cead a cinn
permission
Cúis iontais dúinn uilig gur thug an t-eagarthóir, Éamonn Ó Doornail,
cead a cinn don chailleach cháidheach a cuid barúlacha binbeacha a scaipeadh fríd an liarlóg leamh seo.
cead pleanála
planning permission
Tá an Chomhairle Contae i ndiaidh ocht dteach a thógáil sa cheantar agus tá siad ag lorg
cead pleanála do cheithre theach déag eile.
fuarthas cead uathu
permission was obtained from them
Fear é Alec McFadden a bhfuil taithí aige ar a bheith ag déileáil leis na póilíní agus tar éis tamaill
fuarthas cead uathu dul ar aghaidh leis an pharáid.
le caoinchead
with kind permission
Spléachadh ar dhialann an Aire Easláinte, Micí Ó Máirtín, a fuair sé,
le caoinchead agus le dea-mhéin an Aire fhadaraíonaigh féin.
le cead an úinéara
with the owner's permission
Dar leis an gcomhlacht Overview Mapping i Sasana, is féidir suíomh gutháin a aimsiú (
le cead an úinéara, a deir siad, ar ndóigh) le cruinneas chomh maith le 100 méadar.
ag diúltú ceada
refusing permission
Tá na póilíní
ag diúltú ceada dóibh níos minicí, áfach, de bharr easpa daonchumhachta, a deir siad.
cead foirmiúil
formal permission
Chuir cúntóirí de chuid Ridge in iúl ina dhiaidh sin nach raibh
cead foirmiúil faighte aige ón Teach Bán a leithéid a rá.
cead a chinn
permission to do as he pleased
Maidir lenár dTaoiseach faoi láthair, ní léir an le Boston nó Berlin a sheasann sé, an bhfuil sé i bhfábhar an phríobháidithe nó tacú le comhlachtaí stát-urraithe, nó an bhfuil sé ar an eite chlé nó dheas i bhFianna Fáil
cead a chinn do McDowell
=======
Má chuir ráitis agus iompar an Taoisigh féin as don phobal i gcoitinne in 2003, tá go leor de chosmhuintir Fhianna Fáil ag lochtú an Taoisigh as
cead a chinn a thabhairt don Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell, le linn 2003.
cead dá oifigigh
permission to his officers
I gcás an óstáin seo, atá á thógáil chomh cóngarach sin do phríomhchaisleán Normannach na tíre, níor thug an tAire
cead dá oifigigh cás a dhéanamh ina choinne, cé go raibh sé ráite ag an tSeirbhís Oidhreachta go raibh sé "adverse and unacceptable" agus "inappropriate in this highly-sensitive location".
cead pleanála imlíneach
outline planning permission
Níor fhéad An Bord Pleanála a mhacasamhail de choinníoll a leagan síos le haghaidh scéim tithíochta a bhí beartaithe do Bhothúna i gceantar an Spidéil siocair nach raibh a leithéid leagtha síos nuair a tugadh
cead pleanála imlíneach don scéim.
cead imeartha
permission ot play
Is mar gheall ar an moill sin a bhain imreoirí leas as cúirteanna na tíre chun iachall a chur ar CLG
cead imeartha a thabhairt dóibh sula raibh an gnáthphróiseas curtha i gcrích.
cead tuirlingthe
permission to land
Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha gurb iondúil go dtugtar
cead tuirlingthe d’eitleáin mhíleata ar an choinníoll nach mbíonn armlón nó ábhar pléascach á n-iompar acu.
lena chaoinchead
with his kind permission
Ní cinedhíothú amháin a bhí mar aidhm ag brúideanna míleata Milosevic, na gadhair fhiaigh a scaoileadh amach
lena chaoinchead chun drochobair Shátain a chur i gcrích.
cead a gcinn
permission to do as they pleased
”
Dá dtabharfaí
cead a gcinn d’Éireannaigh ní bheadh aon drogall orainn Parthas a scrios ar an dóigh a bhí Joni Mitchell a thuar san amhrán “Big Yellow Taxi”.
iad na cúiseanna a ndiúltófar cead pleanála dóibh
what reasons they'll be refused planning permission
I dtíortha eile, bíonn srianta iontach soiléir leagtha síos agus bíonn a fhios ag an díoltóir agus ag an cheannaitheoir cad
iad na cúiseanna a ndiúltófar cead pleanála dóibh.
le caoinchead a gComhdhála agus a Seanaid féin
with the kind permission of their own Congress and Senate
Le cois seo, chuir na Stáit Aontaithe,
le caoinchead a gComhdhála agus a Seanaid féin, dlús le lastais armais nua a sheoladh go hIosrael.
sa chead pleanála
in the planning permission
Ar an drochuair, agus cé go bhfuil costas
de €30 milliún ar an stáisiún sin, ní bheidh sé ann ach go ceann deich mbliana: deirtear
sa chead pleanála go gcuirfear deireadh leis tar éis na tréimhse sin, go dtógfar árasáin agus oifigí ina áit, mar aon le stáisiún nua.
ag lorg ceada
looking for permission
Ag deireadh an chluiche tháinig siad trasna chugainn,
ag lorg ceada chun Liam a thabhairt chuig an ionad traenála atá acu.
a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní a sholáthar
which would give pharmacists permission to provide condoms
Tagairt cháiliúil CJ Haughey don leasú a bhí á mholadh aige siúd ar an dlí, leasú
a thabharfadh cead do phoitigéirí coiscíní a sholáthar – do lánúineacha pósta amháin – ar oideas!
Is fada ó Ré Dhorcha na n-ochtóidí anois sinn, buíochas le Dia.
cead
permission
Agus an chúis a bhí lena chinneadh? Cuireadh in iúl dó nach mbeadh
cead aige a thurban a chaitheamh agus é ar dualgas.
cead
permission
Bhíodh
cead ag an am sin,
murab ionann agus an lá inniu, an liathróid a chur thar an taobhlíne ó áit ar bith ar an bpáirc.
cead
permission
Ó tharla go raibh aithne againn ar a chéile, thug sé
cead dom déanamh amhlaidh.
ag tabhairt cead pleanála
giving planning permission
* Ní thuigeann sé cén fáth a bhfuil na comhairlí contae
ag tabhairt cead pleanála do na céadta teach nach labhrófar Gaeilge go deo iontu le linn do Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a bheith ag doirteadh airgid isteach sna ceantair Ghaeltachta leis an teanga a bhuanú.
cead follasach
explicit permission
Is amhlaidh gur tugadh gealltanas ar leith nach bhféadfadh Aer Lingus aon chinntí a dhéanamh, maidir le hathrú coinníollacha oibre a bhfostaithe nó maidir le hathlonnú a gcuid mol, gan
cead follasach a bheith faighte acu ón Rialtas.
cead
permission
Cén fáth go gceanglaím an bheirt sin le chéile i m’aigne? Cuimhnigh anois a Bhaloir! I bhfad siar! Ard Fheis Fhine Gael! Ó sea! Ach níl
cead againn labhairt faoi sin níos mó.
cead
permission
Níl mé ag rá, gan amhras, nach bhfuil
cead ag ceoltóir a chuid ceoil a thaifeadadh agus a dháileadh ina bhealach féin agus, leis an bhfirinne a rá, níl fadhb ar bith agamsa leis na ceoltóirí atá ag iarraidh na lipéid cheirníní a thréigean.
as cead a bheith againn
because we have permission
Tá go leor tíortha eile in éad linn
as cead a bheith againn ár nguth a chaitheamh ar cheist chomh tromchúiseach agus chomh bunúsach i dtaobh an treo ina bhfuil an tAontas ag gluaiseacht.
cead vótála
permission to vote
Is de bharr foráil i mBunreacht na hÉireann a bheas
cead vótála againne.
cead
permission
Tá an ceart ag tíortha eile a bheith páirteach san imscrúdú chomh maith – mar shampla, an tír ar léi an t-eitleán, an tír inar tógadh é, an tír inar tógadh a innill, agus uaireanta, más saoránaigh de chuid tíre faoi leith iad formhór na bpaisinéirí, tabharfar
cead don tír sin a bheith páirteach san imscrúdú freisin.
cead vótála
permission to vote
Bhí conspóid faoi cé aige a bheadh
cead vótála agus ní mó ná sásta a bhí an pobal taobh thiar den
Daingean nuair a teorannaíodh an daonlathas go muintir an bhaile amháin.
mura dtabharfaí cead dá tuismitheoirí
if her parents weren't given permission
Dúirt sí leis an slua a bhí i láthair nach mbeadh sí sásta leanúint ar aghaidh lena cuid seanma
mura dtabharfaí cead dá tuismitheoirí teacht ar ais go dtí a gcéad rogha suíochán – a bhí chun tosaigh – i ndiaidh gur tugadh a suíocháin do dhaoine geala.
cead
permission
Rinne Wallace bocht dearmad go raibh
cead ag Caitlicigh dul isteach in Ardeaglais Phrotastúnach Phádraig i mBaile Átha Cliath, agus go raibh
cead ag an Déan MacCarthy paidríní
a chur ar díol ann ar mhaithe le cúpla euro a chur isteach i gciste na hArdeaglaise, dá mba mhaith leis.
ag bronnadh cead pleanála.
granting planning permission.
Bíonn an céatadán seo bunaithe ar úsáid na Gaeilge sa cheantar mar theanga laethúil agus dúirt sé nár thuig sé ó thalamh an domhain tuige nach leagann Comhairle Contae na Gaillimhe síos na paraiméadair maidir leis an choinníoll teanga agus iad
ag bronnadh cead pleanála.
cead pleanála
planning permission
Tagann Gusaí Gaimbín – “an tógálaí mór le rá” – chuig Lios na gCat agus
cead pleanála á lorg
aige chun casino, ionad dramhaíola agus monarcha don phróiseáil seithí a thógáil.
cead speisialta
special permission
Cé go bhfuil léarscáil foilsithe ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann, mar is gnách i gcás gach áite in Éirinn, caithfidh tú
cead speisialta a fháil chun an léarscáil sin a úsáid.
cead agóide
permission to protest
B’éigean d’easaontóirí iarratas a chur faoi bhráid na n-údarás le
cead agóide a fháil i gceann de na páirceanna.
cead
permission
Cé go raibh an seanchosán in aice leis, ní raibh
cead ag siúlóirí dul suas ar an bharr mar thalamh phríobháideach, le Diúc Devonshire, a bhí ann, Bhí caismirtí idir na siúlóirí agus na maoir ar an lá sin, agus gabhadh cumannach óg, Benny Rothman agus ceathrar eile agus gearradh téarma phríosúin orthu.
cead
permission
Ní raibh
cead ag inimircigh, nár den chine geal iad, faoin mbeartas seo, teacht chun na hAstráile.
caoinchead
with the kind permission
Ba léir gur céasadh na cimí go dona le
caoinchead oifigeach sinsireach Bush.
cead
permission
Cé nach bhfuil
cead agat mórán a ól (agus nach greannmhar gurbh “øl” an focal Ioruais fá choinne beoir – go díreach thit an “fada” ag déanamh dhá leath den “o”) – tá nightlife iontach acu.
cead a gcinn
full permission
I mí Aibreáin, maíodh gur thug baill den PSNI
cead a gcinn do scaifte dílseoirí san ionsaí inar maraíodh Kevin McDaid i gCuil Raithin; i mí Iúil, lig an PSNI do 200 dílseoir siúl thart i gceantar Protastúnach i nDoire i léiriú nirt.
cead
permission
M a bhriseadh suas agus nuair a diúltaíodh
cead cainte a thabhairt don drámadóir John B.
cead
permission
Tugann siad
cead agus saoirse dúinn uile tuairimí agus teoiricí a nochtadh ina dtaobh agus, mar sin, olc, maith nó díchéillí, tugaim anseo mo chuidse teoiricí i dtaobh na cruacheiste casta, tromchúisí faoi cad é traidisiún i gcomhthéacs chluichí na nGael.
gan cead
without permission
Síscéal i gCead Mon Dieu!
==========
**BD: Ba thú a d'fhoilsigh cuid mhaith de shaothair Chathal Uí Shearcaigh agus ní mó ná sásta a bhí tú nuair a baineadh úsáid as a chuid dánta sa chlár ‘Fairytale of Kathmandu’
gan cead a fháil uait?**
MÓC: Bhuel bhain siad úsáid as na dánta gan chead th’éis dúinn a rá leo gan iad a úsáid agus th’éis dúinn a rá le RTÉ gur againn a bhí na cearta.
cead
permission
San áireamh sa smacht seo, is féidir srian a chur ar na bogearraí is ar na suíomhanna a bhfuil
cead ag an bpáiste a úsáid.
faomhadh
permission
Saoirse dá hanam lasmuigh d’fhormheas an phobail, nó an múchadh mall, géilliúil atá in ann di leis an bhfear óg áirithe sin, fiú más laistigh den gcompord coiteann a thugann
faomhadh na sochaí di.
cead
permission
Le linn na tréimhse sin bhí buachaillí cois fharraige faoi bhrú go mór mar bhí sé i bhfad níos deacra orthusan an sliotar a thiomáint i gcoinne na gaoithe toisc nach raibh
cead acu breith air agus é a thiomáint mar ba dhual dóibh i dtreo na sprice.
cead cumarsáide
permission to contact
Bí cinnte go mbailíonn tú seoltaí r-phoist agus
cead cumarsáide ó gach éinne a líonann isteach an suirbhé.
cead
permission
Sa Fhrainc, áit a raibh neart ‘teangacha ceantair’, cuireadh béim ar an bhFraincis mar theanga oifigiúil náisiúnta, agus fei
ceadh ar an Occitanais, an Bhascais agus ar an mBriotáinis mar chanúintí gan mhaith nach n-oirfeadh don saol nua-aimseartha.
cead
permission
Fuair siad
cead ó Edelfrida ansin, banríon Mercia i dtuaisceart Shasana, dul i dtír ag Wirral.
ní roinnfidh an Rialaitheoir cead
the Regulator won't give permission
Is é sin, is féidir oscailt ón tús ach
ní roinnfidh an Rialaitheoir cead leat, ‘stádas buan' más maith leat, go dtí go mbeidh an 18 mí curtha isteach ag an gcomhar.
Fuarthas cead
permission was obtained
Fuarthas cead ón Stát an píopa a leagan mar chuid den phríomháidiú leanúnach atá á dhéanamh acu ar acmhainní aiceanta na tíre.
cead
permission
Gan é ach cúpla seachtain san oifig, d'fhógair sé go ngearrfaí siar go mór ar thuarastal múinteoirí, agus go mbainfí an
cead de na ceardchumainn idirbheartaíocht chomhargála a dhéanamh thar a gceann.
cead a fháil
in obtaining permission
Tar éis teip cóilíneachta darbh ainm ‘Avalon’ i dTalamh an Éisc, d'éirigh leis
cead a fháil ón rí ceann nua a bhunú ar chuan Chesapeake.
chead pleanála
planning permission
Cuireann siad ar an eolas sinn faoi aon
chead pleanála ins an chathair agus rachaimid i dteangmháil leis an té atá ag iarraidh cead pleanála agus díolaimid an teanga leis an duine sin.
gcead
permission
Bhí meas i gcónaí agam ar an
gcead a thug siad dom - bhí mise óg ag an am - a bheith ina gcomhluadar agus ceapaim go gcuidíonn sé sin leat mar dhuine óg, ag fás aníos.
cead
permission
Tá formhór mór na bpóilíní armtha, tá
cead ag fir shlándála phríobháideacha gunna a iompar agus is iomaí gnáthdhuine a bhfuil gunna ina sheilbh.
Níl cead acu
they don’t have permission
Mar shampla, ní féidir leat conradh a shíniú agus tá srianta fostaíochta ort maidir le *"hazardous work !!!"*
Níl cead acu dul isteach i bhfórsa póilíní nó sa bhriogáid dóiteáin agus
Níl cead acu amharc ar scannáin cogaidh *'X rated.
cead athbhreithniú
permission of review
Cé gur shínigh siad an conradh mar pháistí, níl
cead athbhreithniú a dhéanamh acu agus iad ina ndaoine fásta, is é sin, ag aois 18 bliana.
cead
permission
I mbunreacht Mheiriceá, a ritheadh i 1788, deirtear nach bhfuil
cead ag éinne ach "saoránach nádúrbheirthe" a bheith ina uachtarán ar Mheiriceá.
cead
permission
Bhí fásra mara agus an mhórsceir le feiceáil go soiléir faoin uisce freisin ach níl
cead ag na turasóirí lámh a leagan orthu toisc a leochailí is atá siad.
cead
permission
Chruthaigh sí na cúinsí - thug a beart
cead dúinn, más mian leat, an lámh fháilteach a shíneadh chuici.
cheadúnas
permission
Ní móide go bhfuil cead in áit phoiblí, san Ungáir féin, glacadh le geall gan
cheadúnas.
le caoinchead
with the kind permission
Fanfaidh freisin, mar i bhfírinne, maraíodh Troy Davis
le caoinchead Stát Georgia, ar leis an charchair inár cuireadh chun báis é.
cead
permission
Samplaí de sin is ea go mbíonn
cead an liathróid a ardú díreach ón talamh, rud nach bhfuil
ceadaithe sa pheil Ghaelach gan chois a chur leis an liathróid i dtosach; liathróid chruinn a úsáidtear cé gur liathróid ubhchrutha a úsáidtear i bpeil na hAstráile.
cead dul
i mbun na lámhscríbhíní permission to get into the manuscripts
Agus bhí an-áthas orm gur mhol sé é sin dom agus fuair mé
cead dul i mbun na lámhscríbhíní agus innéacsú agus clárú a dhéanamh ar na hamhráin .
Bhí orthu faomhadh a fháil
they had to obtain permission
Bhí orthu faomhadh a fháil ón Choimisiún Eorpach i leith na n-athruithe seo, rud a fuair siad.
le cead agus beannacht
with permission and in cordiality
Ba í Doire an chéad áit sa Tuaisceart inar tharla mórshiúl de chuid na n-ord Protastúnach – sa chás seo Printisigh Dhoire -
le cead agus beannacht an phobail Chaitlicigh.
ar mhaithe le cead a fháil
for the sake of obtaining permission
Admhaíonn sí go hionraic ag deireadh an chláir nach raibh de thoradh ar an gcogadh ach ‘pain, death, destruction, brutalisation’
ar mhaithe le cead a fháil a bheith páirteach ‘in British rule in the North of Ireland’.
cead na gcos
permission to leave
Nuair is cuma leat fúthu, bíonn
cead na gcos aon uair agat le linn na taispeána, agus, d’réir bata tomhais na gcaighdeán stiúrthóireachta a roinn Polanski go minic orainn cheana, fiú más beag féin í, is teip dó an cead imeachta sin atá againn.
is teip dó an cead imeachta sin
that permission to leave is a failure on his part
Nuair is cuma leat fúthu, bíonn cead na gcos aon uair agat le linn na taispeána, agus, d’réir bata tomhais na gcaighdeán stiúrthóireachta a roinn Polanski go minic orainn cheana, fiú más beag féin í,
is teip dó an cead imeachta sin atá againn.
cead cuairt
permission to visit
Níl
cead cuairt a thabhairt orthu, ach ar an oileán uaigneach seo, ba ar éigean a bheadh a fhios ag éinne.
níl cead acu
they don’t have permission
'* Is é sin, is féidir leis na póilíní duine ar bith a stopadh agus ceist a chur air/uirthi faoin tsiocair a bhfuil sé san áit ina bhfuil sé, ach
níl cead acu a shonraí pearsanta a éileamh muna bhfuil coir i gceist.
cead ar leithligh aige
a special permission
Cá bhfaigheadh a leithéid airgead mar sin? Ar robáil sé banc? Ar tugadh clúdach ollmhór donn dó?
Leis an rúndiamhair a dhéanamh níos rúndiamhaire arís, is féidir a rá go bhfuair sé an t-airgead díreach amach as Banc Ceannais na hÉireann agus
cead ar leithligh aige ón bhanc sin é a úsáid.
cead isteach
permission to enter
Bhí mé ag súil nach mbeidís pisreogach faoi na dathanna agus go mbeadh
cead isteach agam i mo phréachán i measc na bhféileacán.
cead
permission
Beidh
cead ag daoine an Ghaeilge a úsáid i réimse an oideachais agus ina gcuid fostaíochta, nó i gcás na héigeandála nó na práinne.
cead ag na tosaithe
the forwards had permission
Toisc go mbíodh
cead ag na tosaithe a bheith istigh sa ‘chearnóg’ agus ionsaí (de réir rialach) a dhéanamh ar an gcúl báire, b’éigean do na lánchúlaithe an cúl báire a chosaint trí na tosaithe a choinneáil amach as an ‘gcearnóg’ ar ais nó ar éigean.
Níl cead aige
he has no permission
Níl cead aige anois rud ar bith a fhoilsiú gan an cháipéis a bheith curtha faoi bhráid cinsire roimh ré.
cead
permission
Bheadh
cead ag múinteoirí Peig a roghnú iad féin ach measadh gur dócha nach mbeadh sé ar bharr liostaí siopadóireachta a bhformhór acu.
raibh cead faighte aige
he had received permission
Cheap Mac Gearailt go
raibh cead faighte aige cheana féin an dá reacht seo a chur i bhfeidhm in Éirinn nuair a thoiligh na Daoine leis an tríú leasú den Bhunreacht i 1972, leasú a thug cead don Rialtas glacadh le conarthaí Eorpacha nua a chuirfeadh ar a chumas bundhualgaisí na tíre mar bhall den aontas a chomhlíonadh.
sula mbí cead acu
before they’ll have permission
Beidh ar státseirbhísigh agus ar airí fanacht dhá bhliain
sula mbí cead acu obair san earnáil phríobháideach.
cead
permission
Coimisiún na Cointinne agus na Maorshiúltaí
===================
I mbliana, rinne Coimisiún na Maorshiúltaí Cointinneacha cinneadh go mbeadh
cead ag na hOráistigh siúl fríd an áit atá i gceist agus iad ar a mbealach amach ar maidin, ar an Dara Lá Déag Iúil, ach go gcaithfidís a bheith ar ais le siúl fríd Ard Eoin roimh a ceathair a chlog san iarnóin.
gan cead
without permission
Tá inimircigh ag cur fúthu
gan cead i mbeagnach gach stát ar domhan.
mbeadh sé de chead acu
they’d have permission
Chreid siad gur cheart go
mbeadh sé de chead acu siúl trí thalamh oscailte fiú is dá mba thalamh phríobháideach a bhí ann.
cead an úinéara
the owner’s permission
Ar an láimh eile, aithnítear
cead an úinéara a chuid sealbhúchas a chosaint ó thréaspas agus ó aon dochar a bhféadfadh a tharlú dá réir.
iarradh cead
permission was sought
Mar shampla, san iarratas pleanála 12359,
iarradh cead i mBothúna Thoir ach sa doiciméid pleanála a eisíodh is BOHOONNA EAST an t-ainm atá ar an mbaile fearainn.
cead ag
have permission
Ní raibh
cead ag na buíonta a bheith ag seinm ar chor ar bith.
cead
permission
Ní bheidh
cead ag aon duine iris chráifeach ar bith a thabhairt isteach ar Thoraigh feasta, ar eagla go mbeadh ceann de na pictiúir náireacha seo istigh inti.
faoina dtugtar cead
by which permission is given
Iarradh orm foirm a shíniú ag an Oireachtas i gCill Áirne cúpla bliain ó shin, an gnáthfhoirm a iarrtar ar dhaoine a shíniú
faoina dtugtar cead úsáid a bhaint as an taifeadadh ar tháille.
Is ar éigin a fuair sé a chead
he barely received permission
Is ar éigin a fuair sé a chead – thug an lucht pleanála air an póirse beag a bheadh ag doras na sráide a fhágáil ar lár agus fuair sé an cead ar choinníoll go rachadh sé féin agus a bhean chun cónaithe sa teach.
fuair an té seo cead
this person received permission
Arís
fuair an té seo cead ar choinníoll go rachadh sé chun cónaithe sa teach, ach mar a tharlaíonn sé, tógálaí a bhí san fhear seo agus bhí cead faighte aige fiche teach a thógáil ar fud na contae.
chead pleanála
planning permission
Cuireadh ina leith nach raibh aon
chead pleanála aige i leith teach soghluaiste a bhí pairceáilte i mBaile an Droichid, Gaoth Dobhair.
cead oifigiúil a fháil
obtaining official permission
Ciallaíonn an prionsabal (mar dhea) seo nach mbeadh aon bhuntáiste ag muintir na mbád thar na teifigh eile atá ag feitheamh i dtíortha éagsúla san Áise le
cead oifigiúil a fháil teacht chun na hAstráile ar imirce.
Tugadh cead oifigiúil scríte dóibh
they were given officially written permission
Tugadh cead oifigiúil scríte dóibh a ndícheall a dhéanamh agus iad ag plé le Lloyd George.
le caoinchead an eagarthóra
with the editor’s permission
As go brách lenár laoch ar eitilt Ryanair chun na Róimhe, agus praghas na traenach isteach chuig lár na cathrach aige ina phóca tóna –
le caoinchead an eagarthóra, Seosamh Mac Slua Muirí.
cead a thabhairt
to give permission
Dhiúltaigh na breithimh Nicholas Kearns, Paul Carney agus Gerard Hogan
cead a thabhairt do Mharie Fleming lánchead toilteanach a thabhairt dá fear chéile deireadh a chur lena saol, saol atá loite ag Multiple Sclerosis le níos mó ná scór bliain de shaol uafáis.
cead
permission
Seo roinnt de na coinníollacha sin:
- Ní bheidh
cead ag aon lánúin a bhfuil deacrachtaí morgáiste acu aon pháistí eile a bheith acu.
ach buillí druma a bhualadh
they only had permission to bang the drums
Sna nuachtáin inniu, tá scéalta faoin bhuíon dhílseach a sheinn ceol taobh amuigh de Theach Pobail Naomh Pádraig ainneoin gur chinn Coimisiún na bParáideanna nach raibh cead acu
ach buillí druma a bhualadh.
tá cead spaisteoireachta agat
you have permission to stroll
Ó thaobh ceart slí de, tá an dlí sa Spáinn ar malairt bealaigh ar fad le dlí na hÉireann - is é sin,
tá cead spaisteoireachta agat ar thalamh oscailte de ghnáth agus cuirfidh muintir na tuaithe fáilte romhat fosta.
mbeadh cead acu féin pósadh
they themselves wouldn’t have permission to marry
Ó thaobh cearta sibhialta de, níor bhuail mé le mac léinn amháin nár thacaigh leis an bpósadh aerach, ábhar ailt Bhriain Uí Bhroin san eagrán deireanach de Beo! (Pósadh Aerach ina chnámh spairne i Meirceá) Bhí aithne agam ar chuid mhaith mac léinn a bhí mar chuid den phobal LGBT iad féin agus bhí siad buartha nach
mbeadh cead acu féin pósadh sa todhchaí.