Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
caitheamh aimsire an-fholláin very healthy pastime
" Nuair a bhreathnaím ar gharmhic s’againne agus ar a gcairde, idir bhuachaillí agus chailíní, ag imirt peile amuigh faoin aer, measaim go bhfuil caitheamh aimsire an-fholláin acu.
modh siamsíaochta a style of pastime
" Tá fréamhacha na geamaireachta le fáil sa Commedia Dell’Arte, modh siamsíaochta a thosaigh san Iodáil agus a leathnaigh amach chomh fada leis an Fhrainc agus an Bhreatain – mar a raibh an-tóir air.
Siamsaíocht pastime
" Siamsaíocht in ionad nuachta a chuireann siad ar fáil agus ní dhéanann siad idirdhealú idir an dá rud.
Siamsaíocht pastime
" Siamsaíocht a bhíonn ar bun agam.
chaitheamh aimsire a pastime
" Domingo a bhunaigh an cumann sa chéad dul síos, mar chaitheamh aimsire d’oibrithe in ionad an teach tábhairne Dé Sathairn.
caitheamh aimsire pastime
" Is caitheamh aimsire costasach é: cosnaíonn cluichí ar a laghad €20, nó thart fá’n méid sin ar cíos.
siamsaíochta pastime
" Chomh maith leis sin, beidh cuma spleodrach ar an chathair, í cóirithe go húrnua le haghaidh Bhliain an Chultúir, spásanna úrnua siamsaíochta anseo is ansiúd ar fud na cathrach agus fáilte Uí Dhochartaigh (is líonmhaire na Dochartaigh ná muintir Uí Cheallaigh i nDoire agus tá a bhfáilte siúd lán chomh fial) roimh óg agus aosta.
caithimh aimsire pastime
" Cibé cén gaol atá ag spórt, ceol agus caithimh aimsire le sásamh, agus ní beag an méid é, chaithfeadh sé go mbaineann siad le misniú an duine nuair a theagmhaíos sé le drochscéala nó nuair a bhuailfear mír den mhí-ádh anuas air.
mar chaitheamh aimsire as a pastime
" Sách Buartha ===== Sa dara áit don duine is sine tá leitheoireacht agus dá dhearthair, tá teilifís mar chaitheamh aimsire.
Caitheamh aimsire ciúin socair a quiet steady pastime
" Caitheamh aimsire ciúin socair a bhí ann, gné a thaitin liom, gan a bheith os comhair an tsaoil, mar a déarfá.
ba caitheamh aimsire an-taitneamhach was a very pleasant pastime
" Le bheith fírinneach, ba caitheamh aimsire an-taitneamhach an agóidíocht: bhí taobh sóisialta ag baint leis agus ba dheas an mothúchán a cheapadh go bhfuil tú ag seasamh don rud atá ceart, dar leat féin agus ní raibh aon ghá ualach na freagrachta a théann le cumhacht a iompar.
nach raibh de chaitheamh aimsire aige his only pastime was
" I ndiaidh an leabhar theacht amach, rinne Sasanach teagmháil leis agus dúirt nach raibh de chaitheamh aimsire aige ach a bheith ag léamh taifid phinsin Arm na Breataine.
mar ghné éadrom siamsaíochta as a light pastime
" Go bunúsach, is éard atá faoi Haneke a dhéanamh ná an dearcadh status quo sin a fhéachann ar an scannánaíocht mar ghné éadrom siamsaíochta a bhriseadh as a chéile agus feidhm níos bunúsaí agus níos dáiríre a bhronnadh ar an bhfoirm ealaíne seo in athuair.
caitheamh aimsire de gach cineál all kinds of pastime
" An-samhradh ab ea é ó thaobh cúrsaí spóirt in Éirinn i ngeall ar an aimsir bhreá agus deiseanna go leor ag daoine a bheith amuigh faoin aer is faoin spéir, ar muir is ar tír, i mbun spóirt is caitheamh aimsire de gach cineál.
ar chaithimh aimsire gan mhaith at useless pastimes
" Ní dhéanfadh sé rud ar bith a thabharfadh le fios go raibh sé tugtha do shaol an tsómais, nó go gcaithfeadh sé a chuid ama ar chaithimh aimsire gan mhaith.
ba é an caitheamh aimsire ba mhó a bhí acu it was their greatest pastime
" Is Iomaí Cor sa Saol ========== Anuas air sin, ba é an caitheamh aimsire ba mhó a bhí acu agus iad ina ngasúir ná iomrascáil, castaíocht nó coraíocht, iad i ngleic lena chéile ar urlár cré an tí nó taobh amuigh sa gharraí.
caitheamh aimsire náisiúnta a national pastime
" Is caitheamh aimsire náisiúnta in Éirinn é an féinbhreithniú.
caitheamh aimsire pastime
" **CMacS: Cén caitheamh aimsire atá agat agus cén chaoi a gcaitheann tú do shaoire?** AÓC: Leis an gceathrar clainne tógtha, tá mé in ann breis ama a chaitheamh ar rudaí a thaitníonn liom - an drámaíocht agus an ceol.
ghnáthchaitheamh aimsire usual pastimes
" Dá mbeadh brat sneachta nó sioc trom ar an talamh, bheadh sciáil, carr sleamhnáin, sleamhnú nó sciorradh, gan trácht ar chogadh liathróidí sneachta agus comórtais tógáil fhir sneachta, in áit an ghnáthchaitheamh aimsire.
ní raibh ann ach caitheamh aimsire it was just a pastime
" “Ní thiocfadh liom é a chreidiúint i ndáiríre, is breá liom gnóthaí pócair, níl mé á rá gur tháinig sé gan stró ach ní raibh ann ach caitheamh aimsire ag an tús.