Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
achainí thrócaire mercy petition
" Shínigh 60,000 duine achainí thrócaire ach crochadh é i Melbourne i mí na Samhna, 1880.
achainí petition
" Baineadh siar as muintir Hyde nuair a ghabh na póilíní Harold Shipman agus shínigh Joyce achainí a chuaigh thart ag iarraidh go saorfaí é.
achainí request, petition
" Ach is íoróin é gur bhain an chathair an fhorbairt seo amach trí achainí ar institiúid Mheiriceánach dul i gcomhpháirtíocht leo.
achainí petition
" Tá Netaid agus an 94 milliún duine a shínigh an achainí ag rá leis an ngrúpa G8 nach leor na focail bhreátha, go bhfuil gníomh dearfach de dhíth freisin.
aighneacht a shíniú sign a petition
" Is féidir libh dul i dteagmháil leis na polaiteoirí a bhfuil aithne agaibh orthu; scríobh díreach chuig an Rialtas; nó dul ar líne agus aighneacht a shíniú ag: www.
achainí petition
" D'admhaigh Andy Hull, an fear a scríobh an achainí, gur macasamhail dhlí na hÉireann é.
achainí ar líne online petition
" An bhfuil an dúshlán sin á láimhseáil againn i mbealach straitéiseach go leor? Tá Conradh na Gaeilge sásta neart picéad a eagrú; tá achainí ar líne curtha ar fáil ag Glór na nGael agus tá siad ar a ndícheall ag iarraidh plé polaitiúil a chothú ar an cheist.
achainí, petition,
" Ceiliúradh atá ann ar imeacht a tharla sa bhliain 1972 nuair a cuireadh achainí, a raibh 30,000 síniú uirthi, os comhair na parlaiminte ag iarraidh go gcuirfí an Mhaoiris agus cultúr na Maorach ar fáil mar ábhair i scoileanna na tíre.
achainí idirlín internet petition
" Bhí an Breitheamh Anthony Ensor ag iarraidh eiseamláir a dhéanamh díobh, ach mar thoradh ar dhéine an phionóis seo, chuir 2,000 duine a n-ainm le hachainí idirlín inar éilíodh go ndéanfaí an pionós a laghdú.
achainí petition
" Nuair a bhíonn achainí ar an gcéad leathanach go rialta ag tathaint ar léitheoirí tacú le feachtas éigin, braithim go gcailleann an nuachtán cuid dá údarás iriseoireachta.
achainí phearsanta personal petition
" Dhiúltaigh Prionsa Seoirse na Gréige d’achainí phearsanta a rinne O’Connor leis – dúirt sé, go searbhasach, go dtiocfadh le lúthchleasaithe na hÉireann dul in iomaíocht faoina mbratach féin nuair a bheadh a rialtas féin acu.
cé mhéid achainí how many petitions
" Is cuma cé mhéid achainí a shínítear nó cé mhéid cuimilte a dhéanann na nuachtáin Ghaeilge ar a gcuid figiúirí díolacháin, ní thig leo an fhírinne a cheilt: níl mórán ráchairte ar fhoilseacháin i dteanga neamhfhorleathan.
achainí petition
" Agus fiche bliain le sleamhnú thart i mbliana ó ghlac Comhthionól na Náisiún Aontaithe Conradh na nOibrithe Imirce ar 18 Mí na Nollag 1990, tá feachtas achainí ar siúl ag eagraíochta éagsúla atá ag iarraidh ar gach ceann de 27 ballstát an Aontais an Conradh a dhaingniú.
achainíocha petitions
" Ó Ross Dumhach go Teamhair na Rí, tá an obair chéanna le feiceáil – ar dtús, seasann an pobal go láidir le cúis timpeallachta nó b’fheidir le caomhnú ionad staire, ag léiriú tacaíochta trí litreacha chuig na meáin, nó trí ainmneacha a fháil ar achainíocha, nó i léirsithe fiú amháin.
ag cur achainíocha le chéile formulating petitions
" “Ach tá meitheal ollúna amuigh ansin ag cur achainíocha le chéile, agus ag cothú mírúin agus míshástachta i measc mhuintir na Gaeilge faoi rudaí nach bhfuil tábhacht ar bith ag baint leo.
achainí a shínigh a petition signed by
" Bhronn MRCI ar an Aire Dlí is Cirt, i mí Iúil, achainí a shínigh 4000 duine ag lorg stádas ar son na 30,000 inimirceach ar fir, mná is leanaí iad atá ag cur fúthu in Éirinn gan cead.
bronnadh achainí ar a petition was presented to
" An tseachtain seo caite, bronnadh achainí ar Ard-Mhéara Bhéal Feirste agus é sínithe ag 400 Gael ag iarraidh aitheantais dá dteanga, dá stair agus dá gcultúir sna himeachtaí comórtha:
 “Molaimid, na Ceithre Chéad Saoránach Feirsteach, Gaelach thíos don Ard-Mhéara reatha agus do chomhairleoirí uilig na Cathrach an Chairt seo, Cairt Bhéal Feirste 400, a chur roimh chruinniú den chomhairle iomlán le go bpléifear é agus go dtabharfar suntas do ról agus do shaibhreas na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh mar chuid shuntasach, bhunúsach d’oidhreacht na Cathrach.