Chaitheas deich nóiméad ar an rothar gan chos a bhrú ar
throitheán! Baile álainn beag cuan is ea Sausalito, atá ag deireadh an bhóthair anuas ón droichead, a chaladh lán le luaimh, carranna luachmhara Gearmánacha ag tiomáint timpeall go mall, agus roinnte siopaí uachtar reoite a chuireas suaimhneas ar dhuine ar bith atá tar éis cúpla uair an chloig a chaitheamh ar sheandiallait.