aontachtach chomh truamhéileach sin gur tábhachtaí leo an tOrd Oráiste a fheiceáil ag siúl ar Bhóthar Gharbhachaidh ná smacht a bheith ag a chuid ionadaithe ar chúrsaí póilíneachta agus cirt?
Agus an bhagairt atá ag teacht ó easaontóirí Poblachtanacha ag méadú lá i ndiaidh lae, an é an chloch is mó ar a bpaidrín (cor cainte mífhóirsteanach, is dócha) cosa Oráisteacha i gceantracha Caitliceacha? In amanna, cailleann focal nó
nath cainte brí má bhaintear barraíocht feidhme as.
nathanna
phrases
Bíonn siad á meascadh isteach agus cabhraíonn sé sin leat
nathanna a cheapadh agus gach rud agus thug siad blas canúna dom tharla gur Laighneach mé, saghas uch, an drochchanúint atá agam! Tarraingím focla Thír Chonaill chugam féin nuair a bhím sa taobh sin.
nathanna
phrases
Is gá ceachtanna sa sórt teanga a d’úsáidfí sa bhaile, na
nathanna a labhrófá le do leanbh nua agus a leithéid.
béarlagair
turn of phrase
An féidir leis an Fheidhmeannas mairstean má éiríonn sé soiléir nach n-oibreoidh an dá threabh lena chéile go deo na ndeor? Táthar a rá go bhfuil an bhearna idir na páirtithe ag cúngú, ach ní chruthóidh an
béarlagair sin muinín go bhfuil socrú fadradharcach, fadtréimhseach i ndán dúinn.
sciobaim nath
I steal a phrase
Ní minic a
sciobaim nath as an gceol diaga sa cholún seo, ach is lóchrann geal na n-aisteoirí iad an bheirt seo agus cluiche fichille na marthannachta thar an imeall á imirt acu lena chéile.
nath
phrase
” An scríbhneoir óráidí Ceanadach David Frum a chum an
nath gríosaitheach sin.
nathanna
phrases
Níos measa arís, tá cuid de na teangacha nach bhfuil éinne in ann a labhairt go hiomlán agus níl ach roinnt focal agus
nathanna acu fós in úsáid.
cora cainte
phrases
Tá sé ráite ann, mar shampla, go gcuirfear cúrsaí ar fáil do fháilteoirí i bhfoirgintí Rialtais lena chinntiú go mbeidh ‘smeadar Gàidhlige’ agus roinnt
cora cainte úsáideacha acu le beannú dóibh siúd a labhrann an teanga.
nath
a phrase
‘Huānyíng guānglín’, nó ‘tá fáilte romhat’! Agus ‘nǐ hǎo’ – Dia duit –
nath atá éasca cuimhneamh air mar nach fada an fhuaim ón Ghaeilg ‘ní hea’! Tá thart fá 200 teanga á labhairt in Éirinn anois (A.
fonathanna
phrases
A mhalairt de theanga is ea an Ghaeilge, mar a bhfuil an tsintéis – fréamh an bhriathair, gas na haimsire agus an phearsa, iad a dtriúr in éineacht – agus an briathar chun tosaigh san abairt (briathar +ainmní+cuspóir móide
fonathanna dobhriathartha ama/áite/modha)
Bíonn meas ag daoine atá fréamhaithe ina gcultúr féin ar an éagsúlacht a bhaineann le daoine as cultúir eile a mbeidh siad ag comhoibriú leo.
nathanna coitianta
common phrases
Tá an bhéim ann ar an teanga laethúil agus ar fhocail agus ar
nathanna coitianta.
nathanna
phrases
Bíonn beannachtaí, geáitsíochtaí agus
nathanna cainte ann chun an stádas seo a léiriú.
An gciallaíonn an nath
does the phrase mean
An gciallaíonn an nath go gcaithfear thú a bheith beirthe ar thalamh Mheiriceánach? Más ea, ní bheadh cead ag John Mc Cain, a sheas do pháirtí na bPoblachtánach, a bheith ina uachtarán, ó rugadh i bPanama é i 1936.
leagan cainte
phrase
Is é an
leagan cainte Ceanadach is cáiliúla ná an focal ilfheidhmiúil ‘Eh?’.
nathanna géara
sharp phrases
Sa *Pygmalion*, cosúil le gach saothair ón drámadóir seo, feictear na saintréithe le Shaw, na
nathanna géara, an greann agus aoir shóisialta.
eocharnathanna
key phrases
Líon isteach gach réimse i do phróifíl: gach seans nach gá dom é seo a lua - níor chóir go mbeadh orm é seo a lua - ach a mhéid atá comhlánaithe agat a reic in eocharfhocal nó in
eocharnathanna.
iontach an leagan cainte
a great turn of phrase
Cheap sé gur
iontach an leagan cainte é seo agus rinne sé rud de ar an NYT.
leaganacha áirithe
particular phrases
Rinneadh tagairtí sna cáipéisí seo do na teangacha a chuala a n-údair agus iad i dteagmháil leis an muintir dhúchais agus bhreac cuid acu síos focail agus
leaganacha áirithe.
nathanna seanreicthe
old repeated phrases
Scríobhadh liricí an amhráin san ochtú haois déag agus measaim féin nach bhfuil iontu ach
nathanna seanreicthe seanaimseartha, mar a léiríonn an chéad cheithre líne thíos:
*Australians all let us rejoice,*
*For we are young and free;*
*We’ve golden soil and wealth for toil;*
*Our home is girt by sea.
iliomad leaganacha cainte
various turns of phrase
Lúbadh béal, drad, is an
iliomad leaganacha cainte le míonna fada anuas le cur ina luí ar lucht féachana ar fud an domhain go raibh an tóin tite as ‘réimeas Gaddafi’, amhail is gur cheannaire an réimis é Qathafi.
an leagan seo
this phrase
Caithfear a admháil gur bhain mé feidhm go neamartach as na focail ‘sealgairí/cnuasaitheoirí’ le cur síos ar shaíocht thraidisiúnta an mhuintir dhúchais go minic, ach is léir dom anois go gcuireann
an leagan seo in iúl gur saíocht mhothaolach a bheadh i gceist.
breac le teilgin chainte dá leithéid
full of such turns of phrase
”*
Tá an scannán
breac le teilgin chainte dá leithéid.
maireann an nath
the phrase survives
Níl cruthú ann go raibh comhartha mar seo ar bhallaí seomraí ranga na Briotáine fadó, ach
maireann an nath go fóill in aigne daoine.
nath atá chomh fíor
a phrase that’s as true
‘Insíonn fíon fírinne’ a deir an seanfhocal ilteangach,
nath atá chomh fíor inniu is bhí riamh, óir léirímid tréithe sainiúla ár gcroí don saol mór nuair a bhíos an braon sa ghrágán againn.
de réir an natha Bhéarla
according to the English phrase
Samhlaítear an tÉireannach le troid
de réir an natha Bhéarla faoi na ‘fighting Irish’, caithfear a admháil.
nath
of phrases
Mhic Róibín cúpla
nath a scríobh cara léi, an tAthair Enda MacDonagh, ina ndearna sé tagairt do *"the frequently frozen character of group hurt, resentment, rejection and guilt"* agus *"the icebreaking that could initiate forgiveness and reconciliation.
nathanna cainte, ruthaig, na culaith ghaisce
phrases, runs, flourishes
Bíonn
nathanna cainte, ruthaig, na culaith ghaisce sa chaint sin agus b’fhéidir nach dtuigfidís mórán de seo.
nath
a phrase
Eisean a labhair go líofa mar gheall ar na ‘better angels of our nature’, íomhá dar mhúnlaigh Lincoln as
nath difriúil dar thairg a chomhairleoir William Henry Seward dhó in 1861.
leas as focail agus nathanna áirithe
used certain words and phrases
Bhain cainteoirí agus scríbhneoirí
leas as focail agus nathanna áirithe arís is arís eile agus cur síos á dhéanamh acu ar Pháidí Ó Sé: fathach peile, gaiscíoch, laoch, uasal, dílis, tiomanta, láidir, fear cuideachta, fear Gaeltachta, fear spraoi, fear a thug uaidh ar son an phobail, Ciarraíoch go smior.
cad faoin nathán
what about the phrase
Luas bladar (fógraíochta) ó chianaibh – ach
cad faoin nathán a chuirtear i leith Andreotti: ‘You sometimes have to do evil in order to do good’.
leis an nath
by using the phrase
Is faoina ainm Laidinithe, Nicolaus Copernicus, is fearr atá aithne againn ar an réalteolaí Polannach úd ar na saolta seo agus is minic go dtagraítear do shloinne Copernicus d’fhonn athrú ollmhór ar bith a chur in iúl
leis an nath ‘réabhlóid Choparnaiceach’.
caithfead athbhreithniú a dhéanamh ar nath
I have to re-estimate the phrase
Ach anois, i bhfianaise uisce-faoi-thalamh pragmatach Abe Naofa Uachtaráin,
caithfead athbhreithniú a dhéanamh ar nath Giulio Andreotti, a rabhas ag tabhairt amach anseo faoi le deireannas: *‘You sometimes have to do evil in order to do good’*.
nathanna cainte de ghlanmheabhair
phrases of by memory
Tá 40% de na marcanna iomlána ag dul don scrúdú cainte anois ach bíonn an bhéaltriail bunaithe ar scór shraith de phictiúir agus is léir go bhfoghlaimíonn na scoláirí
nathanna cainte de ghlanmheabhair.
cora cainte
phrases
Tá achan duine ag iarraidh go mbeadh níos mó béim ar an Ghaeilge labhartha ach ní ar leas éinne é go mbeadh daltaí ag foghlaim
cora cainte de ghlanmheabhair.
ndéanfar dearmad ar na nathanna seo
these phrases shall be forgotten
Is dócha ná a mhalairt go
ndéanfar dearmad ar na nathanna seo a luaithe a shiúlfaidh siad amach doras an tseomra scrúdaithe.
tá údar maith leis an nath sin
there’s a good reason for that phrase
Ní bhíonn pingin rua ag an Phápa riamh: searbhónta de chuid shearbhóntaí Dé a thugtar ar an Phápa; agus
tá údar maith leis an nath sin.
na leaganacha cainte
the phrases
Déarfainn go dtuigfeadh formhór lucht féachana TG4
na leaganacha cainte a úsáidtear go coitianta ar an aer, na samplaí thuasluaite san áireamh.
don nath cainte
to the turn of phrase
Tuigim go bhfuil brú seasta ón mBéarla agus go bhfuil sé deacair gan ghéilleadh anois is arís
don nath cainte nó don choincheap a thagann go saoráideach ón mBéarla.
nathanna dúchasacha, oiriúnacha
suitable native phrases
B’fhéidir, sula mbíonn sé rómhall, go mba chóir tráchtairí maithe arb í an Ghaeilge a dteanga mháthartha – Seán Bán Breatnach, Mícheál Ó Sé, Antaine Ó Conghaile, Gearóidín Nic an Iomaire, Pádraic Ó Sé gan ach dornán a luadh – a thabhairt le chéile agus iad a chur i mbun foclóra ar leith ina mbeadh focail agus
nathanna dúchasacha, oiriúnacha agus a chuideodh le tráchtairí óga an cheird a fhoghlaim.
an nath cainte
the turn of phrase
Ach ní raibh mé ag éisteacht i gceart leis in aon chor – toisc cuma chomh gránna sin a bheith ar an gcarr!
Anois, tá ’s againn ar fad
an nath cainte, ní hionann i gcónaí cófra is a lucht.
Sin leagan a tháinig ó mo sheanmháthair
that’s a phrase of my granny’s
Bhí mé ag scríobh faoi dhuine a bhí ag iarraidh dul go Meiriceá ar thóir saoil nua – agus ar ndóigh ag iarraidh a bhean a mhealladh anonn leis! Síleann sé go mbeidh sé ag ‘siúl ar bheilbhit’ thall ann!
Sin leagan a tháinig ó mo sheanmháthair, a chaith blianta i Meiriceá.
nó an nath ina chomhthéacs nádúrtha
or the phrase in its natural context
Taobh leis an gceannfhocal Béarla tá an soláthar lom Gaeilge móide abairtí samplacha Gaeilge a léiríonn ceartúsáid an fhocail
nó an nath ina chomhthéacs nádúrtha.
nath
(the) phrase (of Y. A.)
He is one of us, isn’t he?*”
Is féidir príomhthréithe an Fhir Iarainn (
nath Yasser Arafat) a bhlaiseadh anseo: an t-easpa íoróine mar aon leis an neamhshuim sa ghreann inti, an míchumas a bhí inti freisin ó thaobh smaoinimh teibí de, agus tábhacht na coimhlinte agus an chomórtais ina haigne.
Ní gá an nath sin
one has only (to explain) that phrase
Ní gá an nath sin mar gheall ar “*one of us*” a mhíniú i gcás *Mrs Thatcher*, an polaiteoir ba fhíochmhara san earnáil toghchánaíochta ó laethanta W.
nath
phrase
Ábhar leadránach seachas uafásach dó ab ea an ailse fé dheireadh, ‘an namhaid inmheánach’ (
nath Mrs Thatcher é sin ó stailc na mianadóirí i 1984), an namhaid céanna a chloígh a athair cúpla bliain níos luaithe.
focal, nó nath
a word or a phrase
Tarraingíonn an haischlib
focal, nó nath, leis an gcomhartha # roimhe, ábhar le chéile ar an ngréasán ina bhfuil sé foilsithe.
nasctha leis an bhfocal nó leis an nath sin
linked to that word or phrase
Ar bhformhór na ngréasán, bíonn na focail nó nathanna seo, inghliogáilte, rud a thugann úsáideoirí rochtain ar gach píosa ábhar ar an ngréasán sin atá
nasctha leis an bhfocal nó leis an nath sin.
abairt ná nath ná fiú focal ar bith
a sentence nor phrase nor even a word at all
Chaith sé deich mbomaite ag moladh Jimmy *When He Was Winning Matches Mc Guinness*; luaigh sé a chuid comhghleacaithe ar fad ar Chomhairle Contae Dhún na nGall; thug sé íde na muc is na madraí dóibh siúd a scar an contae amach óna chúlchríoch nádúrtha dúchasach, ach…
abairt ná nath ná fiú focal ar bith ní dúirt sé faoi phearsa úrcheapaithe na bliana reatha, Liam Uasal Ó Cuinneagáin.
Rith roinnt nathanna leis
some phrases occurred to him
Cén bealach a roghnódh sé?
Rith roinnt nathanna leis a chuala sé in imeacht na mblianta, nathanna a thit as béal daoine a casadh dó.
nathanna cainte
speech phrases
Féadfaidh teanga ar bith focla iasachta nua a ionsú gan fadhb ar bith, ach nuair atá comhréir agus
nathanna cainte ag athrú mar gheall ar theanga eile, cruthaítear fadhbanna móra.
cé is moite d’abairtín fánach amháin
apart from one tiny wee phrase
Sách dona agus mar bharr ar an donais is i mBéarla,
cé is moite d’abairtín fánach amháin, a bhí an bhileog faoi Matt Carthy a scaipeadh ar thithe anseo i nGaeltacht Chonamara.
nath
phrase
Bí ag caint ar an
nath ‘tiocfaidh ár lá’! Tá muintir na hAstráile ag cur is ag cúiteamh faoin lá náisiúnta a athrú agus faoi athruithe eile chomh maith leis an mhéid sin a chur i bhfeidhm ag an am chéanna ar leagan amach reachtúil na tíre.
nath
a phrase
Is iomaí
nath a thug suntas don fheiceálacht: ‘is mór an chuid súil í’ agus ‘tús seirce an síordhearcadh’ srl.
nath a thagann le dearcadh
a phrase which describes the view
‘Ceart dom, ceart duit’ a deir na seanscéalta laochais linn,
nath a thagann le dearcadh Sheáin Mhic Risteaird ar eachtraí a tharla thart orainn sna meáin ó thús an earraigh.