líon íseal seo daoine
this small number of people
Cothaíonn an
líon íseal seo daoine deacrachtaí maidir le cúrsaí sochtheangeolaíochta agus iompar teanga.
na pearsana
the people
(c) Éileamh ar an statchóras, agus
na pearsana laistigh de a ghríosadh, le bunseirbhísí a chur ar fáil.
Loic daoine orainn
People let us down
Loic daoine orainn cúpla uair - cuireadh turas amháin ar ceal gan míniú ar bith, mar shampla, agus dá bharr sin ní fhaca muid Cayo Largo, oileán beag ar an chósta ó dheas agus ceann de na hionaid saoire is deise i gCúba, deirtear.
ag moladh do dhaoine
recommending to people
Náisiúnaithe ar bís
=======
Den chéad uair i mbliana, áfach, tá na páirtithe polaitíochta, go háirithe Sinn Féin agus an SDLP,
ag moladh do dhaoine agus do náisiúnaithe go mór mhór, foirmeacha daonáirimh a líonadh isteach.
le cur in iúl do dhaoine
to inform people
Fiú tá comharthaí anois ag Údarás na Gaeltachta
le cur in iúl do dhaoine go bhfuil siad sa Ghaeltacht.
lucht gnó
business people
Má fhaigheann a pháirtí a lán vótaí san olltoghchán seo, b'fhéidir go mbeadh an misneach ag Tony Blair a bheith níos radacaí in ionad a bheith ina Sheoinín don
lucht gnó.
marbhán
dead people
Cé a thabharfadh ábhar beo, spreagúil, conspóideach ar a leithéid sin de shúlach fuarbhlasta? Cé eile ach an t-eagarthóir tiúchraicneach sin Éamonn Ó Doornail agus a leathbhádóir leathchraiceáilte Leamh Ó Cuinneagáin, an bheirt atá taobh thiar d'iris seo na
marbhán.
chúis díomá
something that disappointed people
Ba
chúis díomá do go leor daoine agus ábhar conspóide an Stiúrthóir Declan McGonagle a bheith ag fágáil na dánlainne i ndiaidh do deich mbliana a chaitheamh ina bun.
Castar cuid mhór daoine orm
I meet a lot of people
Cén fáth, mar sin, a raibh an oiread sin daoine ag beannú di amhail is dá mba rud é gur chomharsa dá gcuid a bhí inti?
Mhínigh Bríd féin an scéal dom: "
Castar cuid mhór daoine orm a bhfuil baint acu le Gaoth Dobhair.
go mothóidh daoine
that people will feel
Is é an dóigh is fearr le dul chun cinn a dhéanamh ná níos mó saothair a chaitheamh in áiteanna mar seo, sa dóigh is
go mothóidh daoine go bhfuil siad páirteach sna rudaí atá ag tarlú.
D'aontaigh an lucht gnó
the business people agreed
D'aontaigh an lucht gnó go raibh an eagraíocht tábhachtach i bhforbairt shaol na Gaillimhe agus go raibh sí ag cur go mór le híomhá chultúrtha na cathrach.
daoine neamhurchóideacha
innocent people
Bhí ceist mhór mhorálta ann fosta mar go raibh
daoine neamhurchóideacha ag fáil bháis.
beatha daoine
people's lives
"
beatha daoine "i mbaol"
=======
Má bhí Coiste Timpeallachta Ghaoth Dobhair, An Taisce agus an ATP sásta le breith an Bhoird Pleanála, ní raibh daoine agus grúpaí eile sa chontae ar aon fhocal leo.
drong fhodhaonna
sub-human group of people
"I wouldn't have one about the place," arsa Phríomhaire an Tuaiscirt Lord Brookeborough tráth fána chomh-Ultaigh Chaitliceacha, ag tabhairt le fios gur
drong fhodhaonna iad.
cur ina luí ar dhaoine
convince people
"
Céard iad na fadhbanna a bhí acu go dtí seo? "Is dócha gurb é an rud is mó ná teacht ar an margadh agus
cur ina luí ar dhaoine go bhfuil sé ceart go leor ceannach ar an idirlíon.
Cleasaithe
tricksters, crafty people
"
Cleasaithe cruthanta cearta iad," a deir Balor na Glinnsúile Nimhe.
Briotanaigh
British people
Sin gonc mór do na hUltaigh a chreideann gur
Briotanaigh iad - is léir nach gcreideann na fíor-Bhriotanaigh an rud céanna.
Díshealbhaíodh go leor daoine
a lot of people were evicted
Díshealbhaíodh go leor daoine mar nach gcuirfidís a gcuid gasúr ar scoileanna Protastúnacha.
Goilleann sé go mór ar go leor daoine
it bothers a lot of people
Goilleann sé go mór ar go leor daoine, taobh istigh agus taobh amuigh den Chumann, go mbíonn mórchuid airgid ag dul isteach i gcistí an Chumainn, Domhnach i ndiaidh Domhnaigh i rith mhíonna fada an tsamhraidh.
téann na daoine seo le báiní
these people become furious
Chuile uair a bhíonn comhscór ann
téann na daoine seo le báiní ar fad toisc go gcreideann siad, ní hea ach go bhfuil a fhios acu go maith, go líontar pócaí daoine áirithe leis an airgead a chaitheann gnáthmhuintir na hÉireann agus iad ag tabhairt tacaíochta dá gcontae dúchais.
lucht slandála
security people
chomh maith le
lucht slandála, lucht tarrthála agus daoine eile nach iad a íoc.
D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin
I fell out with the people there
D'éirigh idir mé féin agus na daoine ansin.
cur ina luí ar an aos óg
convince the young people
Más féidir linn
cur ina luí ar an aos óg go bhfuil rud éicint acu ba mhaith leis an gcuid is mó de phobal na tíre a bheith acu, beidh linn.
réitíonn daoine le chéile
people get on with each other
Caithfidh mé a rá gur breá liom Harlesden, go háirithe mar gheall ar gur áit é atá go hiomlán ilchultúrtha agus de bharr go
réitíonn daoine le chéile.
Bhreatnaigh
Welsh people
Daoine a raibh gaolta acu sa champa a bhí iontu den chuid is mó agus ba léir go raibh suim ag a lán acu, idir Éireannaigh agus
Bhreatnaigh, sa tréimhse sin d'ár stair.
Baineadh stangadh as go leor daoine
A lot of people were taken aback
Baineadh stangadh as go leor daoine le gairid nuair a cuireadh in iúl go raibh an scian i ndán do bhuiséad Raidió na Gaeltachta.
go gcloífí a mhuintir
his people would be defeated
Nuair a chonaic rí Éireannach é, bhuail taom bróin é agus dúirt sé gur tuar a bhí ann go raibh na Sasanaigh ag teacht agus
go gcloífí a mhuintir.
a chur ina luí ar dhaoine
to convince people
Ó ghnóthaigh siad an toghchán, tá an comhrialtas ag iarraidh
a chur ina luí ar dhaoine nach raibh mórán bainte ag na teifigh leis an toradh.
gealt
mad people
Tá báid chumhachtacha farantóireachta anois ag tabhairt daoine isteach ar an mBlascaod agus má tá tú i measc na n
gealt sin ar maith leo liathróid bheag bhán a bhualadh timpeall ar feadh an lae, tá galfchúrsa den scoth acu i nDún an Óir.
dá mbaileodh go leor leo ón tír
if plenty of people left the country
Bhí tromlach den phobal ar nós cuma liom, mar gur mhothaigh siad go mbeadh saol níos compordaí acu féin
dá mbaileodh go leor leo ón tír!
Tá sé in am díospóireacht cheart, oscailte a thosú i dtaobh cheist na hinimirce sa tír seo.
dornán beag daoine
a small number of people
Is minic le deich mbliana anuas a bhí mé i láthair ag dráma Gaeilge agus gan ach
dornán beag daoine sa lucht éisteachta.
teacht i dtír ar dhaoine
take advantage of people
Sa chlár seo, bhí ról Donoghue aige, caimiléir agus slíodóir as Éirinn a bhí i gcónaí ag iarraidh
teacht i dtír ar dhaoine.
castáil ar dhaoine suimiúla
meet interesting people
Thug an teanga deis domh a dhul áiteacha, agus
castáil ar dhaoine suimiúla, rud nach mbeinn in inmhe a dhéanamh gan í.
a muintir
her people
"
Ceann de na cúiseanna, dar léi, a raibh atmaisféar chomh maith i gCorcaigh ná go rabhthas tar éis tús a chur leis an saoroideachas an bhliain roimhe sin, rud a thug deis do dhaoine nach bhfuair
a muintir riamh oideachas tríú leibhéal céim a bhaint amach.
a lucht aitheantais
the people they know
Mar shampla, le 'Group Text', tá daoine á úsáid chun scéalta grinn a scaipeadh chuig
a lucht aitheantais mar a dhéantar thar an ríomhphost go minic.
daoine a rangú de réir cumais
to categorize people according to ability
Is fearr
daoine a rangú de réir cumais agus díriú ar ghrúpaí éagsúla ar nós *ex-pats* agus daoine a labhraíonn an Ghaeilge gach lá.
ag imirt deismireachta ar dhaoine
casting a spell on people
Tá sé chomh maith sin
ag imirt deismireachta ar dhaoine lena chuid aisteoireachta go gcreideann sé féin sa ról atá á ghlacadh aige sa deireadh.
Gnáthchosmhuintir
ordinary people
Borradh
=======
Cén fáth go bhfuil an scéal amhlaidh? Céard tá taobh thiar den bhorradh seo le scór bliain sa CLG ar fud na tíre? Freagra simplí atá ar an gceist seo dar liom, is é sin, muintir na hÉireann!
Gnáthchosmhuintir na tíre atá ag dul i mbun a saol sóisialta agus spórtúil féin gan beann ar rialtas ná Aontas Eorpach.
níl Lillian ná a hiaradh gann san airgead
Lillian and all belonging to her (her people) are not short of money
Chosain sin pingin ach ina dhiaidh sin is eile
níl Lillian ná a hiaradh gann san airgead.
dáréag
twelve people
Bhí mé féin i láthair an oíche sin agus bhí deis agam comhrá a dhéanamh le Spillane i rith na ceolchoirme de bharr nach raibh sa lucht éisteachta ach
dáréag ná mar sin.
caimiléirí
dishonest people
Tuigeann na
caimiléirí seo nach bhfaigheadh siad féin cead dul i dtír go deo san Iodáil ach nach féidir leis an Capitaneria di Porto cuidiú a dhiúltú do na daoine eile ar an long.
plobairí
flabby people
Cuirim bonn 100 yen isteach sa teilifíseán ach tar éis mo chuid trioblóide níl ach stáisiúin Sheapánacha ar fáil,
plobairí ag iomrascáil lena chéile …
Ní baol duit dul amú i dTóiceo más i dtacsaí atá tú.
chosmhuintir
ordinary people
Is cinnte go bhfágann siadsan pingin nó cent maith ina ndiaidh!
Ní cúis náire nó clamhsáin é a bhfuil d'airgead tugtha ar ais ag an Rialtas don CLG - tá sin tuillte go maith ag an gCumann mar atá léirithe thuas, agus go mór mór de bharr na tacaíochta atá tugtha ag an gcumann do dhaoine agus do phobail ar fud na tíre ó bunaíodh é - tacaíocht phraiticiúil agus spreagúil don
chosmhuintir a thugann le fios go bhfuil fiúntas leis an gcaitheamh aimsire dúchasach agus leis an gcultúr Gaelach agus nach gá dóibh aithris a dhéanamh ar éinne eile.
bhómán
slow-witted people
Tá mé bréan de na brealláin bhradacha agus a gcuid bladair faoin bhligeardaíocht idir an bheirt
bhómán sin Micí Mac Corr-thigh agus Roy Rogers Ó Catháin," a deir Balor an Buaiceálaí faoi lucht na meán cumarsáide nach bhfuil a dhath ar bith eile acu le scríobh nó le labhairt fá dtaobh de ach beirt iarpheileadóirí.
sheanóirí
old people
Tá cearta an Ghaeilgeora á séanadh go fóill, mar a bhí nuair a bhí ar
sheanóirí na Gaeltachta i 1926 an sagart paróiste nó an múinteoir scoile a bheith leo agus iad ag lorg phinsean an stáit, agus gan duine ná deoraí eile sa cheantar a bhí i bpost le haon saghas stádais nó tionchair in ann Gaeilge a labhairt.
bhogfadh daoine áit inteacht eile
people would have moved elsewhere
Sa tseanam, nuair nach raibh a leithéid ann,
bhogfadh daoine áit inteacht eile ag lorg oibre.
dá mhuintir
his people
"Is beag duine a bheadh i gceantar a mbeadh Gaeilge ó dhúchas aige, gurb as an ceantar
dá mhuintir, go raibh ceol aige, go raibh léamh an cheoil aige agus gur ealaíontóir cruthaitheach a bhí ann ó thaobh na hamhránaíochta de.
bunadh na háite
the local people
D'fhág sé na pictiúir seo mar oidhreacht ag
bunadh na háite.
an chaoi a dtéann daoine craiceáilte faoi
the way people go mad over it
Tuigim sin, ach
an chaoi a dtéann daoine craiceáilte faoi - sin an pháirt nach dtuigim.
ag priollaireacht agus ag gliodaíocht thart
acting the ejit (messing about) and fawning over or pleasing people
Beidh siad uilig
ag priollaireacht agus ag gliodaíocht thart.
lear mór daoine
a great number of people
Tá sé óg agus fuinniúil, dóighiúil (dar leis na mná, seachas liomsa!) agus faiseanta, agus éiríonn leis
lear mór daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge gan a bheith ag brú na teanga orthu nó a bheith ag seanmóireacht mar gheall uirthi.
a cháineann daoine áirithe
that some people criticise
Chinn sé ansin ar bhliain eile a chaitheamh i nGaillimh chun Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach a dhéanamh, cúrsa
a cháineann daoine áirithe de bharr, dar leo, go bhfuil sé róghinearálta.
Tacaíonn Éireannaigh le foireann Shasana
Irish people support the English team
*400 céim: Reonn Ifreann*
Tacaíonn Éireannaigh le foireann Shasana.
a macasamhail féin
people like themselves
Ach ag an am chéanna, tugann Pastor McKee agus daoine eile óganaigh ón tSeanchill go dtí Ard Eoin nó go Bóthar na bhFál, le go dtig leo aithne a chur ar
a macasamhail féin "ón taobh eile".
d'fhormhór na ndaoine
for most of the people
Ní raibh an t-aistriú éasca
d'fhormhór na ndaoine a rinne é.
níl de dhíth ar dhaoine ach leideadh an fhocail
people only need a hint, i.e. to gossip
"
"An bhfuil a fhios agat seo," arsa Nuala, "
níl de dhíth ar dhaoine ach leideadh an fhocail.
geit a bhaint as daoine
to startle/shock people
Deir sé go ndéanann sé iarracht uaireanta
geit a bhaint as daoine agus é ag léamh go poiblí.
drong
group, body of people
Ní bhfuair Séamus Ó Grianna a cheart riamh ón
drong sin go dtí gur chrom Alan Titley ar an obair: tá an-léargas aige ar shaothar Mháire sa leabhar mór critice udaí, *An tÚrscéal Gaeilge*.
go raibh an bhuaidh daite do na daoine seo
that victory was coming to these people
) Bhuel, ag fáil léargais dó ar an dóigh a raibh an freasúra neamhdhlíthiúil sa Pholainn ag obair, ag foilsiú leabhartha, ag cruthú sochaí dhaonlathach beag beann ar an chóras oifigiúil, ba é an tátal a bhain sé as an scéal ná "
go raibh an bhuaidh daite do na daoine seo".
bunús na ndaoine
most of the people
Beo bocht
=======
Sa tseanam ba ar an iascaireacht agus ar an fheirmeoireacht a mhair
bunús na ndaoine, dalta pobal na tuaithe i ngach áit eile, agus taobh amuigh den tae, siúcra agus an plúr bhí gach bia eile dá gcuid féin acu.
ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine
catering for people's needs
Bhíodh lucht siúil gur tháilliúirí, ghréasaithe agus lucht déanta cannaí iad ag taisteal i ngach ceantar
ag freastal ar riachtanaisí na ndaoine.
ghnáthdhaoine
ordinary people
Rinne muid éadaí a dhearadh, amanna do cheoltóirí ach go minic do
ghnáthdhaoine chomh maith.
san aos óg
in the young people
Creideann sí go láidir
san aos óg agus tá sí den tuairim gur botún mór é a bheith ag tromaíocht orthu agus ag tabhairt amach dóibh de bharr go bhfuil droim láimhe á thabhairt acu lena n-oidhreacht.
don bhunadh óg
to the young people
Téann sí isteach sa seomra ranga cúpla uair sa tseachtain agus múineann sí an teanga, mar aon le hamhráin agus scéalta,
don bhunadh óg.
scata maith daoine
a good number of people
Tá
scata maith daoine sa gceantar ag coinneáil orthu ag iascaireacht i gcónaí, ach tá tuilleadh forbartha ag teastáil ar an obair sin.
ag cur comhairle ar dhaoine
advising people
Cén obair a dhéantar sa chomhlacht ó lá go lá?
Ag díol leabhar; ag plé le horduithe na gcustaiméirí;
ag cur comhairle ar dhaoine maidir le leabhair agus cúrsaí; ag meas leabhar nua; ag freagairt comhfhreagrais agus teachtaireachtaí ríomhphoist.
a mhuintir
his people
"
Bochtanas
=======
Nuair a rugadh Ó Céidigh sa Spidéal i gConamara daichead is a cúig bliain ó shin, ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag
a mhuintir ná ag bunadh na háite.
bunadh na háite
the local people
"
Bochtanas
=======
Nuair a rugadh Ó Céidigh sa Spidéal i gConamara daichead is a cúig bliain ó shin, ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag a mhuintir ná ag
bunadh na háite.
dhaoine iontacha
great people
Chuir mé aithne an- an-mhaith ar
dhaoine iontacha i dTír Chonaill, daoine ar nós Anthony Gillespie, agus tá fíormheas agam orthu.
slíomadóirí
slimy people
"Amharc ar na
slíomadóirí ar fad atá mar pholaiteoirí againn i Meiriceá.
dála mórán daoine
like a lot of people
Ár dtus bhí mé i mo "lurker",
dála mórán daoine.
don aos óg
for the young people
Tá club Foróige ar bun
don aos óg, agus tá dráma á ullmhú don Nollaig i ranganna drámaíochta.
bunadh an bhaile
the people of the town
Tá neart Gaeilge ag
bunadh an bhaile, ach níl sin le rá nach bhfuil brú mór ar an Ghaeilge, go díreach mar atá i ngach ceantar eile sa Ghaeltacht.
dhaichead duine
forty people
Bhí thart ar
dhaichead duine ag an gceardlann sin anuraidh!
Antaine: Agus tá léacht i gceist freisin.
lucht rachmais
rich people
Tá na bancanna ciontach as a bheith ag cuidiú le
lucht rachmais a gcud airgid a chur i bhfolach i gcuntais eischósta.
chun dallamullóg a chur ar dhaoine
to hoodwink people
Léiríonn na suímh ollscoile aite thuas gur féidir seoltaí bréige sráide a úsáid freisin
chun dallamullóg a chur ar dhaoine.
chaitheadh daoine seile orm
people used to spit at me
D'éirigh mé as an tsiopadóireacht a dhéanamh sa bhaile sin, mar
chaitheadh daoine seile orm.
bunadh na háite seo
the people of this area
"
Deir Paul: "Tá
bunadh na háite seo breá cleachtaithe le daoine ón taobh amuigh.
daoine den scoth
great people
Áit iontach agus
daoine den scoth a bhí agus atá i Loch Garman, dar le Mícheál.
ag caitheamh go féaráilte le lucht iomána
treating the hurling people fairly
Fadhb eile a fheiceann sé i mBaile Átha Cliath ná nach bhfuil cuid de na clubanna ag cur na hiomána chun cinn nó fiú
ag caitheamh go féaráilte le lucht iomána acu féin ach a mhalairt, is é sin bíonn siad ag iarraidh iománaithe maithe a iompó ar an bpeil agus in aghaidh na hiomána.
Bheannaigh cúpla duine dó
a few people greeted him
Bheannaigh cúpla duine dó ag amanna éagsúla i rith an chomhrá agus ní raibh sé soiléir an raibh aithne phearsanta acu air nó nach raibh.
gnáthdhaoine
ordinary people
Cuireann sé a phost féin i gcomparáid lena ndéanann
gnáthdhaoine in Éirinn chun a mbeatha a thabhairt i dtír.
Phearsana
People
)
Enron
=======
I ndomhan níos leithne na polaitíochta agus an chultúir, roghnaigh an iris *Time *an triúr ban a nocht an chaimiléireacht san ollchomhlacht Enron mar "
Phearsana na Bliana".
a mheallann daoine
which attracts people
Scríbhneoirí an Bhlascaoid
=======
Lasmuigh d'áilleacht an pharóiste tá gné eile den saol
a mheallann daoine anseo agus is é sin an litríocht.
líon mór daoine
a large number of people
Is eagal liom, nuair a bheidh dearmad déanta ar na scannail go léir a nochtadh faoi mhórúdaráis an stáit seo, go mbeidh
líon mór daoine, agus ní i gCorcaigh amháin, a mbeidh fós cuimhne acu ar an dara cogadh cathartha, mar a chonacthas dóibhsean é, a bhris amach ar an oileán seo le linn mhí an Mheithimh 2002.
Tá go leor ar m'aicíd
there are many people like me
Tá go leor ar m'aicíd," ar sé.
daoine óga ón cheantar a mhealladh isteach
to attract young people from the area in
Bhí sé mar chuid den sprioc ag an ghrúpa seo
daoine óga ón cheantar a mhealladh isteach chun a bheith ag obair ar thionscadal lena dtimpeallacht a dhéanamh níos deise agus dóchas a chruthú don todhchaí agus don ghlúin atá le teacht.
teanga an aosa óig
the language of the young people
I dtréimhse iontach gairid d'athraigh
teanga an aosa óig go Béarla.
muintir agus flaitheas na hÉireann a chosaint
to protect the people and sovereignty of Ireland
Más amhlaidh go bhfuil an fhianaise i dtuarascáil Barron chomh láidir agus atáthar ag tuar, beidh dualgas morálta agus dleathúil ar an rialtas
muintir agus flaitheas na hÉireann a chosaint agus fiosrúchán ceart a chur ar bun, macasamhail fhiosrúchán Saville.
gnáthdhaoine macánta
honest, ordinary people
Tá sin maith go leor ina gcás siúd, leis an saibhreas atá acu, ach in áiteanna mar seo is
gnáthdhaoine macánta, cosúil le teaghlach Brenda Wynne, atá ag fulaingt.
gnáthmhuintir
ordinary people
Níl amhras ar dhaoine ach gur deachtóir brúidiúil é Saddam Hussein ach is cinnte gurb iad
gnáthmhuintir na tíre sin a bheas thíos leis má bhíonn buamáil agus ionsaí i gceist.
ag mealladh daoine
attracting people
"Deinim amach, dá bhféadfaimis é a ionramháil i gceart agus a bheith ana-chúramach ina bhun, ní gá gur
ag mealladh daoine ón nGaeilge nó ó na ranna Gaeilge ar fad a bheadh Léann na hÉireann ach ag tabhairt daoine de réir a chéile isteach sa líon, más maith leat.
le cruthú do dhaoine áirithe
to prove to certain people
Tá roinnt amhrán Béarla scríofa acu le tamall anuas, leithéidí "Dunnes Stores Girl" agus "The Song of Lies", agus deir de Paor gur thug sé faoi liricí a scríobh i mBéarla
le cruthú do dhaoine áirithe nach bhfuil Gaeilge acu go bhfuil caighdeán ard ag baint lena shaothar.
ag spochadh as an dream seo
making fun of these people
"Dá mbeadh a fhios agam go raibh sé chomh simplí sin scríobh i mBéarla," a deir sé,
ag spochadh as an dream seo, "is fadó riamh a bheinn tar éis tabhairt faoi!"
Deir de Paor go bhfuair sé tacaíocht i gcónaí ó fhilí na Gaeilge, go háirithe nuair a bhí sé ag dul i mbun pinn agus é fós sna déaga.
daoine a chur ar a suaimhneas
to ease people's minds
Ar ndóigh, tá iarracht déanta ag an Mhéara Mike Bloomberg agus ag ceannairí eile polaitiúla
daoine a chur ar a suaimhneas.
daoine léannta
learned people
daoine léannta
=======
Rinne
daoine léannta a mbealach chuig Inis Mór síos trí na blianta agus bhain cuid acu úsáid as mar chúlra dá gcuid scríbhneoireachta.
le meon na ndaoine a thuiscint
to understand the way the people are thinking
Is beag nach gcuirfeadh Howard de Valera i gcuimhne dhuit - ní gá dó ach breathnú isteach ina chroí féin
le meon na ndaoine a thuiscint.
réimse leathan daoine
a wide range of people
Tá bialann bhreá ansin a bhíonn gnóthach i gcónaí - agus ní lucht na Gaeilge amháin a bhíonn ag úsáid na háise ach
réimse leathan daoine a meallann an t-atmaisféar agus an bia blasta iad.
Tarchéimníonn daoine
people transcend
Tarchéimníonn daoine nithe dofhulaingthe agus cuireann siad tús le rud úr … Ní daoine éagumasacha muid … Is uirlis chumhachtach iad na healaíona a thacaíonn leis an sracadh le maireachtáil agus chun fuascailt a bhaint amach.
do lucht na meán cumarsáide
for the media people
Dúirt urlabhraí ó na Náisiúin Aontaithe gur chun spás a dhéanamh
do lucht na meán cumarsáide a rinneadh an taipéis a chlúdach, nach raibh cinsireacht i gceist.